LITRÍOCHT BHÉIL: Fear na Cuilte

Thíos tá leagan trascríofa d'ábhar ó Bhailiúchán na Scol ar dúchas.ie mar aon le hacmhainní, gníomhaíochtaí agus smaointe don seomra Gaeilge

LITRÍOCHT BHÉIL: Fear na Cuilte

Gníomhaíocht 1: Gníomhaíocht réamhléitheoireachta:

Thíos tá cuid de scéal ó dúchas.ie ina bhfuil teachtaireacht/ceacht láidir. Ag obair le do pháirtí déan iarracht teacht ar an ord ceart.

  1. Bhíodh sí ag tathant ar an mac gach lá an seanduine a dhíbirt.
  2. ‘Táim ag imeacht toisc ná fágfaidh d’athair ná do mháthair istigh mé,’ arsa sé.
  3. as an dtigh go raibh sé láidir a dhóthain le dul ag bailiú a choda. 
  4. Leis an aimsir nuair a tháinig an t-aos ar an seanduine do phós sé a mhac.
  5. Níor réitigh bean a mhic leis an seanduine in aon chor.
  6. uime ar an mbóthar í agus é ag imeacht.
  7. ‘Cá bhfuil tú a’ dul a sheanathair?’ arsa mac óg an tí leis.
  8. Mícheál Ó Laoghaire ab ainm dó.
  9. D’fhonn ciúnas a dhéanamh dúirt an mac leis an athair a bheith ag bailiú leis.
  10. Thugadar cuilt ar a dhroim dó agus bhuail an seanathair
  11. Bhí feirmeoir ina chónaí i gCeantar Chloich na Caoilte timpeall le daichead bliain ó shin agus

Gníomhaíocht 2 – Fuaim:

  • Éist leis an taifeadadh seo den scéal.

Gníomhaíocht 3 – Léitheoireacht:

 

  • Seo an leagan tras-scríofa iomlán don scéal.
  • Léigh an chéad leath den scéal os ard don duine atá ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara cuid os ard duitse.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

  • Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie le cabhrú leat leis an bhfoghraíocht.

Fear na Cuilte

Bhí feirmeoir ina chónaí i gCeantar Chloich na Caoilte timpeall le daichead bliain ó shin agus Mícheál Ó Laoghaire ab ainm dó. Leis an aimsir nuair a tháinig an t-aos ar an seanduine do phós sé a mhac. Níor réitigh bean a mhic leis an seanduine in aon chor. Bhíodh sí ag tathant ar an mac gach lá an seanduine a dhíbirt as an dtigh go raibh sé láidir a dhóthain le dul ag bailiú a choda.

D’fhonn ciúnas a dhéanamh dúirt an mac leis an athair a bheith ag bailiú leis. Thugadar cuilt ar a dhroim dó agus bhuail an seanathair uime ar an mbóthar í agus é ag imeacht. ‘Cá bhfuil tú a’ dul a sheanathair?’ arsa mac óg an tí leis. ‘Táim ag imeacht toisc ná fágfaidh d’athair ná do mháthair istigh mé,’ arsa sé.

‘Tabhair dom an chuilt nóimeat,’ arsa an garsún. ‘Cad ab áil leat di, a dhalta?’ arsa an seanduine.

‘Níl sí go ceart ar do dhrom agat,’ ar seisean, ‘Tabhair dom í chun go socróinn i gceart ort í.’

Bhain sé an chuilt dá dhroim agus chuir an garsún ar a ghualann féin í.

‘Sea anois,’ ar sé ‘lean an chuilt a sheanathair.’

Bhí ar an seanduine an chuilt a leanaúint toisc ná tabharfadh an garsún dó i cé go raibh sé á hiarraidh air. Nuair a shroich an garsún a bhaile féin, is é an chéad rud a dhein sé ná rith anuas staighre agus an chuilt ar a dhroim aige. D’fhiafraigh a athair de cad ab áil leis an gcuilt. ‘Chun í a chur i gcoimeád i gcomhair an ama nuair a bheidh tú am phósadh, chun í a thabhairt duit fé mar thugais dod athair féin í,’ arsa an garsún.

Ba é deireadh an scéil gur choimeádadar an seanduine sa tigh. Cuireadh culaith éadaigh nua air agus cuireadh cóir mhaith air an chuid eile dá shaol.

– Seán Keohane, Béalad Thoir, Cloich na Coillte, Contae Chorcaí

Leagan bunaidh

Gníomhaíocht 4 – Deis Chainte:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 5 – Ceisteanna tuisceana, léirthuisceana agus tuairimíochta

  1. Cén fáth ar imigh an seanduine ón teach?
  2. Meas tú cén chaoi ar mhothaigh mac an tseanduine faoin scéal?
  3. Cá bhfuil Cloich na Caoilte?
  4. Cén fáth a luaitear an chuilt i dtosach?
  5. Cén fáth ar thug an seanduine an chuilt don bhuachaill óg?
  6. Inis i d’fhocail féin cad í teachtaireacht/ceacht an scéil.
  7. Cén chanúint atá i gceist sa scéal seo. Tabhair samplaí.

Gníomhaíocht 6 – Taighde sa Phobal Teanga

  • Téigh chun cainte le duine éigin sa phobal agus faigh scéal uathu a bhfuil ceacht/teachtaireacht le fáil as.

Smaointe:

      1. Cad í an teachtaireacht?
      2. Cén chaoi a gcuirtear an teachtaireacht sin os comhair an léitheora/éisteora.
      3. An bhfuil an teachtaireacht/ceacht fíor sa lá inniu?
  • Is féidir taispeántas póstaer digiteach/crua a chur le chéile leis an eolas a chur os comhair an ranga

Gníomhaíocht 7 – Taighde ar Líne:

  • Téigh chuig logainm.ie agus faigh a thuilleadh eolais faoi logainm atá luaite sa chuntas. An bhfuil aon logainm cosúil leis i do cheantarsa?
  • Téigh chuid dúchas.ie agus déan iarracht teacht ar scéalta/cuntais a bhfuil ceachtanna/teachtaireachtaí le fáil iontu.

Gníomhaíocht 8 – Téigh i mBun Pinn

  • Scríobh an comhrá a bheadh idir an mac agus a bhean nuair a deir sé léi go bhfuil an seanduine ag teacht ar ais chun cónaithe leo.
  • Déan focail/nathanna a chuardach agus a sheiceáil ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie
  • Faigh páirtí agus léigh an comhrá a scríobh sé/sí.
  • Déan ceann acu a roghnú agus a chleachtadh.
  • Is féidir libh é a aithris os comhair an ranga ansin.

Gníomhaíocht 9 – Nascanna ábhartha eile

Gníomhaíocht 10 – Cúpla Ceist Agam Ort!

Fág freagra ar 'LITRÍOCHT BHÉIL: Fear na Cuilte'