LITIR Ó SHASANA: Cad déarfadh Shelley agus Austen leis an mBreatimeacht?

Ar chamchuairt dó i Sasana le déanaí bhraith ár gcomhfhreagraí ina thimpeall taibhsí mhórscríbhneoirí Shasana agus arracht an Bhreatimeachta

LITIR Ó SHASANA: Cad déarfadh Shelley agus Austen leis an mBreatimeacht?

Ardeaglais Salisbury agus Clouds Hill, teach T.E. Lawrence

Cothrom an lae ó fógraíodh toradh an reifrinn, ní Brexit atá á phlé ag am dúnta an bheáir sa Greyfriar i Chawton, Hampshire, ach cumas Harry Kane mar chaptaen ar fhoireann sacair Shasana sa gCorn Domhanda. Tá sé ró-réchúiseach a bhíodar ag rá faoin bhfear ar de bhunadh Leitir Fraic i gConamara é, agus gan trácht ar bith acu ar na trí chúl a d’aimsigh sé níos túisce sa lá i gcoinne Phanama. Ach de réir mar a lean an comhrá ar aghaidh, ba léir gur toisc gur imir sé do Spurs nach raibh an bheirt a bhí ag caint chomh tógtha sin le Kane.

Bhí an áit beagnach folamh faoin tráth seo, an chuid is mó den lucht leanúna bailithe leo ina gcuid geansaithe bána nó dearga ó am tae. Bhí fear amháin fágtha, agus é súgach go maith, nach raibh leisce air labhairt faoin mBreatimeacht. 65 bliain d’aois a bhí sé agus le gairid chuaigh sé ar scor ó na fórsaí cosanta. Vótáil sé ar son fanacht san AE, a dúirt sé go bródúil. An lá roimhe, mháirseáil 100,000 duine i Londain agus iad ag éileamh go mbeadh reifreann eile ann maidir leis an mBreatimeacht. 55% de lucht vótála Hampshire a thacaigh leis an mBreatimeacht    os cionn an mheáin náisiúnta.

Tá an Greyfriar trasna an bhóthair ón teach inar chaith an t-úrscéalaí, Jane Austen, na blianta deiridh dá saol. Tharla Réabhlóid na Fraince agus an cogadh idir Sasana agus Napoleon le linn saol Austen.

Níos faide siar, gar do Dorchester in Dorset, atá an teach ceann tuí inar rugadh is a tógadh duine eile de mhór-úrscéalaithe an 19ú haois, Thomas Hardy. Ina chuid úrscéalta siúd, tugtar léargas dúinn ar an saol crua a bhí ag oibrithe feirme agus daoine eile faoin tuath roimh agus agus i ndiaidh na Réabhlóide Tionsclaíochta. [Ag tráth amháin le linn an 19ú haois, ba le triúr tiarnaí talún an chuid ba mhó de thalamh Dorset.]

Cúpla míle ó Dorchester, tá sráidbhaile Tolpuddle, an áit inar bhunaigh seisear fear an chéad cheardchumann d’oibrithe feirme in 1834 agus iad ag éileamh ardú beag ina gcuid pá. Cuireadh na Tolpuddle Martyrs, mar a baisteadh orthu, chuig an Astráil, áit ar chaith siad trí bliana sula tugadh pardún dóibh.

Sa teach beag Clouds Hill ar imeall champa míleata Bovington in Dorset a chaith T. E. Lawrence, nó Lawrence of Arabia, na blianta deiridh dá shaol. Greanta i nGréigis sa gcloch os cionn an dorais tá: ‘Fág do chuid buartha i do dhiaidh’. Ní raibh leictreachas ná uisce reatha sa teach ag an am sin agus níl fós. [Nuair a thagadh leithéidí Thomas Hardy agus George Bernard Shaw ar cuairt ar Lawrence, as cannaí ab éigean dóibh ithe.]

Ach ba ann a scríobh sé The Mint, chomh maith le The Seven Pillars of Wisdom, a chuntas ar an tacaíocht a thug sé do na hArabaigh ina bhfeachtas in aghaidh Impireacht an Ottoman sa gcéad chogadh domhanda. Maraíodh Lawrence i dtimpiste ghluaisrothair a tharla i ngar don teach sin sa mbliain 1935 agus é 47 bliain d’aois.

Sa reilig taobh le heaglais Naomh Peadair in  Bournemouth, ar chósta Dorset, bhí roinnt bláthanna scaipthe timpeall ar uaigh Mhary Shelley, údar Frankenstein, an t-úrsceal faoin arracht a d’imigh ó smacht. San uaigh chéanna, atá a tusimitheoirí,  Mary Wollstonecraft – a scríobh A Vindication of the Rights of Woman – agus William Godwin, údar An Enquiry Concerning Political Justice, curtha. Deirtear gur ann freisin atá croí fhear céile Mhary Shelley, an file Percy Bysshe Shelley. Staon Percy agus Mary ó shiúcra a úsáid ina gcuid tae mar gheall ar an dlúthbhaint a bhí ag an sclábhaíocht lena sholáthar.

De réir cosúlachta, is eachtrannaigh den chuid is mó atá ag obair sna bialanna agus sna hóstáin in Bournemouth. Vótáil móramh in Dorset freisn i bhfabhar an Bhreatimeachta.

Is féidir spuaic ardeaglaise Salisbury, Wiltshire – an ceann is airde sa mBreatain – a fheiceáil i bhfad  sula mbaineann tú an chathair sin amach. Sa bhfoirgneamh ársa seo, tá cóip den Magna Carta ar taispeáint don phobal. Scríofa i bpeannaireacht an-bheag ar phár, tá na héilimh a a bhí ag barúin Shasana ar an rí John sa mbliain 1215. Áirítear an Magna Carta ar cheann de bhunchlocha Bhunreacht na Breataine. Níl ann ach cáipéis bheag – níor chuir siad focail amú an t-am sin.

Ag taisteal timpeall na dtrí chontae seo i ndeisceart Shasana, bhí sé deacair gan smaoineamh ar an mBreatimeacht agus cén dearcadh a bheadh ag daoine radacacha ar nós Hardy, Lawrence, na Shelleys agus Mary Wollstonecraft nó Jane Austen, fiú, ina leith. Tá an tír faoi scáth arracht an Bhreatimeachta le dhá bhliain anuas – cé a thiocfas slán?

Fág freagra ar 'LITIR Ó SHASANA: Cad déarfadh Shelley agus Austen leis an mBreatimeacht?'