Faightear locht ar cheannairí na Roinne Oideachais i dtaighde nua as easpa tuisceana a bheith acu ar an tumoideachas Gaeilge.
Deirtear sa taighde nua nach léir go samhlaíonn lucht ceannaireachta na Roinne Oideachais “luach” a bheith ag baint leis an tumoideachas “mar mhúnla oideachais creidiúnach chun ábhar agus teanga a shealbhú go comhuaineach”.
Rinneadh an taighde nua faoi na haonaid Ghaeilge in iarbhunscoileanna Béarla an stáit mar chuid den obair atá ar bun ag an Roinn Oideachais ar pholasaí nua a fhorbairt don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.
Cé go bhfuil múnla an aonaid luaite go minic mar leigheas ag an Roinn Oideachais ar an easpa soláthair don ghaeloideachas, caitear amhras mór ar an múnla céanna sa taighde nua, maítear go bhfuil ag teip ar chóras na n-aonad mar atá agus moltar múnla eile tumoideachais a úsáid feasta.
Is é a mholtar sa chás nach mbeadh Gaelcholáiste iomlán neamhspleách as an nua á bhunú, go mbunófaí ‘Gaelcholáiste’ a bheadh á ‘óstáil’ ag scoil lán-Ghaeilge atá bunaithe cheana féin.
De réir thorthaí an taighde, a rinne lucht taighde ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, i gcomhar le COGG, níl lucht na n-aonad Gaeilge féin “muiníneach” as an Roinn Oideachais i leith sholáthar an mhúnla tumoideachais iar-bhunscoile.
Léirítear amhras go háirithe faoi “easpa tuisceana” na Roinne ar na dúshláin a bhíonn ag an aonad “i bhfoirgneamh lonnaithe taobh istigh de thimpeallacht ina bhfuil an Béarla i réim”.
Maítear sa taighde gur “bunaithe ar uimhreacha amháin” a bhíonn na cinntí a dhéanann an Roinn Oideachais faoin soláthar oideachais Gaeilge.
Ach léiríonn torthaí an taighde freisin nach bhfuil aon pholasaí “coiteann” ag an Roinn Oideachais faoin líon scoláirí is gá a bheith cláraithe ar an rolla chun aonad a bhunú.
Léiriú mór amháin ar na deacrachtaí a bhíonn ag an aonad Gaeilge ná nach i gcónaí a chuirtear Sonraíocht T1 don Ghaeilge ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí i bhfeidhm ann mar go mbíonn múinteoirí in amhras faoi chumas na scoláirí tabhairt fúithi.
Ar na deacrachtaí eile a luaitear sa taighde a rinne T.J. Ó Ceallaigh, Muiris Ó Laoire agus Máire Uí Chonghaile, tá easpa acmhainní, maoinithe agus pleanála, easpa múinteoirí a bhfuil Gaeilge mhaith acu, easpa téacsleabhar oiriúnach Gaeilge agus ualach riaracháin an-trom.
Deirtear go mbíonn acmhainn na n-aonad chun ábhair a sholáthar trí mheán na Gaeilge teoranta, dá réir sin go mbíonn raon teoranta ábhar ar fáil do scoláirí na n-aonad.
Mar gur i dtimpeallacht Bhéarla a bhíonn an t-aonad lonnaithe bíonn sé deacair daltaí a spreagadh chun Gaeilge a labhairt, a deirtear.
Ní bhíonn scoláirí na n-aonad, a deirtear, in ann “iad féin a chur in iúl sa sprioctheanga chomh maith lena gcomhscoláirí i suíomhanna iomlána gaeloideachais”.
Deirtear go mbraitheann lucht na n-aonad go minic go bhfuil siad “ag feidhmiú i bhfolús” toisc nach bhfuil “pleananna forbartha réamhghníomhacha ná critéir chinnte shoiléire leagtha síos ag an Roinn Oideachais do bhunú agus do bhuanú na n-aonad”.
De réir shonraí an taighde ní bhíonn fáil ag bunaitheoirí na n-aonad ar thacaíocht, comhairle nó treoir atá soiléir agus bonn eolais fúithi.
“Bítear ag brath ar bháúlacht an duine a fhreagraíonn an fón nó a bhíonn i mbun comhfhreagrais chun treoir agus cabhair a thabhairt. Ní i gcónaí a bhíonn aon bheirt ar aon fhocal,” a deirtear.
Tuairiscítear go dtarlaíonn sé “níos mince ná a mhalairt” go gcuirtear lucht na n-aonad “ó rannóg go rannóg” nuair a bhíonn freagraí á lorg acu ón Roinn.
