Maoiniú €120,000 curtha ar fáil chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gCLG na Mumhan

Is í Aedín Ní Bhriain atá ceaptha mar oifigeach forbartha Gaeilge ag CLG na Mumhan

Maoiniú €120,000 curtha ar fáil chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gCLG na Mumhan

Jamie Ó Tuama, Oifigeach Gaeilge CLG, Colm Ó hArgáin agus Seán Ó Coinn ó Fhoras na Gaeilge, Kieran Leddy ó Chomhairle na Mumhan CLG agus Aedín Ní Bhriain, Oifigeach Forbartha Gaeiige CLG na Mumhan ag Áras na Mumhan. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Tá €120,000 le cur ar fáil ag Foras na Gaeilge do CLG na Mumhan chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc lucht Chumann Lúthchleas Gael an chúige.

Fógraíodh inniu comhpháirtíocht trí bliana idir an Foras agus CLG na Mumhan agus oifigeach forbartha Gaeilge lán-aimseartha le fostú chun an tionscadal a chur i bhfeidhm.

Díreoidh an tionscadal forbartha ar thrí spriocghrúpa – lucht na scoileanna, daoine a bhíonn i mbun imeachtaí pobail agus daoine atá ag plé le hobair óige.

Díreofar, a dúradh, ar dheiseanna a chur ar fáil do dhaoine Gaeilge a labhairt i gclubanna agus ag cluichí móra agus réigiúnacha. Tabharfar deis d’fhoireann agus do bhaill choistí CLG na Mumhan an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid agus do bhaill CLG sa chúige an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid, a dúradh.

Is í Aedín Ní Bhriain atá ceaptha mar oifigeach forbartha Gaeilge ag CLG na Mumhan as seo go dtí Márta 2026 agus é i gceist ag CLG na Mumhan úsáid na Gaeilge a neartú.

“Tá lúcháir orainn a bheith i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge sa tionscnamh seo, a chuirfidh go mór, tá súil againn, le cur chun cinn na Gaeilge in aonaid CLG ar fud na Mumhan,” a dúirt Ger Ryan, Cathaoirleach CLG na Mumhan. “Tá lúcháir orainn freisin fáilte a chur roimh Aedín Ní Bhriain teacht ar bord. Tugann Aedín léi chuig CLG na Mumhan an-taithí go deo ag cur chun cinn na Gaeilge, agus molaim dár n-aonaid go léir tairbhe a bhaint as an taithí seo agus a bheith gníomhach maidir le cur chun cinn na Gaeilge.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Seán Ó Coinn:

“Chuir Foras na Gaeilge tús le tionscadal comhpháirtíochta den chineál seo den chéad uair le CLG Uladh in 2018. D’eascair torthaí suntasacha agus fadtéarmacha ón chomhpháirtíocht idir 2018 agus 2022 nuair a forbraíodh clár cuimsitheach teagaisc agus oiliúna do chlubanna, traenálaithe agus oifigigh araon.

“Ó tharla go bhfuil 475 club i gCúige Mumhan agus go bhfreastalaíonn breis agus 400,000 duine ar chluichí CLG sa Mhumhain gach bliain, tá deis luachmhar againn an Ghaeilge a neartú i gcroílár an phobail, i bparóistí agus i mbailte na Mumhan tríd an tionscadal seo.”

Dúirt urlabhraí de chuid Fhoras na Gaeilge le Tuairisc nach raibh aon phlean ann faoi láthair maoiniú a chur ar fáil chun oifigigh forbartha Gaeilge a fhostú i gCLG Chonnacht agus Laighean.

“Níl aon obair nó plé déanta ag an bpointe seo ach beimid ag iarraidh tógáil ar a bhfuil bainte amach le Cúige Uladh agus Cúige Mumhan sna blianta atá romhainn,” a dúradh.

Fág freagra ar 'Maoiniú €120,000 curtha ar fáil chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gCLG na Mumhan'

  • Seán Fennell

    Thar barr agus thar am, ar bhonn béalghrá, cuireann CLG i gcéill maidir le cur chun cinn na Gaeilge. Ar bhonn praiticiúil, úsáid dathanna na gcártaí i nGaeilge amháin, is ionann cárta buí agus cárta buí, cuir sa chaint é!!

    cuir téarmaíocht an chluiche chun cinn as Gaeilge, níl seo deacair nó dúshlánach, tá na téarmaí i mbéal an phobail, ach thar a bheith indéanta, mar shampla,
    réiteoir, bainisteoir, cúl, cúilín, ar foráil, cúl báire. Caithfear úsáid a bhaint as seo sa chéad dul síos, ansin ainmneacha na gcontaethe i nGaeilge amháin.

    Is í an tSeapáinis an modh cumarsáide i Ju Jitsiu agus an Phortaingéilis an modh oibre i Ju Jitsiu na Brasáile!!!