Mairg do na Glasaigh nó aon dream eile a thabharfadh dúléim?

Tháinig an Dáil le chéile tráthnóna inné agus gan aon chuimhneamh ar Thaoiseach a cheapadh ná rialtas nua a bhunú

Mairg do na Glasaigh nó aon dream eile a thabharfadh dúléim?

A bhuíochas don ghéarchéim dhomhanda sláinte, tá an próiseas maidir le rialtas a chur i dtoll a chéile sa tír ag tarlú gan bhrú, gan bhrí. Agus níl mórán dul chun cinn déanta ach oiread.

Tháinig an Dáil le chéile tráthnóna inné agus gan aon chuimhneamh ar Thaoiseach a cheapadh. Sin gan trácht ar na deacrachtaí praiticiúla ó thaobh spáis.

Má chuimhníonn muid siar go dtí an 9 Feabhra, nuair is beag trácht a bhí cloiste ag aon duine ar Covid-19, bhí a fhios againn an uair sin féin go raibh athrú suntasach tagtha ar pholaitíocht na tíre.

Ba léir go raibh droim láimhe tugtha ag pobal na tíre le seanréimeas nár thug mar rogha dúinn ach Fianna Fáil nó Fine Gael i mbun rialtais.

Ba léir go raibh sciar mór díobh siúd a chaith vóta sásta muinín a chur i Sinn Féin. Níorbh léir go raibh aon tuairim shoiléir ag an bpobal maidir le cén rialtas a theastaigh uathu.

Tá 11 seachtain imithe thart ó shin. Tá an domhan athraithe ó bhun ag paindéim dhomhanda a bhfuil na scórtha míle maraithe aici. Tá rialtas eatramhach ag feidhmiú agus ag feidhmiú go héifeachtach i dtráth géarchéime. Nach iomaí duine a bhfuil sé ráite acu liom le mí, ‘Nach beag a cheap mé go mbeinn ag moladh…?’.

Agus tá cainteanna rialtais ar siúl. An chéad chéim a bhí againn sa phróiseas sin ná diúltú Fhianna Fáil agus Fhine Gael do Shinn Féin. Ansin, ba léir nach n-éireodh le Sinn Féin comhghuaillíocht a chruinniú timpeall orthu féin. Céim a hAon thart. Céim a Dó ansin. Fianna Fáil agus Fine Gael ag faire a chéile. An raibh fonn cleamhnais orthu? Sa deireadh, go drogallach, ghéill siad nach raibh de rogha acu ach neamhaird a dhéanamh ar an naimhdeas agus an stair agus aghaidh a thabhairt a chéile. Tá sin déanta agus cáipéis réamhphósta aontaithe. Cáipéis atá cáinte as a bheith lochtach, gan treoir. Tá sí sin á meas anois ag na páirtithe beaga atá le mealladh – an Comhaontas Glas, na Daonlathaigh Shóisialta agus an Lucht Oibre.

Tá an chuma orthu sin ar fad go bhfuil drogall orthu dul in aontíos le Fianna Fáil agus Fine Gael, cé go m’bfhéidir go bhfuil athrú poirt de shórt ag an gComhaontas Glas. Tá soiléiriú lorgtha acu ó Fhianna Fáil agus Fine Gael maidir 17 ceist atá acu faoina gcomhcáipéis pholasaí. Caithfear, a dúirt na Glasaigh, soiléiriú a fháil ar na pointí sin go léir sula gcuirfí tús le cainteanna ar bith. Is deacair milleán a chur ar na páirtithe beaga mar scriostar a leithéid sna bothanna vótála nuair a bhíonn fonn díoltais ar an bpobal. Cinneadh nach ndéanfar gan dianmhachnamh a bheidh ann má thograíonn aon dream dul sa seans le Fianna Fáil agus Fine Gael.

Tá céimeanna an damhsa ag éirí níos casta ag an bpointe seo agus an chuma ar an bport nach bhfuil fonnmhar ina leith ach scata neamhspleách de dhathanna éagsúla. Níl siad sin ach i dtús na cainte, a deir siad. B’fhéidir go mbeadh Fianna Fáil agus Fine Gael buíoch astu i gceann roinnt seachtainí. Ar bhealach, is éasca, roinnt bóithre, ospidéal agus tionscnamh  réigiúnach a ghealladh ná fís nua ó thaobh na timpeallachta agus polasaí sláinte a bheachtú.

An mar sin a bheidh na seanchéilí comhraic sa deireadh, ag brath ar neamhspleáigh agus a mianta éagsúla?

Is lag na hiarrachtaí atá déanta acu aon dream a mhealladh go dtí seo.

Fág freagra ar 'Mairg do na Glasaigh nó aon dream eile a thabharfadh dúléim?'