LÉIRMHEAS: Linda Bhreathnach a thugann an chraobh léi i gceoldráma taitneamhach na Nollag sa Taibhdhearc

Is é 'Annie' an chéad mhórdhráma lán-Ghaeilge a bhí sa Taibhdhearc le tamall fada agus foireann na hamharclainne le moladh as seó deas lán-Ghaeilge a chur ar fáil

Screen Shot 2015-12-18 at 20.22.56

Is í an Nollaig arís í agus tá ceoldráma Nollag tagtha chomh fada le Taibhdhearc na Gaillimhe. Aistriúchán ar an gceoldráma cáiliúil Broadway Annie atá in iarracht na bliana seo agus cliar láidir ann faoi stiúir Bheartla M. Uí Fhátharta.

Beirt atá ag glacadh páirt Annie, Shíofra Ní Scanláin agus Anna Ní Artaigh. Ba í Anna Ní Artaigh a bhí ar an ardán oíche Déardaoin agus rinne sí jab an-mhaith, idir aisteoireacht, ceoil agus damhsa.

Gasúir agus déagóirí den chuid is mó a bhí sa chliar, seachas na príomhcharachtair fhásta: Mrs Hannigan (Linda Bhreathnach), Oliver Warbucks (Morgan Cooke), Grace (Fionnuala Gygax?), Rooster Hannigan agus a bhean (Eoghan Ó Loideáin agus Niamh Ní Fhlátharta).

Níl aon amhras ann ach gurbh í Linda Bhreathnach ab fhearr uilig ar an ardán agus taispeántas iontach tugtha aici uaithi mar cheannaire meisciúil na dílleachtlainne a bhfuil Annie ina cónaí ann, Ms Hannigan. Is iontach an chaoi ar mheasc sí Gaeilge shaibhir Ros Muc agus blas géar Nua-Eabhrac ar an stáitse agus í á caitheamh féin timpeall na háite.

Caithfear a cheart a thabhairt freisin d’Eoghan Ó Loideáin a ghlac páirt dheartháir Ms Hannigan, Rooster. D’fhág sé a rian féin ar an ról agus thug greann agus diabhalaíocht isteach sa scéal ar bhealach an-nádúrtha.

Ba dheas an t-aistriúchán a rinneadh ar na hamhráin cháiliúla,Tomorrow (Amárach) agus It’s a Hard Knock Life (Tá an Saol Crua) ina measc, agus Gaeilge shaibhir chruinn a bhí le cloisteáil ó fhormhór na n-aisteoirí, idir óg agus aosta.

Chuir an ceol beo ón gceolfhoireann bheag de thriúr go mór leis an seó agus ní shílfeá riamh nach raibh ann ach an triúr acu agus an ceol mór a bhí ar siúl acu.

Is beag laige a bhí ann dáiríre, cé gur mheas mé go raibh an taispeántas a thug Morgan Cooke uaidh i ról Daddy Warbucks ciotach mínádúrtha in áiteanna. Is aisteoir an-mhaith é Cooke agus páirteanna maithe déanta aige roimhe seo ar ardán na Taibhdheirce ach ní dóigh liom gur tháinig an pháirt seo go réidh leis.

Ba ghleoite iad na cailíní óga uile a ghlac páirt sna seiteanna móra ceoil agus damhsa agus an uile dhuine acu lán beochta agus bríomhaireachta.

Is é seo an chéad mhórdhráma lán-Ghaeilge a bhí sa Taibhdhearc le tamall fada agus foireann na hamharclainne le moladh as an seó lán-Ghaeilge a chur ar fáil – d’fhéadfá a rá gurb é an rud ba ghreannmhaire a tharla ag seó na hoíche aréir ná gur bhéic duine beag sa slua ‘Sin Béarla!’ nuair a dúradh an t-aon abairt amháin nach raibh i dteanga Phádraig agus Bhríde.

– Taispeánfar Annie sa Taibhdhearc anocht agus amárach ag 7.30pm agus den uair dheiridh Dé Domhnaigh ag 2.30pm.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Linda Bhreathnach a thugann an chraobh léi i gceoldráma taitneamhach na Nollag sa Taibhdhearc'

  • dudley mckeown

    Tá muinéal ag Ó Coimín . fair play dhó .. ag fáil íochta as sríobhneoireacht aimitéarach , i ndroch Gharilge , faoi rudaí nach bhfuil cliú aige faoi.

  • Páid Ó Donnchú

    Muineál agus misneach a ainm a chur leis a thuairim um “Dudley”
    Gaeilge mhaith freisin, foclóir de Bháldraithe ina phóca i gcónaí