‘Leithscéal’ atá i maíomh an Aire Oideachais nach bhfuil ‘formhór mór na nGaelcholáistí lán’ – Sinn Féin

Deir an Roinn Oideachais nach bhfuil ró-éileamh ach ar Ghaelcholáiste amháin sa stát maidir le spásanna do dhaltaí céad bhliana i mbliana

‘Leithscéal’ atá i maíomh an Aire Oideachais nach bhfuil ‘formhór mór na nGaelcholáistí lán’ – Sinn Féin

Deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin gur chóir go mbeadh an Roinn Oideachais ag cothú éilimh don oideachas lán-Ghaeilge seachas a bheith ag maíomh go bhfuil easpa éilimh ar Ghaelcholáistí na tíre.

Dúirt an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh go raibh bearnaí móra i soláthair an oideachais lán-Ghaeilge ag an dara leibhéal, go háirithe i lár tíre, agus gur cheart go mbeadh an stát ag déanamh níos mó chun an tumoideachas a chur chun cinn.

Nuair a d’ardaigh Ó Snodaigh an cheist leis an Aire Oideachais Hildegarde Naughton an tseachtain seo caite, dúirt sí nach raibh formhór mór na nGaelcholáistí ar fud na tíre lán, fiú i gceantair ina raibh brú ó thaobh daonra de.

Dúirt urlabhraí de chuid na Roinne Oideachais le Tuairisc gurb é Coláiste Eoin i Baile an Bhóthair i ndeisceart Bhaile Átha Cliath an t-aon cheann den 50 iarbhunscoil lán-Ghaeilge sa stát a raibh ró-éileamh air i mbliana maidir le daltaí céad bhliana. Tá iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge i gceantair Ghaeltachta faoin tuath san áireamh i bhfigiúirí an Roinne.

Dúirt Ó Snodaigh le Tuairisc go raibh an t-éileamh atá ann dá thuilleadh Gaelcholáistí le feiceáil go soiléir agus nach raibh i gcaint na Roinne agus an aire ach “leithscéal” neamhaird a dhéanamh ar na feachtais atá ann ar son Ghaelcholáistí nua.

“Ní féidir leat a rá go bhfuil sé ‘undersubscribed’ mura bhfuil scoil ann. Tá a lán scoileanna Béarla timpeall na tíre undersubscribed,” a dúirt Ó Snodaigh.

Le linn an phlé leis an Aire, luaigh an Teachta Ó Snodaigh feachtais chun Gaelcholáistí nua a thógáil atá ar bun i gCaisleán an Bharraigh, Cill Dhéagláin, Coill na Silíní, Droichead na Bandan, Fionnbhrú, Sord agus Mullach Íde.

Deir sé go bhfuil breis is 500 dalta sna háiteanna sin atá “ag iarraidh freastal ar Ghaelcholáiste” ach nach bhfuil an Roinn ag déanamh tada chun an t-éileamh sin a shásamh.

“An jab atá ag an Roinn, i mo thuairimse, ní go díreach freastal ar éileamh ach éileamh a chothú chomh maith. Má tá Gaelscoil i gceantar, ba chóir go mbeadh an Stát ag déanamh cinnte de gur féidir le gach uile pháiste leanúint ar aghaidh leis an oideachas lán-Ghaeilge ag an meánleibhéal. Níl sé sin ag tarlú.”

Dúirt an tAire Naughton go raibh gealltanas sa gclár rialtais go dtógfaí tuilleadh scoileanna lán-Ghaeilge i gceantair ina raibh éileamh ó thuismitheoirí agus go raibh an tascfhórsa atá bunaithe faoin bPolasaí don Oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht chun ceist an tsoláthair a bhreithniú.

Ghlac Ó Snodaigh leis gur dul chun cinn áirithe é go bhfuil an Roinn chun féachaint ar an gceist ach dúirt sé go gcaithfí tabhairt faoin obair “i bhfad Éireann níos tapúla”.

“An t-aon rud gur féidir glacadh leis ná go bhfuil siad ar a laghad ag breathnú ar an gceist seo faoi láthair agus b’fhéidir go mbeadh straitéis ann amach anseo chun scoileanna a athrú ó scoileanna Béarla go dtí scoileanna lán-Ghaeilge,” a dúirt sé.

“Níl an straitéis sin nó an cur chuige sin acu seachas i gcás Scoil Synge. Níl aon mhúnla nó critéir acu ach b’fhéidir gurb é sin an bealach chun cinn amach anseo. Níl sé sin ag tarlú faoi láthair, áfach agus níl freagraí á dtabhairt dóibh siúd atá i mbun feachtais.”

Dúirt Ó Snodaigh go bhfuil na bearnaí sa soláthar le feiceáil go soiléir ar léarscáil na nGaelcholáistí sa stát agus gan aon rogha lán-Ghaeilge ar fáil i lár tíre ná i gcuid mhaith den oirthuaisceart. Tá 11 contae ó dheas nach bhfuil aon Ghaelcholáiste iontu – Liatroim, an Iarmhí, Tiobraid Árann, contae an Chláir, Laois, Uíbh Fhailí, Sligeach, contae Lú, an Longfort, an Cabhán agus Ros Comáin.

“Má tá Gaelscoil i lár na tíre, agus tá roinnt acu ann, glacann mise agus glacann go leor daoine eile leis go mbeadh tuismitheoirí sásta agus ag iarraidh go rachadh a bpáistí ar aghaidh leis an nGaelscolaíocht ag an meánleibhéal. Faoi láthair, ní tharlaíonn sé mar níl an rogha ann.”

Fág freagra ar '‘Leithscéal’ atá i maíomh an Aire Oideachais nach bhfuil ‘formhór mór na nGaelcholáistí lán’ – Sinn Féin'