McHugh ‘ag troid’ don ‘margadh is fearr don Ghaeilge’ sa Bhuiséad, ach amhras san fhreasúra go bhfuil an ‘cath’ á chailleadh aige

Deir urlabhraí Gaeilge Fhianna Fáil nach bhfuil an Rialtas ag cloí le Clár an Rialtais ná leis an socrú muiníne agus soláthair fad is a bhaineann sé le maoiniú chiste na Gaeilge agus na Gaeltachta

McHugh ‘ag troid’ don ‘margadh is fearr don Ghaeilge’ sa Bhuiséad, ach amhras san fhreasúra go bhfuil an ‘cath’ á chailleadh aige

Deir Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go mbeidh sé “ag troid” chun “an margadh is fearr a fháil don Ghaeilge” i mBuiséad 2019, ach deir urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil go bhfuil ‘an cath’ a chailleadh ag McHugh.

D’fhiafraigh an Teachta Dála Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta sa Dáil an tseachtain seo an bhfuil sé i gceist cloí leis an ngealltanas atá i gClár an Rialtais “agus breis airgid a chur ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht do 2019”.

Mar fhreagra ar an gceist sin, dúirt Joe McHugh gur éirigh leis “soláthar breise” a fháil don Ghaeilge le linn phróiseas na meastachán anuraidh agus go mbeadh sé ag “ag troid” ar mhaithe leis “an margadh is fearr” a fháil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht arís i mbliana.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, mhaígh Éamon Ó Cuív nach mbeadh “aon Aire nó roinn eile” ag maíomh “as an méadú beag” a fuair Roinn na Gaeltachta i mBuiséad 2018 agus go bhféadfadh fiú gur laghdú a bheadh i gceist le caiteachas na bliana seo ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta de réir na meastachán forlíontach.

“Mura gcaithfear airgead aisteach idir seo agus deireadh na bliana, is cosúil gur níos lú caiteachais a bheidh déanta ag Roinn na Gaeltachta in 2018 le hais 2017,” a dúirt an t-iar-aire Gaeltachta agus Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív.

Chuir Ó Cuív i leith an Aire Stáit agus an Rialtais nach rabhthas ag cloí le Clár an Rialtais ná leis an socrú muiníne agus soláthair le Fianna Fáil fad is a bhaineann sé le maoiniú chiste na Gaeilge agus na Gaeltachta.

“Mar urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta, tá mé thar a bheith míshásta nach bhfuil an Rialtas ag cloí le spiorad an chomhaontaithe atá againn leo ina bhfuil sé intuigthe go ndéanfaí ardú substaintiúil ar an gcaiteachas ar chúrsaí Gaeilge, Gaeltachta agus oileán.  Ní bheadh aon roinn ná aire eile ag maíomh gur méadú substaintiúil atá sa mhéadú beag sa chiste atá faighte acu,” a dúirt Éamon Ó Cuív.

Deirtear sa socrú soláthair agus muiníne idir Fine Gael agus Fianna Fáil go ndéanfar “an infheistíocht sa Ghaeilge a mhéadú”.

€62.6 milliún a cuireadh ar fáil don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin sa Bhuiséad anuraidh, méadú €1.9 milliún, nó 3%, ar bhuiséad 2017.

€178 milliún, as seo go ceann deich mbliana, atá geallta sa Phlean Forbartha Náisiúnta don Ghaeltacht, don Ghaeilge agus do na hoileáin.

Maíodh i dtuarascáil a foilsíodh níos luaithe i mbliana nach “fíormhéadú” atá i gceist leis an mbuiséad atá geallta don Ghaeltacht, don Ghaeilge agus do na hoileáin.

De réir na tuarascála a d’fhoilsigh an grúpa Teacht Aniar, bhí an buiséad caipitil a bhí ag Roinn na Gaeltachta a dhá oiread níos mó le linn na tréimhse 20 bliain idir 2006-2017 ná mar atá an buiséad atá geallta dóibh don tréimhse 10 mbliana amach romhainn.

Fág freagra ar 'McHugh ‘ag troid’ don ‘margadh is fearr don Ghaeilge’ sa Bhuiséad, ach amhras san fhreasúra go bhfuil an ‘cath’ á chailleadh aige'