Más duine thú a d’fhás aníos sna 1980í – m’fhearacht féin – nó sna 1990í, beidh a fhios agat céard ba ‘téipthaifeadán’ ann.
Agus beidh a fhios agat freisin céard ba mixtape ann: meascán ceoil a chuirfeadh duine ar théip mar fhéirín do chara. Go minic, ba chomhartha ar an gcairdeas féin a bhíodh ann, óir léireodh an rogha cheoil ar théipmheascán maith an aithne a bheadh ag duine ar a chara.
Is iomaí téipmheascán a rinne mé féin do chairde, clúdaigh lámhdheartha sna boscaí agus chuile shórt. Cá bhfios nach bhfuil ceann nó dhó acu sin ina luí thart ar áiléar éigin in Éirinn inniu. Má bhíonn, is ag bailiú dusta a bheidh siad – in aice leis an ngléas a chuirfeadh ar chumas dhuine éisteacht leo.
Chuir an iPod deireadh le traidisiún an téipmheascáin.
Le blianta beaga anuas, áfach, tá leagan den téipmheascán ar ais, a bhuíochas le Spotify agus seirbhísí eile mar é. Ligeann Spotify agus seirbhísí cosúil leis do dhuine seinnliostaí a chruthú agus a mhalartú le cairde.
Go digiteach a dhéantar an malartú sin, ar ndóigh, agus níl an draíocht ná an dáimh ag baint leis agus a bhíodh le meascán pearsanta ar théip. Ach ní hé sin an t-aon difear amháin idir seinnliosta an lae inniu agus an téipmheascán traidisiúnta.
Tá cnaipe mór glas ag Spotify (agus tá a mhacasamhail ag na seirbhísí eile) a chuireann ar chumas duine éisteacht le seinnliosta in ord randamach.
Toisc go bhfuil sé chomh mór sin, tá sé níos éasca an ‘cnaipe suaite’ a bhrú ná éisteacht le traiceanna san ord a bhfuil siad.
Ní bhíodh cnaipe suaite ar théipthaifeadáin. Ní bhíodh rogha ag duine ach éisteacht leis na traiceanna ar théipmheascán ach san ord inar cuireadh ar théip iad an chéad lá riamh. Agus ba dhlúthchuid den draíocht an méid sin: bhíodh brí éigin faoi leith le brath in ord na n-amhrán, sa torann bán eatarthu, idir na línte. Nó d’fhéadfaí a shamhlú go raibh.
Tá cnuasaigh ghearrscéalta mar an gcéanna.
Ar ndóigh, ní hionann agus cás an téipthaifeadáin, ní raibh an teicneolaíocht riamh ina bhac ar an léitheoir na scéalta i gcnuasach gearrscéalta a léamh san ord a roghnódh sé féin. Droim ar ais. Tosú leis an scéal is giorra. B’fhéidir go meallfadh teideal áirithe a aird. Is iomaí cúis a bheadh ag léitheoir scéalta i gcnuasach a léamh in ord randamach. Tá sé déanta agam féin.
Ach mar scríbhneoir gearrscéalta, tá achainí agam ar an léitheoir: léigh na scéalta i gcnuasach gearrscéalta san ord a bhfuil siad. An chéad bhabhta, ar a laghad.
Ceann de bhunchomharthaí sóirt an ghearrscéil ná go seasann sé leis féin, nó ba chóir go seasfadh. Ba cheart go bhféadfaí gearrscéal a fhoilsiú in iris liteartha, mar shampla, lasmuigh de chomhthéacs pé bailiúcháin.
Ach nuair a fhoilsítear gearrscéalta i gcnuasach, is féidir talamh slán a dhéanamh de gur d’aon ghnó a cuireadh na scéalta i gcló san ord inar cuireadh i gcló iad. Pé brí bhreise a bhíonn sa spás bán idir na scéalta, pé cúis a bhí ag scríbhneoir agus foilsitheoir ord áirithe a roghnú thar ord eile, beidh siad caillte ar an léitheoir a thabharfadh faoi chnuasach in ord randamach.
Lá níos faide anonn, agus athchuairt á tabhairt ar na scéalta, féadfaidh an léitheoir iad a léamh ina gceann is ina gceann, agus ina rogha ord!