MIONLÉIRMHEAS: Pribhléid dúinne é radharc a fháil ar na deasghnátha seo

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, taifead ar dheasghnátha ar fud an domhain

MIONLÉIRMHEAS: Pribhléid dúinne é radharc a fháil ar na deasghnátha seo

[Infobox]Ritual
David Katzenstein
(Hirmer Verlag)[/Infobox]

Gheofá daoine áirithe agus is cuma sa sioc leo faoi dheasghnátha, deasghnátha creidimh agus eile. Daoine eile agus déarfaidís leat gur ceangal leis an am atá thart iad, lenár sinsir romhainn, nó ceangal leis an alltar, le nithe nach eol dúinn, atá i ndeasghnátha ár gcine.

Theastaigh ón ngrianghrafadóir David Katzenstein taifeadadh a dhéanamh ar dheasghnátha ar fud an domhain agus is pribhléid dúinne é radharc a fháil ar chuid acu sin.

Deasghnáth sa Bhútáin

Is féidir an leabhar aoibhinn seo (agus prionta), foilsithe ag Hirmer Verlag sa Ghearmáin, a ordú anseo.

Deasghnáth sa tSeineagál

Cimí Ealaíonta

 

Rang drumadóireachta sa halla gleacaíochta, Príosún Stáit Salinas Valley,

California. An teagascóir agus cime i mbun damhsa.

[/infobox]EX CRUCIBLE: The Passion of Incarcerated Artists
Grianghraif agus téacsanna le Peter Merts
Ábhar breise le Annie Buckley, Rahsaan “New York” Thomas, Kevin D. Sawyer agus Michael Kirchoff. Foilsithe ag Daylight
Clúdach crua ISBN-13:  9781954119123
136 lch, 86 Grianghraf Daite
8″ x 10 ”
Luach: $45[/infobox]

Is tionscadal é seo a ghealfadh do chroí. Chaith Peter Merts breis is cúig bliana déag ag glacadh grianghraf de ranganna ealaíne i ngach ceann de na 36 príosún stáit atá acu i gCalifornia. Níor shamhlaíos ar feadh soicind go raibh an oiread sin príosún acu i gCalifornia amháin. D’fhéadfaimis go léir príosún amháin díobh acu a ainmniú ar an toirt, San Quentin ar chan Johnny Cash faoi:

Rang ealaíne in San Quentin

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Pribhléid dúinne é radharc a fháil ar na deasghnátha seo'