Tá sé ráite ag ball de CLG Naomh Muire Íochtar na Rosann, club Gaeltachta i nDún na nGall, go bhfuil LGFA [Peil na mBan] Dhún na nGall ag diúltú cás smachtaithe a bhaineann leis an chlub a éisteacht i nGaeilge.
Thug Dónal Ó Searcaigh le fios “nach raibh aon rogha fágtha” aige ach éirí as a phost mar Oifigeach Cultúrtha agus Teanga le LGFA Dhún na nGall mar gheall ar an chinneadh a rinneadh gan éisteacht le cás i nGaeilge.
D’iarr Naomh Muire Íochtar na Rosann ar bhord an chontae, agus ar CODA, cás smachtaithe a éisteacht i nGaeilge, mar gur thug beirt chailíní ón chlub le fios go raibh siad ag iarraidh an cás “a dhéanamh i nGaeilge”.
Dúirt Dónal Ó Searcaigh nár ghlac LGFA Dhún na nGall lena n-iarratas agus dúirt siad go bhfuair sé comhairle ó Pháirc an Chrócaigh ar an cheist. Dúradh leis nach raibh “aon fhoráil nó riachtanais” ann sa chód “éisteachtaí a dhéanamh i nGaeilge” agus dá bharr sin “go leanfadh an éisteacht ar aghaidh i mBéarla”.
Dúirt Dónal Ó Searcaigh nach raibh an freagra a fuair sé ón LGFA “ceart” ar chor ar bith agus go raibh sé ag teacht salach “ar aidhmeanna agus éiteas an chumainn” a deir go ndéanann siad “iarracht tacú le cur chun cinn na Gaeilge agus gnéithe eile de chultúr na hÉireann”.
I litir a sheol sé chuig LGFA Dhún na nGall chun a chur in iúl dóibh go raibh sé ag éirí as mar oifigeach cultúrtha agus teanga an chontae, dúirt sé, gurb í an Ghaeilge “an chéad teanga dár mbaill club” agus gur cur chuige “idirdhealaitheach” é gan éisteacht a cheadú “inár dteanga dhúchais, chéad teanga na tíre”.
“Cur i gcéill atá ann, post a bheith agat mar oifigeach cultúrtha agus ansin neamhaird a dhéanamh ar na prionsabail ar a bhfuil ár gcumann bunaithe, gan ligean do dhaoine ár dteanga dhúchais a labhairt,” a dúirt sé. Dúirt Dónal Ó Searcaigh go bhfuil cosaint ag an Ghaeilge san Aontas Eorpach agus sa bhunreacht, ach go fóill féin go bhfuil “léamh eile ag bord an chontae” ar a stádas agus iad ag tabhairt le fios ag “leibhéal náisiúnta nach n-aithnítear í”.
“I bhfianaise seo, tá mé ag iarraidh ar na húdaráis an maoiniú cultúrtha a chuireann siad ar fáil don LGFA a tharraingt siar, mura bhfuil ról ag an chumann an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn.” a dúradh.
Lorg Tuairisc ráiteas ón LGFA faoin scéal seo, ach níl freagra ar bith faighte go fóill.
Dáithí Mac Cárthaigh
Is ceart bunreachtúil é do thaobh féin d’imeachtaí smachta den chineál seo a reachtáil as Gaeilge.
Féach Mac Fhearraigh v Mac Gamhnia.
Ruairí Ó Caisleáin
Meon an chóilíneachais á léiriú ag an CLG sa chás seo, de réir chosúlachta.