Torann an bhonnáin a chuir deireadh leis an imirt sna cluichí peile i gCraobh Shinsir na hÉireann a craoladh ar an teilifís an séasúr seo. Tríd is tríd is beag de chlamhsán a chuala mé ina thaobh sin.
Beidh le feiceáil céard atá i ndán dó nuair a thiocfas Comhdháil Speisialta CLG le chéile i Loch Garman an Satharn is túisce de Dheireadh Fómhair.
Mheasfá go mbeidh formhór na dteachtaí ansiúd sásta leis, mar atá siad le cuid mhaith de na moltaí a chuir Jim Gavin agus a choiste chun cinn agus iad ag iarraidh an loinnir a chur arís sa bpeil Ghaelach.
Tá baint nach beag ag an sonas sin leis an gcaoi a leigheasadh aon fhabhtaí a bhí sna hathruithe go pras.
Triaileadh an bonnán i roinnt cluichí sa Sraithchomórtas Náisiúnta san earrach seo caite. Ar cheann acu bhí cluiche i Roinn 2 idir an Iarmhí agus contae na Mí ar an Muileann gCearr. Ansiúd cheap na buaiteoirí an bua a bheith goidte acu de bharr an chúil a scóráil siad ar bhuille na huaire agus iad ar comhscór ag an am. Rialaigh an réiteoir gur shéid an bonnán díreach ag an am ceannann céanna ar theagmhaigh bróg Conor Duke leis an liathróid agus go raibh an chreach le roinnt eatarthu beirt.
Níorbh fhiú sifín ar tharraing sé de chaint, ach in imeacht cúpla lá bhí an riail athraithe agus d’fhág an leagan nua nach raibh deireadh na himeartha sroichte go dtiocfadh an pheil as an imirt, fiú agus an bonnán séidte. Nach iad Ciarraí a bhí sásta leis sin agus na 35 nóiméad caite sa gcéad leath de Chluiche Ceannais Peile 2025 – níor dhochar dóibh tréaslú le Duke!
Féach na mná a bheith chun cinn ar na fir le fada an lá ar an bpointe áirithe seo. Tá siadsan ag úsáid an bhonnáin le hos cionn scór bliain. Bheadh dáimh freisin agam leis an gcaoi a gcomhaireann siadsan an t-am – an clog ag inseacht cé mhéad de a bhíonn fanta, seachas a bhfuil caite.
Ós ag caint ar na cúrsaí sin mé, is maith an t-achar de bhlianta anois ó bhain Cumann Lúthchleas Gael an triail ba thúisce a facthas le teacht ar bhealach níos éifeachtaí ná a bhí acu le cuntas a choinneáil ar an am.
Bheadh cuid mhaith agaibh nár chuala trácht ariamh ar ‘Clog Bogue’. Níor chuala ná mise gur thug mé cuairt ar Pháirc na nGael i Nua-Eabhrac roinnt mhaith blianta ó shin. Ba é a bhí á úsáid ansiúd agus mura bhfuil mé ag dul amú, tá sé ann i gcónaí.
Ba as Droichead Átha do Maurice Bogue áit a raibh stór agus muileann adhmaid ag a mhuintir ansiúd. Corcaíoch ó dhúchas ab ea a athair agus chothaigh seisean suim sna Cluichí Gaelacha ina chlann. D’imir Maurice le Eoghan Rua agus bhí ar iomána chontae Lú i dtús na 1940idí.
Bhí an-spéis i cónaí aigeasean i gcúrsaí meicniúla. Cháiligh sé mar oifigeach raidió, d’oibrigh ar bhord loinge agus nuair a osclaíodh Aerfort Rinn Eanaigh ar an tSionainn, bhí ar dhuine de na riarthóirí aerthráchta ba thúisce a fostaíodh ann.
Fiú nuair ar chuaigh sé i mbun mhuileann adhmaid a mhuintire, ní raibh rud ab fhearr le Muiris ná a bheith ag tincéireacht thart le trealamh agus le gairis mheicniúla.
Ós rud é go raibh an pheil Ghaelach agus an iománaíocht chomh gar sin dá chroí, chuir sé roimhe clog a chur ina chéile a bheadh déanta d’aon turas le ham a chur ar chluichí díobh siúd.
Is mar sin a tháinig ‘Clog Bogue’ ar an saol.
