LITIR ÓN gCIPIR: Ó dhúthaigh Dhuibhne go dúthaigh draíochta Afraidíté…

Áit mhaith an Chipir chun ardú croí a chur ar dhuine i gcorp an gheimhridh istigh…

LITIR ÓN gCIPIR: Ó dhúthaigh Dhuibhne go dúthaigh draíochta Afraidíté…

Pictiúr: Michal Osmenda

Ó dhúthaigh Dhuibhne, áitreabh ársa na bandé Dovinia más fíor, go dúthaigh draíochta Afraidíté, bandia an ghrá is na torthúlachta, a bhí mo thriall le déanaí.

Timpeallaithe agus b’fhéidir sáinnithe, atá an t-oileán Meánmhara, an Chipir, ag comharsana corraitheacha, trodacha, agus a stair achrannach féin aici, mo ghraidhin í.

Agus í ar chrosbhóthar idir an Áfraic, an Áise agus an Eoraip ní bheadh sí gan a leithéid.

Iarsmaí breátha den seanréimeas Gréagach idir amharclanna is airéiní, agus mosáic ghleoite Dionysos, Dia na fíona, ag imeacht fénár gcosa. An t-iliomad sáipéal is mainistir maisithe go gléineach le híocóin órga ón dtréimhse Bhiosántach agus coinnle fada caola ag lasadh an róid romhainn.

I mbaile ársa Kourion, láthair a tógadh dhá chéad bliain roimh theacht na Críostaíochta, tá amharclann álainn fós in úsáid do dhrámaí is coirmeacha ceoil.

Sciobadh ualach cloch as tamall siar, tráth gur beag meas ná tábhacht a bhí le seandálaíocht acu, chun canáil Suez a dhaingniú.

Múineann gá seift, arsa duine fadó.

Ní fada ó shin in aon chor, daichead éigin bliain ó shin, a tháinig an Turcach i dtír ar an gCipir go ceannasach fuilteach. Cinedhíothú a thug treoraí taistil go neamhbhalbh air.

Díbríodh gan taise gan trócaire na mílte den bpobal Críostaí Ceartchreidmheach as a dtailte i dtuaisceart an oileáin agus cuireadh an Moslamach Turcach ina n-áit.

Ainneoin ghealltanas an tSasanaigh, nuair a fuair an Chipir a saoirse uathu sna seascaidí, go dtabharfaidís cosaint dóibh ar aon ionsaí allúrach mar chúiteamh ar láithreacha straitéiseacha míleata, faic na fríde ní dheineadar chun fóirithint orthu am an ghátair.

Eagla ar gach éinne an Turcach a cháineadh. Thar oíche bhí sé ina chogadh dearg ar oileáinín gleoite Afraidíté. Bruíon is achrann. Géarchéim is gannchuid.

Ní raibh an Ghréig féin gan smál ag an am, gan dabht.

Iad fé cheannas Junta míleata agus súil acu an bheart céanna a dhéanamh agus a dhein an Turcach agus forlámhas iomlán a fháil ar an gCipir. Ní raibh ann ach gur thapaigh an Tuirc an deis díreach rompu.

Fórsaí cosanta na Náisiún Aontaithe atá ag bainistiú na síochána ó shin i leith, Airgintínigh agus Ungáraigh ina measc.

Bhí ár n-arm féin ann tamall go dtí gur cinneadh iad a chur ’on Liobáin. Is cuimhin linn tuairiscí nuachta a bheith le clos ó áiteanna aduaine ar nós Larnika, Farmagusta agus Nicosia.

Tugtar cead uair sa bhliain do chosmhuintir an deiscirt, iad siúd a díbríodh as a dtailte ó thuaidh, turas a thabhairt thar teorainn isteach ar láithreacha atá tábhachtach dóibhsean, leithéidí reiligí agus sáipéil.

Tógann sé na míosa fada an páipéarachas foirmeálta a ullmhú don dturas san.

Is é fírinne an scéil é, arsa iarGharda Síochána liom, fear a chaith bliain ar dualgas ann tamall ó shin, go bhfuil an ghráin dearg ag an dá dhream ar a chéile agus dá réir ní ghéilleann orlach más féidir in aon chor é.

Thairis sin, arsa an Garda céanna, is oileáinín álainn í chun maireachtaint inti agus mura mbeadh í a bheith i gcóngar tíortha trioblóideacha mar a thug sé orthu, bhreá leis an chuid eile dá shaol a chaitheamh ann.

Tá stair ársa Ghréagach ag an gCipir agus iad maith mórtasach aisti.

Is deacair gan forlámhas na hEaglaise Ceartchreidmhí a aithint i gach áit a dtreoraítear turasóir. Ach oiread lenár ndúchas creidimh féin, is beag stádas ná meas ar an mbean ann ach amháin mar shearbhónta a’ tindeáil is ag éirí thiar astu.

I láthair ghleoite a bhí tiomnaithe d’Afraidíté tráth buailtear foirgneamh mór macho anuas sa mhullach uirthi eagla go dtaibhseodh sé di go bhféadfadh sí éirí dá glúine, nó gur ionann í agus iad. Plus ça change.

Agus an méid sin ráite, ní dhéanfad dearúd dem’ chéad éachtaint ar chrann álainn almóinne fé bhláth gléigeal plúrach, gan trácht ar an gcrann carúib, toradh ar nós na seacláide ar a mbaistear Arán Naomh Eoin, fear a mhair air agus é ar fán sa bhfásach fadó, más fíor.

Solas is teas na gréine, bia breá folláin, cáis halloumi, mil na gcíor agus fíon craorac Dionysos.

Cad eile a theastódh chun ardú croí a chur ar dhuine i gcorp an gheimhridh istigh?

Fág freagra ar 'LITIR ÓN gCIPIR: Ó dhúthaigh Dhuibhne go dúthaigh draíochta Afraidíté…'

  • Lillis Ó Laoire

    Píosa deas Gaeilge.

  • Cluain Sceach

    Go hálainn, a Sheosaimhín!