Leithscéal gafa ag Simon Coveney as a bheith ‘sleamchúiseach’ agus ‘náire’ a tharraingt ar an Rialtas

Bhí an tAire Simon Coveney os comhair coiste Oireachtais don dara huair le seachtain chun ceisteanna a fhreagairt faoin gconspóid a bhain le ceapachán Katherine Zappone mar thoscaire speisialta chuig na Náisiúin Aontaithe

Leithscéal gafa ag Simon Coveney as a bheith ‘sleamchúiseach’ agus ‘náire’ a tharraingt ar an Rialtas

Tá leithscéal gafa ag Simon Coveney, an tAire Gnóthaí Eachtracha, as “náire pholaitiúil” a tharraingt ar an Rialtas agus as a bheith “sleamchúiseach” i dtaobh na conspóide faoi cheapachán Katherine Zappone.

Bhí Coveney os comhair Choiste Gnóthaí Eachtracha an Oireachtais den dara huair le seachtain chun ceisteanna a fhreagairt faoin gconspóid.

Tháinig sé chun solais an tseachtain seo gur ghabh an t-iar-aire Katherine Zappone buíochas le Coveney i mí an Mhárta as post mar thoscaire speisialta chuig na Náisiúin Aontaithe. B’in ceithre mhí sula bhfuair an Taoiseach amach faoin scéal.

Ba chosúil nach raibh an t-eolas sin ag teacht leis an gcuntas a thug Coveney ar an scéal roimhe seo. Ghéill an tAire Gnóthaí Eachtracha ar maidin go ndearna sé botúin i leith na heachtra, ach shéan sé gur thairg sé an post do Zappone i mí an Mhárta.

Sheol Katherine Zappone téacs go dtí Coveney mí an Mhárta ag gabháil buíochais ó chroí leis as an bpost a fháil di.

Dúirt Coveney nár lorg Zappone post uaidh ach gur lorg sí comhairle uaidh ar an 22 Feabhra faoi dhul ag obair le USAID i réimse chearta na mban agus LGBTQ+. Phléigh sé an scéal le hArd-Rúnaí a Roinne Niall Burgess agus cúpla lá ina dhiaidh sin dúirt an tArd-Rúnaí gurbh fhiú smaoineamh faoi phost a chruthú do thoscaire speisialta LGBTQ+ chuig na Náisiúin Aontaithe. Luaigh Coveney ansin le Katherine Zappone go rabhthas ag cuimhneamh ar an ról nua a bhunú agus d’fhiafraigh sé di an mbeadh suim aici ina leithéid dá mbunófaí é.

Ba é an téacs sin a spreag an teachtaireacht inar ghabh Katherine Zappone buíochas le Coveney as an deis a thabhairt di ionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann.

Thug Coveney le fios go raibh míthuiscint ar Zappone, áfach, agus nach post a bhí ann ag an bpointe sin ach “coincheap”. Ghéill Coveney gur cheart dó a mhíniú “níos soiléire” do Zappone go raibh go leor oibre le déanamh ag a Roinn maidir le bunú an phoist sula bhféadfaí aon tairiscint a dhéanamh.

Dúirt Coveney nár labhair sé arís le Katherine Zappone go dtí an 19 Iúil agus mhaígh sé gur léirigh na cáipéisí inmheánacha a cuireadh ar fáil an tseachtain seo a cháiréisí is a bhí a Roinn faoi bhunú an phoist agus faoi na buntáistí a bhainfeadh lena leithéid d’Éirinn.

Dúirt Coveney go raibh an chonspóid ag dul ar aghaidh rófhada agus gur chóir deireadh a bheith curtha léi roimhe seo le míniú soiléir inchreidte.

Dúirt John Brady, an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, gur “cleasaíocht pholaitiúil ar an seandéanamh” a bhí i gceist.

“A Aire, chuir tú ar mhíthreoir an coiste an tseachtain seo caite nuair a dúirt tú nár inis tú aon rud do Katherine Zappone,” arsa Brady.

Fág freagra ar 'Leithscéal gafa ag Simon Coveney as a bheith ‘sleamchúiseach’ agus ‘náire’ a tharraingt ar an Rialtas'