Go bunúsach b’ionann é agus stop-uaireadóir mór – ach go raibh dhá bhonnán air seo. Bhíothas in ann an clog a stopadh nuair a bheadh an imirt stadta agus é a chur sa tsiúl ar atosaí. Shéidfí na bonnáin ag lán agus ag leath ama.
Ar an 8 Bealtaine 1938 a facthas ag obair den chéad uair é ag cluiche peile idir contae Lú agus Maigh Eo i mbaile dúchais an té a cheap é. Bhí a raibh i láthair thar a bheith tógtha leis.
Níos deireanaí an bhliain sin thaistil Maurice go Leitir Ceanainn leis an gclog, áit ar imir peileadóirí Lú agus Dhún na nGall a chéile agus iománaithe Chorcaí agus Átha Cliath. ‘Mr. Bogue of Dundalk (sic), the inventor was present and personally operated the Bogue Clock, which timed the games to the precision of a second’ a thuairisc an Donegal News ar an 24 Meán Fómhair 1938.
Faoin tráth sin bhí Maurice Bogue ag taisteal na tíre ar chuireadh ó choistí cúige, contae agus clubanna a bhí ag iarraidh a chlog a fheiceáil i mbun oibre.
Ba chluiche sa tSraith Náisiúnta idir contae na Mí agus Lú ar an Uaimh faoi Shamhain 1938 a facthas in úsáid don chéad uair é i gComórtas Náisiúnta. An bhliain dár gcionn chuir na contaetha sin, mar aon leis an gClár, rún os comhair na Comhdhála Náisiúnta ag iarraidh go mbainfí úsáid as ag chuile chluiche ceannais cúige mar aon le Cluiche Ceannais na hÉireann.
Diúltaíodh dó.
Ó thráth go chéile as sin go ceann deich mbliana a úsáideadh ‘Clog Bogue’. Fiú gur déanadh ceann mar é ar leictreachas a chuir ag obair é, ach aon uair ar tháinig moladh os comhair na Comhdhála glacadh leis mar riail, diúltaíodh dó. Chuaigh an taibhseacht a bhain leis i léig de réir a chéile.
An argóint ba mhó a bhíodh ina choinne, nach mbíodh am an chloig agus an t-am a bhí ar uaireadóir an réiteora ag teacht le céile agus nach i gcónaí a bhíodh seisean, na himreoirí ná an lucht féachana in ann an bonnán a chloisteáil.
D’fhéadfaí an rud ceannann céanna a rá faoin gcluiche ar an Muileann gCearr san earrach seo caite.
Ní raibh fuacht ná faitíos ar Maurice Bogue tabhairt fúthu siúd a chaith amhras ar an ngaireas a chruthaigh sé. Ba mhinic a scríobh sé chuig na nuachtáin á bhfreagairt.
Éagóir mar sin féin a bheadh ann a ndearna sé a ligean i ndearmad. Dá mbeadh deiseanna teicneolaíochta an lae inniu aige, is é is dóigh gur i nGleann Sileacain a leagfadh sé a chloigeann ar an bpiliúr agus nach mbeadh blúire den mhin sáibh air sin féin nuair a dhúiseodh sé.
 
  
  
  
  
  
  
  
  
  
  
  
  
  
  
  
  
        
     
  
  
  
  
         
         
         
                            
                         
                            
                         
                            
                         
                            
                         
                            
                         
 
 
  
  
 
 
 
 
 
                        
                     
                        
                     
                        
                     
                        
                     
                        
                     
                        
                     
                        
                     
                        
                     
                        
                     
  
 
Fág freagra ar 'Má tá am agat, is fiú éisteacht le scéal ‘Clog Bogue’…'