MIONLÉIRMHEAS: An sábhálfaidh an ealaín an domhan?

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, tírdhreacha mar phictiúir theibí

Extraction / Abstraction
Grianghraif le Edward Burtynsky
Foilsithe ag Steidl, 2024
Lch 240 Toisí: 2×9¼”

Is é an staraí ealaíne Simon Schama a chuireann an cheist orainn sa leabhar seo, ‘An Sábhálfaidh an Ealaín an Domhan?’ Líníocht, péintéireacht agus dealbhóireacht an príomh-shainmhíniú ar ealaín a thugtar san Fhoclóir Póca ach tá páirt chomh beag sin ag na healaíona i saol na Gaeilge go bhfuil cuma áiféiseach ar cheist Schama. Luann foclóir Oxford an ceol agus an rince mar chuid den phríomh-shainmhíniú ar an bhfocal ‘ealaín’.

Tá suíomh gréasáin an-bhreá ag Burtynsky a léiríonn tírdhreacha dá chuid mar phictiúir theibí.

https://www.edwardburtynsky.com/

Dabhach Nahargarh, Jaipur, An India

 

Ré na fóillíochta

An rás 100m san Aithin, 1896.

Tháinig an ghrianghrafadóireacht spóirt chun cinn ag deireadh an naoú haois déag, is é sin ag tús ré na fóillíochta nuair a bhí níos mó ama ag daoine chun imeachtaí spóirt agus caithimh aimsire nach iad a leanúint. Meiriceánach darbh ainm James Connolly (!) a bhuaigh na trí léim sna Cluichí Oilimpeacha nua, mac le himircigh as Éirinn.

Caiteoir teisce san Aithin. 1896

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: An sábhálfaidh an ealaín an domhan?'