Ag méadú i gcónaí atá líon na ndaltaí Ardteiste nach ndéanann aon scrúdú Gaeilge.
De réir thorthaí na hArdteiste a foilsíodh inniu, 24% de dhaltaí, nó beaganach duine as gach ceathrar, nach ndearna aon scrúdú Gaeilge i mbliana, i gcomparáid le 23% anuraidh. Seo an ceathrú bliain as a chéile go raibh an céatadán daltaí nach ndearna aon scrúdú Gaeilge os cionn 20%.
65,444 dalta a rinne an Ardteist i mbliana agus 50,021 díobh sin a rinne scrúdú Gaeilge.
60,o46 dalta a fuair toradh sa Bhéarla i mbliana, nó 92% de dhaltaí. An céatadán céanna a fuair toradh don Mhatamaitic, nó 60,199 dalta.
1o,025 níos lú daltaí a fuair toradh Gaeilge i mbliana ná mar a fuair toradh sa Bhéarla agus 10, 178 níos lú daltaí a fuair toradh don Mhatamaitic ná mar a fuair toradh don Ghaeilge.
De ghnáth, bíonn díolúine ag idir 60-70% de na daltaí nach ndéanann aon scrúdú Gaeilge.
Thug an Roinn Oideachais córas nua díolúintí isteach in 2021 a mhaígh siad a chinnteodh gur rud “annamh agus eisceachtúil” a bheadh i ndíolúine ón nGaeilge feasta, ach tá ardú tagtha ar líon na ndíolúintí ó shin.
Deir an Roinn Oideachais go mbíonn cúiseanna éagsúla ag daoine nach mbíonn díolúine faighte acu gan scrúdú Gaeilge a dhéanamh san Ardteist.
I measc na gcúiseanna a luaitear, tá gan aon spéis a bheith ag daltaí áirithe an scrúdú a dhéanamh. Chomh maith leis sin, dúradh go go gceapann daltaí áirithe nach mbeidh an Ghaeilge riachtanach ina gcuid staidéir tar éis na hArdteiste.
Ar na daoine sin, bíonn daltaí a théann ag staidéar thar lear.
Ní dhéanann daltaí eile scrúdú Gaeilge toisc iad a bheith ag déanamh na hArdteiste den dara huair nó toisc iad a bheith ina n-iarrthóirí seachtracha nach bhfuil Gaeilge á déanamh acu.
De réir thorthaí na hArdteiste, d’éirigh le 11% de dhaltaí an marc is airde a fháil i scrúdú ardleibhéil Gaeilge na bliana 2025.
5% de dhaltaí a fuair grád H1 sa Bhéarla agus 11% a fuair an grád sin sa Mhatamaitic.
D’éirigh le 32% díobh siúd a rinne an scrúdú ardleibhéil Gaeilge i mbliana H1 nó H2 a fháil (marc 80% nó níos airde). 2o% de dhaltaí a fuair an dá ghrád is airde sa Bhéarla agus 27% a bhí i gceist sa Mhatamaitic.
Fuair 57% de dhaltaí a rinne an scrúdú ardleibhéil Gaeilge H1, H2 nó H3 (70% nó níos mó sa scrúdú), laghdú ó 61% anuraidh. Maidir leis an dá chroí-ábhar eile, 49% de dhaltaí a fuair na trí ghrád is airde sa Bhéarla agus 25% a bhí i gceist sa Mhatamaitic.
Den 24,053 dalta a rinne an scrúdú ardleibhéil Gaeilge i mbliana, d’éirigh le 80% acu grád H4 nó níos airde a bhaint amach. Grád H4 (marc 60% nó níos mó) a theastaíonn sa scrúdú ardleibhéil Gaeilge le cáiliú chun céim sa bhunmhúinteoireacht a dhéanamh.
Fuair 0.2% níos lú ná 30% sa scrúdú ardleibhéil Gaeilge i mbliana.
Pádraig
Scannallach cad atá ar siúl ag an Roinn Oideachais lenár dteanga náisiúnta.
Stiofán
Ní féidir a sheachaint go mbíonn an éagsúlacht chultúrtha ag méadú i gcónaí freisin. Níl dyslexia ar 24% de na déagóirí! Tuigeann gach uile múinteoir meánscoile é sin.
Éamonn
Stiofán, cad atá i gceist agat le héagsúlacht chultúrtha? Daoine óga atá ilteangach agus nach bhfuil ar a gcumas an Ghaeilge a thabhairt leo? Éagsúlacht chultúrtha agus iad fós imeallaithe ó chultúr na tíre seo? Mínigh….
Pól
Seans ann nach bhfeicfidh mé féin é ach tá an lá ag teacht nuair nach mbeidh an Ghaeilge riachtanach don bhunmhúinteoireacht ná do mhórán ar bith eile ach an oiread, agus beidh sí roghnach don ardteistiméireacht. Feicfear ansin cé mhéad dalta a dhéanfaidh an scrúdú Gaeilge. Rud córasach sa tír seo againne é an easpa measa ar an teanga náisiúnta agus tá na torthaí le feiceáil, cheapfainn…
Stiofán
A Éamoinn, a chara, ní bhaineann sé le cumas ach le toil. Tá an cumas ag beagnach gach duine an Ghaeilge a fhoghlaim ach níl an toil ann. Léiríonn na staitisticí go ndéanann daoine iarracht díolúine a fháil chun an Ghaeilge a sheachaint chun go mbeidh siad in ann díriú isteach ar na hábhair eile atá níos tábhachtaí, dar leo. Mar a dúirt mé, tuigeann gach uile múinteoir meánscoile é sin. (Ní thuigim cad atá i gceist agat le himeallú. Tá an ceart ag gach páiste Gaeilge a fhoghlaim sa tír seo…)