LITIR ÓN RÓIMH: Ar cuairt ar theach Mhamaí Napoleon Bonaparte…

Spreag cuairt ar theach Madame Bonaparte chun machnaimh ár gcolúnaí faoin stair agus faoina bhfuil amach romhainn

LITIR ÓN RÓIMH: Ar cuairt ar theach Mhamaí Napoleon Bonaparte…

Ag smaoineamh ar an gcornphíopa ‘Madame Bonaparte’ a bhí mé agus mé ag triall ar Piazza Venezia sa Róimh le gairid. Is cosúil gur cumadh an port sin in ómós do bhean chéile Napoleon Bonaparte – Josephine. Ach, smaoinigh mé an mhaidin sin go bhféadfadh sé gur scríobhadh é in ómós do mháthair Napoleon – Letizia, toisc gur tugadh Madame Bonaparte uirthi siúd freisin.

Suite ag ceann Via del Corso, díreach ar aghaidh an leachta a tógadh in ómós don Rí Victor Emmanuel – an Vittoriano – atá an teach stairiúil seo, Palazzo Bonaparte. Ach nuair a tógadh Palazzo Bonaparte ní raibh an leacht sin tógtha – go deimhin, ní raibh a leithéid de thír agus an Iodáil ann go dtí gur tugadh le chéile na stáit éagsúla a bhí scartha óna chéile roimhe sin faoin Rí Victor Emmanuel sa mbliain 1861.

Is é an fáth a raibh mise ag triall ar an bPalazzo áirithe seo – Palazzo Bonaparte – ná go raibh taispeántas ealaíne ann de chuid na n-impriseanaithe, Impressionisti Segreti – pictiúir nach bhfaca mé cheana agus a bhí bailithe le chéile ó dhánlanna agus ó bhailiúcháin ar fud an domhain – cuid mhaith díobh as Meicsiceo.

Bhí 50 pictiúr le healaíontóirí ar nós Renoir, Sisley, Monet, Berthe Morisot agus go leor eile ar taispeáint ann. Agus nuair a osclaíodh an taispeántas seo i nDeireadh Fómhair 2019, ba é sin an chéad uair riamh ar osclaíodh an palazzo féin don phobal.

Agus ba chúis iontais an teach ina raibh na pictiúir ar taispeáint.

Ba le máthair Napoleon é uair dá raibh – i dtús an 19ú céad. Mhair sí ann go dtí go bhfuair sí bás sa mbliain 1838.

Faoin am a ndeachaigh sí chun cónaithe sa teach, bhí a mac Napoleon i ndroch-chaoi, bhí an Impireacht caillte aige agus é ar deoraíocht, ar oileáin Elba ar dtús agus ansin ar St Helena.

Agus nuair a shiúlann tú isteach ag an taispeántas i dtosach, an chéad radharc a fheicfeas tú ná dealbh mór millteach den impire é féin – nocht mar a bhíodh na seandealbha d’impirí na Róimhe fadó. I bhfoirm an Dé Mars atá sé.

Leis an dealbhadóir cáiliúil Canova an bunleagan den dealbh seo – níl ar taispeáint anseo ach cóip.

Agus níl aon rud a léireodh saol Napoleon níos fearr ná an dealbh seo – tá an bunleagan den dealbh le feiceáil ceart go leor. Ach is i dteach Diúc Wellington atá sé, fear ar ndóigh gurbh as Baile Átha Cliath ó thús dó. Agus ar ndóigh ba é Wellington a cheansaigh Napoleon den uair dheireanach ag Cath Waterloo sa mbliain 1815.

Agus b’in deireadh le ‘Ré Napoleon’ san Eoraip.

Agus is i dteach Apsley ar chúinne Pháirc Hyde i Londain atá a theachsan agus dealbh Napoleon anois. Thugtaí ‘Uimhir 1 Londain’ ar an seoladh sin tráth.

Tar éis saol fada i dtíortha agus i dtithe éagsúla, chaith máthair Napoleon a laethanta deireanacha sa Palazzo sa Róimh ag léamh beathaisnéisí faoina mac cáiliúil chomh maith le leabhair agus irisí cráifeacha.

Agus tú ag siúl thart ag féachaint ar na pictiúir áille Impriseanaíocha, tá tú ag siúl thart ar an árasán inar mhair an ‘Madame’ cúpla céad bliain ó shin.

Os do chionn feicfidh tú na síleálacha atá péinteáilte le radharcanna stairiúla nó radharcanna ón seanchas.

Tá na hurláir mhósáice faoi bhrat gloine ach leagtha amach sa chaoi gur féidir ‘siúl’ orthu agus féachaint ar an obair phointeáilte cheardaíochta.

Agus amach ó cheann de na seomraí tá sórt pasáiste atá crochta os cionn na sráide. Tá radharc amach as ar an Via del Corso agus an Piazza mór Venezia. Is féidir linn fós siúl amach agus iontas a dhéanamh de na ballaí lámhphéinteáilte, na fuinneoga lena gcuid comhlaí adhmaid a thugann cead duit féachaint amach – ach gan an dream amuigh in ann thú féin a fheiceáil. Nach ag Madame Bonaparte a bhí an léargas breá ar shaol na sráide sa Róimh!

I gcolún eile tamall de bhlianta ó shin agus mé ag scríobh ón Róimh, thug mé cuntas ar an Palazzo Pamphillj. Tá sé beagnach buailte ar Palazzo Bonaparte – an dá theach maorga i bhfoisceacht scread asail dá chéile ar an tsráid.

Ní cheapfá go brách go raibh stair chomh spéisiúil sin ag baint le ceachtar den dá theach – ón taobh amuigh. Ach ar a laghad tá beocht iontu agus daoine (turasóirí) ag siúl isteach is amach astu.

Agus tú ag siúl suas an tsráid (Via del Corso), i gceartlár ceann de chathracha móra na hEorpa, tá cuma sórt díomhaoin tréigthe ar go leor de na foirgnimh ársa.

Tá mé cinnte gur Palazzo-nna iad seo a bhíodh lán le daoine agus beocht agus scléip iontu lá den saol, mar thagadh maithe agus móruaisle ar cuairt chuig Mamaí Bonaparte.

B’fhéidir gur comhartha atá ann ar an droch-chaoi atá ar pholaitíocht agus eacnamaíocht na hIodáile.

Mo shlat tomhais pearsanta féin – cé mhéad siopa i lár na cathrach atá tréigthe ó leag mé cos anseo den chéad uair?

Roinnt mhaith, a deirim liom féin.

Ar a laghad tá teach Madame Bonaparte tógtha ar láimh ag an gcomhlacht mór Generali agus cóir mhaith curtha acu ar an bhfoirgneamh.

Agus an Eoraip faoi bhrú arís, an Bhreatain gearrtha amach, an Ghearmáin ag athrú, tíortha eile agus iad faoi anáil na heite deise nó na Rúise, bheadh faitíos ar dhuine go dtiocfadh Napoleon éigin nach raibh aon tsúil leis amach as an gclapsholas ar a chapall bán.

Anois, sin tiúin nach dtaitneodh linn.

Fág freagra ar 'LITIR ÓN RÓIMH: Ar cuairt ar theach Mhamaí Napoleon Bonaparte…'