Lipéad nua faisin seolta ag ‘Sam Cam’ 

Gairm nua ag bean chéile iarphríomh-aire na Breataine agus í i mbun deartha ar éadach atá néata, sofaisticiúil agus an-oiriúnach don bhean a bhfuil saol gnóthach oibre aici

Lipéad nua faisin seolta ag ‘Sam Cam’ 

Ba é cinneadh phobal na Breataine vótáil sa reifreann ar son imeacht as Aontas na hEorpa a chuir deireadh le saol polaitíochta David Cameron. Ach má dúnadh doras amháin, osclaíodh ceann eile do mhuintir Cameron agus gairm bheatha nua tarraingthe chuici féin ag bean chéile an iarphríomh-aire. Bhí cáil riamh ar Samantha Cameron, nó ‘Sam Cam’ mar a tugadh uirthi, as a dea-ghléasadh agus as a bheith ina ceannródaí faisin. Anois, tá sí tar éis lipéad faisin dá cuid féin a sheoladh ar a dtugtar Cefinn. Óna sloinne féin Cameron a thagann na litreacha C agus N san ainmbhranda nua agus tagann an chuid eile ó ainmneacha a cuid páistí, Elwen, Florence, Ivan (a bhásaigh in 2009) agus Nancy. Dúirt sí in agallamh gur mheabhraigh ainm an chomhlachta di ainm Naomh Sefin, naomh de chuid na Breataine Bige, áit dhúchais a máthar.

Tá 36 píosa ar fad sa chéad bhailiúchán éadaigh uaithi, ina measc brístí dubha táilliúrtha, blúsanna gan mhuinchillí agus barréide peipleam. Deir sí féin go bhfuil siad néata agus sofaisticiúil agus an-oiriúnach don bhean a bhfuil saol gnóthach oibre aici. Deir sí freisin go bhfuil tástáil déanta aici ar na héadaí ar fad, iad caite agus nite lena chinntiú nach dtréigeann an dath nó an cruth. Deir sí freisin go bhfuil a cuid éadaigh dírithe ar an mbean ar mian léi “to look and feel fashionable and feminine and is confident that her love of great design does not detract from her dignity or intelligence”.

Níor cheart a cheapadh gur dearthóir amaitéarach í Samantha Cameron a bheadh ag brath ar cháil a fear céile le dul chun cinn a dhéanamh i gcúrsaí faisin; rinne sí staidéar ar na míndána agus í ina bean óg agus bhí sí fostaithe mar stiúrthóir cruthaitheachta ag an gcomhlacht deartha Smythson idir 1997 agus 2010. Lean sí uirthi mar chomhairleoir ag an gcomhlacht sin le linn dá fear céile a bheith mar phríomh-aire sa Bhreatain. Tá sí mar ambasadóir ag Comhairle Fhaisin na Breataine agus ina moltóir ar chomórtais faisin ag Vogue. Bronnadh gradam faisin uirthi as a gcuid deartha in 2009 agus roghnaigh Vanity Fair í mar phearsa dea-ghléasta idirnáisiúnta na bliana 2015.

Níl a cuid éadaigh saor le ceannach ach, ar ndóigh, sin mar a bhíonn ag éadaí dearthóra de ghnáth. Tá idir £200 agus £300 ar na gúnaí, £150 ar gheansaithe agus idir £100 agus £200 ar bharréide. Ar phraghsanna mar sin, ní bheidh siad seo le feiceáil ar shráideanna na Breataine ná na tíre seo rómhinic ach don té gurbh acmhainn dóibh infheistíocht a dhéanamh i ndearadh álainn a mhairfidh ar feadh na mblianta, is fiú an branda seo a chur san áireamh.

Bhí rún aici ó bhí sí ina bean óg tabhairt faoi dhearadh éadaigh agus fuair sí deis ranganna príobháideacha a fháil ó mhúinteoir gairmiúil le linn dá fear céile a bheith ina phríomh-aire. I ngan fhios don saol mór, thugadh an múinteoir sin cuairteanna rialta ar Shráid Downing le comhairle agus treoir a thabhairt di agus í ag dearadh agus ag déanamh baill éadaigh le hinneall fuála ar an mbord sa seomra bia i dteach cónaithe phríomh-aire na Breataine. Ba léir go raibh sí ag cleachtadh don chéad chéim eile dá saol nuair a bheadh tráth na polaitíochta thart.

Tá éadach ‘Sam Cam’ faoin mbranda Cefinn ar fáil i siopaí Selfridges agus ar líne ó www.net-a-porter.com

Fág freagra ar 'Lipéad nua faisin seolta ag ‘Sam Cam’ '