‘Mairim barraíocht san am i láthair’ 

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Tagann pointe i saol an scríbhneora gur chóir dó tosú ag smaoineamh faoin oidhreacht liteartha a fhágfaidh sé ina dhiaidh

‘Mairim barraíocht san am i láthair’ 

Bhí mo chara, an scríbhneoir is an síceolaí, ar cuairt an oíche cheana agus bhí sé míshocair ann féin. Bhí sé chomh corrthónach ar an tolg agus a bheadh cliant dá chuid féin sa seomra teiripe.

‘An bhfuil a fhios agat céard í an fhadhb?’ a dúirt sé i nglór piachánach, céasta. ‘Mairim barraíocht san am i láthair.’

Ní raibh a fhios agam go bhféadfaí a bheith beo san am i láthair barraíocht, agus bhí ionadh an domhain orm ráiteas mar sin a chloisteáil ó bhéal síceolaí, thar aon duine eile. A bheith beo san am i láthair, nach í sin an chomhairle a bhíonn ag a leithéidí dúinn i gcónaí?

‘Tá saol an mhadra bháin agam, ní hé sin atá ag cur as dom. Tá bean agam, tá árasán sa chathair agam agus carbhán a gcaithim an samhradh ann. Tá mo dhóthain oibre agam agus mar dhuine féinfhostaithe bím féin i gceannas ar mo chuid ama. Bím ag surfáil níos minice ná mar a bhím ag breathnú ar scáileán mo ríomhaire glúine agus má bhuaileann an fonn mé tugaim mo chlár surfála agus mo ríomhaire liom go dtí an tSile nó Srí Lanca agus bím ag surfáil agus ag obair ansin.

‘Ach mothaím go bhfuilim do mo ligean féin síos agus mé ag díriú oiread ar shult a bhaint as an am i láthair – seachas ar an am atá romham.’

Tá mo chara bliain amháin níos sine ná mise agus dhá mhí ó shin bhí sé 49; seans nach beag go bhfuil baint éigin aige sin lena mhíshuaimhneas. Ach oiread liom féin níl plean pinsin aige – ach cosúil liom féin agus go leor scríbhneoirí agus ealaíontóirí eile, níl sé i gceist aige éirí as an obair go deo, agus glacann leis go n-éireoidh leis an bplean sin.

Rud eile atá i gcoitinne againn ná nach bhfuil clann orainn (agus tá an t-ádh le mo chara: ní theastaíonn óna bhean páistí a bheith aici ach oiread.)

Ceann de na difríochtaí atá eadrainn, áfach, ná go mbímse ag plé le tograí scríbhneoireachta a bhfuil mo chroí istigh iontu agus go mbíonn seisean ag plé le tograí a íocann na billí ach a bhfuil an ghráin aige orthu: leabhair agus colúin i seánra na litríochta féinchabhrach.

Leabhair agus colúin, mar a d’admhódh sé féin ar an bpointe boise, a mheilfidh an t-am faoi láthair don léitheoir; cúpla nóiméad i seomra feithimh an fhiaclóra nó uair an chloig ar bord traenach. Ach ní saothair iad a mbeidh daoine fós ag caint orthu i gceann fiche nó caoga bliain.

‘Céard faoin leabhar úd faoi na caochphoill?’ a d’fhiafraigh mise de.

Blianta fada ó shin, thosaigh mo chara ar leabhar faoin bhfeiniméan síceolaíoch sin: an chaoi a mbíonn daoine dall go minic ar na lochtanna ina gcuid iompair féin, lochtanna a bhíonn soiléir go minic do dhaoine eile.

Ní hionann agus na saothair eile a scríobh sé, bhí a chroí istigh sa cheann sin; mhothaigh sé go raibh teachtaireacht thábhachtach aige, theastaigh uaidh an saol mór a chroitheadh as a chodladh.

Ach bliain nó dhó ó shin – na tograí sin a íocann na billí ag éileamh an iomarca ama, seans, nó b’fhéidir an tsurfáil – d’éirigh sé as a bheith ag obair ar an leabhar sin.

Las a shúile, agus ar feadh soicind nó dhó d’fhan sé socair ar an tolg.

‘Is ea, na caochphoill … b’fhéidir gur chóir dom tabhairt faoin leabhar sin arís.’

Tagann pointe éigin i saol an scríbhneora nuair a bhíonn an saol róghearr le bheith ag plé le leabhair nach bhfuil do chroí istigh iontu, dar liom.

Cinnte, tá saothar nó dhó scríofa agam féin a scríobh mé ar son an airgid seachas ar son an scéil agus b’fhéidir go bhfuil a leithéid togha nuair a bhíonn tú tríocha bliain d’aois, ach má bhíonn tú ag druidim leis an leathchéad, mar atá mé féin agus mo chara, tá sé in am tosú ag smaoineamh ar an oidhreacht liteartha a fhágfaidh tú i do dhiaidh – go háirithe mura mbíonn clann ort a choinneoidh do chuimhne beo tar éis do bháis.

Fág freagra ar '‘Mairim barraíocht san am i láthair’ '

  • Carraig53@protonmail.com

    Cén fáth go bhfuil sé tábhachtach go gcoinneofaí do chuimhne beo tar éis do bháis? Duit féin?