MEASCÁN MEARAÍ: Cuir in Ord

GAEILGE NA hARDTEISTE: Meascán mearaí de ghníomhaíochtaí difriúla: pictiúir aisteacha, comhráite le bearnaí, scéalta bleachtaireachta srl. Déanta go speisialta don fhoghlaimeoir. Ábhar spraoi agus oideachais in éineacht

MEASCÁN MEARAÍ: Cuir in Ord
  • Thíos tá cuid d’alt nuachta ó Tuairisc.ie. Níl sé san ord ceart. Ag obair le do pháirtí déan iarracht teacht ar an ord ceart.
  • Is féidir an freagra a fháil thíos mar aon le nasc chuig an leagan bunaidh.

Tá an scannán Gaeilge Arracht roghnaithe le dul in iomaíocht ar son na hÉireann do na gradaim Oscar

  • Tugadh moladh ar leith don aisteoir Gaeltachta Dónall Ó Héalaí, atá i gceann de phríomhpháirteanna an scéinséara, as a thaispeántas “iontach agus tochtmhar”.
  • ar an ngearrliosta d’ainmniúcháin na ngradam a bheidh ar siúl mí Aibreáin seo chugainn in Los Angeles.
  • Agus a rogha á fógairt acu, mhol lucht IFTA scannán “suaithinseach” Tom O’Sullivan agus cineamatagrafaíocht “chumhachtach” Kate McCullough. 
  • Tá an scannán Gaeilge Arracht, scéinséir atá lonnaithe in iarthar na hÉireann le linn an Ghorta Mhóir, roghnaithe ag IFTA le dul in iomaíocht ar son na hÉireann do na gradaim Oscar i mbliana.
  • Dúirt stiúrthóir an scannáin Tom O’Sullivan go raibh “ríméad an domhain” air go raibh a scannán roghnaithe ag lucht IFTA chun dul san iomaíocht ar son na hÉireann.
  • Is é Arracht rogha IFTA don rannóg don scannán idirnáisiúnta is fearr agus beifear ag súil anois go n-éireoidh leis áit a bhaint amach
  • Scéal iascaire, a thugann dídean do strainséir ar iarratas an tsagairt áitiúil in aimsir an Ghorta Mhóir, is ábhar don scannán a bhfuil go leor duaiseanna agus léirmheasannna moltacha faighte cheana féin aige.
  • As na hAille in Indreabhán i nGaeltacht Chonamara do Dhónall Ó Héalaí.

Is féidir an leagan ceart a léamh anseo.

Fág freagra ar 'MEASCÁN MEARAÍ: Cuir in Ord'