Ma tá am le spáráil ag polaiteoirí caolseans gurb amhlaidh don tseirbhís sláinte

Cuireann cúram d’othair an Covid ualach trom ar na hospidéil mar go mbíonn gá le cleachtais speisialta chun scaipeadh na haicíde a sheachaint ach is baolach nach bhfuil aon teacht aniar fágtha sa chóras

Ma tá am le spáráil ag polaiteoirí caolseans gurb amhlaidh don tseirbhís sláinte

Táthar ag caint ar an ngéarchéim sa chóras sláinte i dTuaisceart Éireann chomh fada sin gur ar éigean a thugtar aird uirthi, í cosúil leis an gceol cúlra sin a bhíonn ar siúl i siopaí. É buan ach gan baint ar bith aige le hábhar go dtí go mbíonn sé ró-ard. Nó i gcás na seirbhíse sláinte go dtí go mbíonn sí ar tí titim as a chéile. Is fíor go bhfuil córais sláinte gach áit faoi bhrú de bharr na paindéime Covid-19 ach tá an scéal abhus ina phraiseach.

Bhí lále déanaí nuair a d’fhógair an t-ospidéal in Aontroim nach mbeadh sé in ann glacadh le hothar nua ar bith. Bhí sé ar tí éigeandáil nó ‘eachtra thromchúiseach’ a fhógairt. Baineann cinneadh dá leithéid go hiondúil leis an riachtanas foireann bhreise a fháil agus ospidéal a fhágáil ag déileáil, go heisiach, le tubaiste ollmhór a ghortaíonn nó a mharaíonn na sluaite. Bhí an brú in ospidéal Aontroma i bhfoisceacht céim amháin don éigeandáil a dúirt an bhainistíocht. 

Ar ámharaí an tsaoil bhí an t-ospidéal in ann na doirse a oscailt an oíche sin ach bhí coinníollacha an-dian ar othair agus ar fhoireann. Ní hamháin nach raibh leaba ar bith ar fáil d’othar, a dúirt bainisteoir aonaid ansin ach bhí an rannóg éigeandála chomh plódaithe sin nach raibh spás ag an bhfoireann le seasamh inti gan trácht ar othar nua a ghlacadh isteach. 

Bhí seomra a úsáidtear le haghaidh seirbhís speisialta do dhuine amháin, de ghnáth, lán go béal agus othar ag fanacht sé lá sula bhféadfaí é a aistriú chuig leaba. Mar bharr ar gach deacracht eile tá duine as gach cúigear den fhoireann as láthair, breoite nó ag aonrú – 600 ar fad as iontaobhas an tuaiscirt, Contae Aontroma ar fad.

Taca an ama chéanna rinne iontaobhais eile achainíocha ar mheáin shóisialta ag iarraidh ar oibrithe sláinte a theacht i gcabhair ar ospidéal Uladh in oirthear Bhéal Feirste agus ospidéal Allt Mhic Dhuibhleacháin i nDoire. 

D’iarr Iontaobhas Bhéal Feirste ar éinne a bhí in ospidéal ach biseach air/uirthi a dhul abhaile. Is minic a bhíonn daoine a bhfuil biseach orthu fós in ospidéal mar gheall ar easnaimh sna seirbhísí cúraim baile; tá ganntanas foirne san earnáil sin chomh maith.

Díol suntais é na hospidéil agus na seirbhísí baile a bheith i dtrioblóid mhór ag an am a bhfuil an brú ón bpaindéim Covid-19 in ainm is a bheith maolaithe. Cé go bhfuil na srianta scaoilte agus na húdaráis den bharúil nach bhfuil an t-athraitheach Omicron den víreas an-chontúirteach fuair daoine bás ón aicíd le seachtain anuas, bhí beagnach 400 othar sna hospidéil le Covid agus cúigear nó seisear in aonaid dianchúraim. 

Cuireann cúram d’othair an Covid ualach trom ar na hospidéil mar go mbíonn gá le cleachtais speisialta chun scaipeadh na haicíde a sheachaint ach is baolach nach bhfuil aon teacht aniar fágtha sa chóras. Dúirt an tAire Sláinte, Robin Swann, gur in olcas a ghabhfadh cúrsaí. Cháin fear an UUP titim an Fheidhmeannais agus easpa buiséid trí bliana agus dúirt gur sciob siad ón bpobal an seans chun leas a bhaint as seirbhís sláinte athchóirithe. 

Bhí súil go n-aontófaí buiséad trí bliana a cheadódh airgead mór don Roinn Sláinte a chuirfeadh ar a gcumas pleanáil fhadtéarmach a dhéanamh. Tá gá leis chun a dhul i ngleic le línte feithimh scanrúla agus i dtaca le hearcú agus oiliúint foirne. Sí comhairle na ndlíodóirí nach féidir buiséad a rith ó shiúil an DUP amach as an gCéad-Aireacht mar gur gnó don bhFeidhmeannas is ea é. Tá an tAire Swann ag impí ar airí bealach éicint a aimsiú chun an fhadhb sin a shárú ionas gur féidir tabhairt faoi leasú a bhí riachtanach blianta ó shin.

Foilsítear an staidreamh go rialta, cuirtear suim ar feadh tamaillín sna línte feithimh a bheith imithe thar dhuine as gach seisear nó gach cúigear ach ansin déantar neamhshuim murar duine de na daoine atá i bpian tú. Liosta le háireamh iad na tuairiscí ó shaineolaithe a mhol athchóiriú ar an gcóras sláinte gan faic a bheith déanta. Tugadh tosaíocht don ngnó nuair a athbhunaíodh Stormont dhá bhliain ó shin ach tháinig an phaindéim salach air sin. Anois agus an phaindéim chóir a bheith thart, má tá, tá Stormont ar leathchois agus amhras mór ann an mbunófar go haibéil é i ndiaidh an toghcháin sa Bhealtaine.

Ma tá am le spáráil ag polaiteoirí caolseans gurb amhlaidh don tseirbhís sláinte. 

Fág freagra ar 'Ma tá am le spáráil ag polaiteoirí caolseans gurb amhlaidh don tseirbhís sláinte'