‘Mamaí, tá sé ag déanamh gaisce arís!’ 

Ní hí ár gcolúnaí an duine is fearr le comhairle a chur ar éinne maidir le rásaí a rith…

‘Mamaí, tá sé ag déanamh gaisce arís!’ 

‘Ach, arbh fhiú tada é?’ a d’fhógair Beainín na Naíonáin Bheaga agus í in ísle brí théis lá na rásaí. ‘Rith mé rása na spúnóige, rása an mhála, rása na dtrí gcos agus chuile rása eile a bhí ann agus tá mé beagnach maraithe, is níl oiread agus medal amháin agam!’

‘Clinc, clinc, clinc’, a chuala mé ar mo chúl. Bhreathnaigh mé timpeall is chonaic mé an Babaí, na pitseámaí air agus na boinn a bhí buaite aige sna rásaí an lá sin crochta thart ar a mhuineál aige ar ribíní dearga agus iad ag bualadh ina aghaidh a chéile agus é ag siúl. ‘Bhuaigh mise cúpla medal,’ a dúirt sé. 

‘Tá’s againn gur bhuaigh tú iad!’ a dúirt Beainín na Naíonáin Bheaga agus í céasta ar feadh an lae ag clinceáil na mbonn. ‘Mamaí, tá sé ag déanamh gaisce arís!’ 

‘Ara, níl a fhios a’m an gaisce atá á dhéanamh aige, fág aige ruainne ceiliúradh a dhéanamh,’ a dúirt mé.

‘Le cúnamh Dé, beidh tú féin ag ceiliúradh an bhliain seo chugainn.’ 

Ní mé an duine ab fhearr le comhairle a chur ar éinne maidir le rásaí a rith, ós rud é nach raibh sé de mhisneach agam féin oiread is rása amháin a rith. Is ar mhaithe leo a bhí mé dháiríre, ní raibh mé ag iarraidh náire a tharraingt orthu agus iad i dtús a saoil (ní fios cén dochar a dhéanfadh sé dóibh go fadtéarmach).

‘Rása na Mamaithe!’ a chuala mé bean an liosta a fhógairt. ‘Ó Íosa Críost!’ a dúirt mé. ‘Caithfidh mé éalú.’ 

Chuimhnigh mé go raibh rud éicint fíorthábhachtach, éigeantach, práinneach le déanamh agam thuas ag an teach agus chaithfinn imeacht ar an bpointe. 

Ní raibh Fear an Tí sách sciobtha ag na leithscéalta agus b’éigean dhó rása na nDadaithe a rith. Bhuel, ní rith ar fad a bhí ann, is sórt trí-atlan a bhí ann; rás na spúnóige, rás ráibe agus rás an phortáin (níl mé baileach cinnte céard é sin). 

Rith Beainín na Naíonáin Bheaga, an Cailín Mór Beag agus An Babaí anonn go dtí an sprioclíne agus rug siad barróg mhór air nuair a rith sé thairsti. ‘Bhí tú ag déanamh go maith Daidí, go dtí rás an phortáin!’ 

‘Ní raibh mise ag iarraidh aon rása a rith ar chor ar bith!’ a dúirt an Cailín Mór Beag am codlata. Bhí droim tugtha aici leis an iomaíocht ar fad, ar mo nós féin. 

Bhí sí éalaithe uainn ar an bpáirc imeartha is gan aon tásc uirthi, nuair a thug muid faoi deara go raibh cailín beag a bhí an-chosúil léi thall ag bord na mbonn agus í ag obair leis an mbean a bhí i bhfeighil an bhoird.

‘Ó! Ar libhse í seo?’ a deir bean an bhoird nuair a chuaigh muid anonn ag iarraidh í a bhailiú. ‘D’iarr sí jab orm.’ 

Fág freagra ar '‘Mamaí, tá sé ag déanamh gaisce arís!’ '