Lorg an duine ar an tír á scagadh i dtaispeántas ealaíne nua i Maigh Eo

Rian an duine ar a áit is ábhar do phéintéireacht, priontaí agus físealaín Pamela de Brí, cainteoir líofa Gaeilge as Cill Dara

Lorg an duine ar an tír á scagadh i dtaispeántas ealaíne nua i Maigh Eo

Deirtí riamh gur beag an rud is buaine ná an duine ach má imíonn an duine féin fágann sé a lorg ar an saol agus ar an tírdhreach.

Tá daoine ina gcónaí i Maigh Eo le breis is 10,000 bliain agus is iomaí athrú a tháinig ar a saol, ar an talamh agus ar a slí mhaireachtála san achar sin.

Sa taispeántas ‘Ionadú’ a bheidh le feiceáil in Áras Inis Gluaire i mBéal an Mhuirthead óna 4.00 pm inniu ar aghaidh, léiríonn an t-ealaíontóir Pamela de Brí an síorathrú agus an síor-oiriúnú sin trína saothar ealaíne.

Breathnaíonn sí ar théamaí a bhaineann le háit – an talamh, an baile, an láthair agus an chaoi a gcuireann an duine gach gné den saol agus den timpeallacht in oiriúint dá shaol féin.

Deir Pamela de Brí gur fhág gach glúin a lorg féin ar an tírdhreach, bíodh sin sna struchtúir a thóg siad nó na huirlisí agus na meicníochtaí ar bhain siad leas astu tráth sular aimsíodar bealach nua éigin eile.

Marcanna iad na hiarsmaí, na híomhánna agus na struchtúir sin a léiríonn an t-éabhlóidiú agus an síor-athrú ar ailtireacht dhúchasach na háite.

Agus ní thiocfaidh deireadh go deo leis an athrú sin – nós, cleachtas agus stíl ag imeacht agus ceann eile ag teacht ina áit ag feiliúint do shaol an lae sin.

Sna marcanna sin a fheiceann an t-ealaíontóir de Brí “cuimhne an chultúir agus na sochaí”.

An pobal ag síorathrú, ag ceartú agus ag cruthú leaganacha nua de féin – sin an t-ionadú ar a bhfuil an taispeántas seo bunaithe.

Deir an t-ealaíontóir gur sainchomhartha den tsochaí sin gach marc – bíodh sin beag nó mór, suarach nó áirgiúil, feirm ghaoithe nó scioból feirme, siopa nó caifé beir leat.

Tá Pamela de Brí ag obair ar an tionscadal seo le ceithre bliana ach ar nós chuile ealaíontóir eile sa tír chuir cúrsaí sláinte agus paindéime srianta áirithe ar an obair.

Tá péintéireacht, priontaí agus físealaín sa taispeántas seo a ndearna Claire Halpin coimeádú air.

Aon duine a chonaic an taispeántas ilmheán iontach eile a bhí ag Pamela de Brí in 2015 faoi na daoine ar fad a chónaigh cois iarnród an Midland Great Western ó Bhaile Átha Cliath siar go hAcaill, cosán agus stáisiúin thréigthe a thaistil sí ar a rothar, tuigfidh siad gur fiú an turas go Béal an Mhuirthead chun léamh an ealaíontóra ar an tírdhreach a fheiceáil.

Beidh an taispeántas ‘Ionadú’ ar siúl in Áras Inis Gluaire i mBéal an Mhuirthead as seo go dtí an 17 Meán Fómhair.

Gach eolas ag info@arasinisgluaire.ie

Fág freagra ar 'Lorg an duine ar an tír á scagadh i dtaispeántas ealaíne nua i Maigh Eo'