Maoiniú €2m curtha ar fáil le haghaidh teagasc na Gaeilge in ollscoileanna san Eoraip

Tá súil ag an Aire Dara Calleary “dea-thoil i leith na Gaeilge” a chothú agus a chur chun cinn taobh amuigh den stát leis an maoiniú

Maoiniú €2m curtha ar fáil le haghaidh teagasc na Gaeilge in ollscoileanna san Eoraip

Tá beagán faoi bhun €2,000,000 ceadaithe ag Aire na Gaeltachta Dara Calleary leis an nGaeilge a theagasc in ollscoileanna ar mhór-roinn na hEorpa agus sa Bhreatain. Bronnfar an t-airgead ar 23 ollscoil, ar a laghad, ar fud na hEorpa idir na blianta acadúla 2025/26 agus 2027/28.

Tá súil ag an Aire Calleary “dea-thoil i leith na Gaeilge” a chothú agus a chur chun cinn taobh amuigh den stát leis an maoiniú seo agus “ardán a chur fáil ionas gur féidir teacht ar an nGaeilge agus í a chur chun tosaigh mar theanga idirnáisiúnta”.

“Tá mé thar a bheith bródúil go bhfuil mo Roinn in ann maoiniú trí bliana a fhógairt inniu do theagasc na Gaeilge in ollscoileanna san Eoraip faoin gCiste Tríú Leibhéal Thar Lear 2025-2028. Sna trí bliana acadúla amach romhainn, leanfaidh an scéim seo ar aghaidh ag ceiliúradh agus ag spreagadh úsáid na Gaeilge in ollscoileanna sa Ríocht Aontaithe agus ar Mhór-Roinn na hEorpa.

“Is dea-scéala é go bhfuil 23 iarratas faighte ag mo Roinn cheana féin i dtaca leis an scéim seo agus táim ag súil go gcuirfidh tuilleadh ollscoileanna fós isteach ar an scéim amach anseo,” a dúirt sé.

Tá méadú 20% tagtha ar an gciste maoinithe ó reáchtáladh go deireanach é idir 2022 agus 2025. Bronnadh an t-airgead an uair sin ar fhiche ollscoil in Albain, sa Bhreatain Bheag, sa Fhrainc, sa Ghearmáin, san Ostair, sa Pholainn, i Sasana, sa tSeicia, sa tSlóvaic, agus sa tSualainn.

Ar na hollscoileanna a fuair maoiniú faoin scéim cheana, tá cuid de na hinstitiúidí is mó a luaitear leis an nGaeilge agus na teangacha Ceilteacha san Eoraip agus sa Bhreatain: leithéidí Ollscoil Aberystwyth, Coláiste na nGael i bPáras, Ollscoil Uppsala, Ollscoil Dhún Éideann, agus Ollscoil Leipzig.

Clúdaítear leis an deontais na costais tuarastail agus riaracháin a bhaineann le cúrsaí tríú leibhéal Gaeilge chomh maith le 80% de na costais a bhíonn ar na mic léinn féin chun freastal ar chúrsa teanga agus cultúir i nGaeltacht na hÉireann sa samhradh. Is as pócaí na mac léinn a thagann an 20% eile den chostas sin.

Agus na hiarratais ó na hollscoileanna thar lear á meas ag an Roinn cuirfear san áireamh taithí na hollscoile ar chúrsaí Gaeilge a sholáthar agus an chaoi a gcuirtear an Ghaeilge chun cinn “go ginearálta” san ollscoil; an méid airgid atá an cúrsa a fháil ó fhoinsí eile; an chreidiúint a bhainfidh na mic léinn amach tar éis an chúrsa; agus plean gnó an chúrsa.

Ní hionann an ciste seo agus na cistí a chuirtear ar fáil d’ollscoileanna i Meiriceá agus i gCeanada. Is tríd na scéimeanna Fulbright agus ICUF a thacaíonn rialtas na hÉireann le hollscoileanna i Meiriceá Thuaidh an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá amhras caite le deireanas ar a bhfuil i ndán don scéim Fulbright go háirithe i bhfianaise na n-athruithe móra atá curtha i bhfeidhm ag Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Donald Trump ar mhaoiniú na n-institiúidí ardoideachais sa tír sin ó insealbhaíodh ina uachtarán den dara huair é ag tús na bliana seo.

Fág freagra ar 'Maoiniú €2m curtha ar fáil le haghaidh teagasc na Gaeilge in ollscoileanna san Eoraip'