Liosta bailte ‘Gaeltachta’ fógartha

Tá liosta bailte Gaeltachta fógartha ag an Aire Stáit, Joe McHugh.

00036103

Tá liosta de bhailte a d’fhéadfadh a bheith aitheanta mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta faoi Acht na Gaeltachta 2012 fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D.

Agus é ag nochtadh an liosta ag lón Nollag Ghaillimh le Gaeilge, dúirt an tAire Stáit gur “céim chun tosaigh sa phróiseas pleanála teanga é foilsiú an liosta seo mar a bhaineann sé leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta. Tá mé ag súil go mbeidh na páirtithe leasmhara go léir ag teacht le chéile sna bailte seo chun tabhairt faoi phlean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú.”

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tugtar Bailte Seirbhíse Gaeltachta ar na bailte sin atá suite i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta nó taobh leo agus a bhfuil ról suntasach acu maidir le seirbhísí poiblí, saoráidí áineasa, sóisialta agus tráchtála a sholáthar do na limistéir sin.

Tá an liosta á fhoilsiú tar éis don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta próiseas comhairliúcháin phoiblí a reáchtáil inar lorgaíodh moltaí le go bhféadfaí na bailte is oiriúnaí a roghnú le bheith aitheanta mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta.

Seo a leanas na bailte atá i gceist:

Contae Baile
Dún na nGall Leitir CeanainnAn Clochán LiathBaile Dhún na nGall
Maigh Eo Béal an MhuirtheadCaisleán an BharraighBaile an Róba
Gaillimh Cathair na GaillimheAn Clochán
Ciarraí Daingean Uí ChúisTrá LíCathair Saidhbhín
Corcaigh Cathair ChorcaíMaigh Chromtha
Port Láirge Dún Garbhán
An Mhí Baile Átha BuíAn Uaimh

 

Údarás na Gaeltachta nó Foras na Gaeilge, de réir mar is cuí, a bheidh ag obair i gcomhar le heagraíochtaí áirithe le haghaidh ullmhú agus feidhmiú pleananna teanga na mbailte seo, ag brath ar cibé acu an bhfuil an baile suite laistigh nó lasmuigh den Ghaeltacht.

Dúirt an tAire Stáit: “Tá sé aontaithe le Foras na Gaeilge agus le hÚdarás na Gaeltachta go ndíreofar i dtús báire ar chathair na Gaillimhe, Leitir Ceanainn agus Daingean Uí Chúis.”