Chomh maith leis sin, dúradh go mbíonn aonaid ar liostaí oifigiúla na Roinne Oideachais nach bhfuil ag feidhmiú a thuilleadh, rud eile a chuireann leis an easpa muiníne sa Roinn.
“Is furasta a thuiscint go mbeadh rannpháirtithe an taighde in amhras faoi chóras cumarsáide na Roinne Oideachais,” a deir na húdair.
De réir thorthaí an taighde fágann an t-easnamh maidir le treoir na Roinne Oideachais nach féidir “inbhuanaitheacht na n-aonad a dheimhniú”.
Deirtear go dtarlaíonn sé chomh maith nach mbíonn na státseirbhísigh a bhíonn ag plé leis na haonaid in ann a gcuid gnó a dhéanamh i nGaeilge.
Chomh maith leis sin tugadh le fios “i mbeagnach gach cás” nach gcuirtear an t-aonad san áireamh nuair a dhéantar meastóireacht ar an scoil Bhéarla ina bhfuil sé lonnaithe.
“Nochtar gur dúshlán leanúnach é an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga na cumarsáide, mar theanga an teagaisc agus mar theanga an tsóisialaithe de bharr deiseanna teoranta le haghaidh foghlaim, sealbhú agus úsáid [na teanga] laistigh agus lasmuigh den seomra ranga,” a deir údair an taighde.
“Dearbhaítear go bhfuil easpa polasaithe agus critéir thrédhearcacha ag an Roinn Oideachais ann maidir le bunú aonaid.”
Deir údair an taighde nár mhór don Roinn Oideachais, i gcomhar le pátrúin, “treoir chinnte” agus “tacaíocht leanúnach” a chur ar fáil “chun inbhuanaitheacht na n-aonad a dheimhniú”.
Tugtar le fios sa taighde go mbíonn an-chuid dúshlán roimh an aonad “maidir lena fhéiniúlacht mar shuíomh tumoideachais a chothú agus a bhuanú”.
Ní bhíonn, mar shampla, polasaí ná plean teanga dá cuid féin ag an aonad mar shuíomh tumoideachais.
Deir an lucht taighde gur gá don Roinn Oideachais plean forbartha réamhghníomhach a cheapadh do na haonaid a bhfuil spriocanna aitheanta ann chun an tumoideachas a chur chun cinn.
“Ní foláir don Roinn Oideachais pleanáil chomhordaithe mar aon le struchtúr, comhsheasmhacht agus nósanna imeachta a aithint agus a chinntiú chun forbairt agus buanú an tsoláthair oideachas trí mheán na Gaeilge san aonad a threisiú,” a deirtear.
Deirtear go léiríonn torthaí an taighde go mbíonn “tionchar dearfach” ag na haonaid ar an nGaeilge mar theanga bheo agus ar an gcultúr Gaelach sa scoil Bhéarla, ach tá na húdair go mór in amhras faoin múnla.
“Ach é sin ráite, deimhníonn an taighde seo go láidir go bhfuil deacrachtaí agus dúshláin shuntasacha fós le sárú sna haonaid lán-Ghaeilge atá faoi bhainistíocht scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla.”
Billy an Ghoirt
Caithfidh muid glacadh leis nach dtuigeann an Roinn “Oideachais” céard is Gaelcholáiste ann agus ní féidir leo é a thuiscint go deo.
Is Béarlóirí go smior iad agus ní féidir leo aon saol taobh amuigh de shaol an Bhéarla a shamhlú fiú. Tá sé ar nós a bheith ag léirú d’iasc san fharraige “céard is aer ann”. Cúr amú ama.
Is cuimhin liom: nuair a thosaigh feachtas na Gaelscolaíochta na blianta ó shin, ba mhinic a bhunaigh tuistí a nGaeilscoil (bunscoil) féin go reibiliúnach/go sealadach. Ansin fuair aitheantas ón Roinn “Oideachais” roinnt de bhlianta ina dhiadh.
Go deimhin, rinneadh a leithéad ar a laghad uair amháin do scoil dara leibhéil – Coláiste Feirste sna 6 chondae. Jab iontach déanta acu.
Más é seo meon an Roinn “Oideachais”:
An bhfuil sé in am dúinn fileadh ar an gcur chuige reibiliúnach arís – ach an uair seo don dara leibhéal?
Ciara
Conas nár luadh cé mhéad aonad atá ann? Ceann amháin nó 20 aonad? Cé mhéad díobh a thit as a chéile le deich mbliana? Cé mhéad iarratas a rinneadh ar an Roinn Oideachais chun Gaelcholáiste a bhunú le deich mbliana; cé mhéad acu a tógadh?
Teip eile sa mhullach ar na díolúintí.