Marine Le Pen ciontaithe as cúbláil, cosc cúig bliana curtha uirthi seasamh d’oifig phoiblí

Is í ceannaire an Rassemblement National atá chun cinn faoi láthair sna pobalbhreitheanna do thoghchán uachtaránachta 2027

Marine Le Pen ciontaithe as cúbláil, cosc cúig bliana curtha uirthi seasamh d’oifig phoiblí

Tá Marine Le Pen, ceannaire na heite fíordheise sa Fhrainc, ciontaithe as maoiniú de chuid an Aontais Eorpaigh a chúbláil ar mhaithe lena páirtí féin.

Tá cosc cúig bliana curtha ar Le Pen seasamh d’oifig phoiblí. Dá bharr sin, ní bheidh cead ag ceannaire an Rassemblement National, seasamh i dtoghchán uachtaránachta na Fraince in 2027.

Gearradh ceithre bliana príosúin uirthi chomh maith agus cuireadh dhá bhliain den phianbhreith sin ar fionraí. Ní fios go fóill an gcaithfidh Le Pen aon am i bpríosúin.

Is í atá chun cinn sna pobalbhreitheanna faoin toghchán sin faoi láthair.

Fuarthas ciontach sa chúirt i bPáras Le Pen agus 24 duine sinsearach eile sa Rassemblement National as airgead de chuid an AE a chúbláil, ní dóibh féin ach ar mhaithe lena bpáirtí.

Dúirt an Breitheamh Bénédicte de Perthuis: “Tá sé cruthaithe gurbh amhlaidh go raibh na daoine seo go léir ag obair dá bpáirtí le fírinne agus nár leag na reachtóirí [na feisirí parlaiminte san AE a raibh siad ag obair dóibh] aon chúram orthu.”

“Léirigh na fiosrúcháin chomh maith nach botúin riaracháin a bhí anseo –ach cúbláil laistigh de chóras a cuireadh in áit le costais an pháirtí a laghdú.”

Dúradh gur thángthas san fhiosrúchán ar 40 conradh bréige a raibh €4.6 milliún san iomlán ag baint leo thar thréimhse 12 bliain.

Dúirt lucht an ionchúisimh an bhliain seo caite nár leor fíneáil €300,000 agus téarma sa phríosúin do Le Pen agus go gcaithfí cosc cúig bliana a chur uirthi seasamh d’oifig phoiblí chomh maith.

Dúradh gur chóir go gcuirfí tús leis an gcosc láithreach agus nár cheart é a chur ar fionraí fad is a bheadh achomharc ar bun ag Le Pen.

Sa chás sin bheadh cead ag Le Pen seasamh don uachtaránacht in 2027 dá mbeadh achomharc ar siúl aici.

Le linn na trialach anuraidh, mhaígh Le Pen nach ndearna sí aon rud as bealach in aon chor.

Sa chúirt inniu mar chomhartha easaontais, chroith sí a ceann go minic agus í ag éisteacht leis an mbreitheamh de Perthuis. D’fhág sí an chúirt sula raibh an breitheamh críochnaithe le fógairt na pianbhreithe.

Fág freagra ar 'Marine Le Pen ciontaithe as cúbláil, cosc cúig bliana curtha uirthi seasamh d’oifig phoiblí'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Dá mbeadh sí i Meiriceá agus toghchán na hUachtaránachta a ghnóthú, bheadh a cuid peacaí maite is ní chaithfeadh sí oiread is uair an chloig sa gcarcair! A fo pen bid pont!

  • Siob

    Scéal bréige ficseanúil chun údar a thabhairt dóibh leanúint ar aghaidh le Macron nó duine eile dá shórt i gcumhacht.

  • An Teanga Bheo

    Tag a cuireadh ar Nicholas Sorkozy píosa o shin