LÉIRMHEAS LEABHAIR: I dtír mhilis na cleasaíochta

Thabharfadh an chéad chnuasach gearrscéalta le Colm Ó Ceallacháin ábhar machnaimh do léitheoir ar bith

LÉIRMHEAS LEABHAIR: I dtír mhilis na cleasaíochta

Tá 10 scéal curtha inár láthair ag Colm Ó Ceallacháin I dtír mhilis na mbeo agus tá rud ar leith ag baint le gach ceann acu.

Cé go bhfuil go leor de na scéalta sách traidisiúnta ina gcruth, tá a bhformhór suite áiteanna uirbeacha, rud is annamh. Síneann siad ón lá atá inniu ann siar go dtí na seachtóidí, nó leagan gléineach de na seachtóidí. Tá plé anseo ar shaol atá gafa le físeáin ar na fóin agus ar shaol comhaimseartha ina mbíonn an fraiceáil ar bun, ach tá trácht leis ar an Six Million Dollar Man agus Hale-Bopp. Ag croí gach scéil tá caidrimh achrannacha. Aithreacha iomadúla as láthair, daoine uaigneacha a bhfuil tinnis, freagrachtaí agus eile ag dó na geirbe acu. Leantar na carachtair siar is aniar san am, rud a fhágann scéalta níos iomláine againn ná mar a fheictear go minic. Tá rian an osnádúir agus na cleasaíochta le brath orthu leis.

Gné eile atá le feiceáil go minic i scéalta seo Uí Cheallacháin, ná go mbíonn roinnt príomhcharachtar ann agus achar fada ama a chlúdach. In ‘Hale-Bopp’ tugtar muid siar go samhradh 1978 do scéal mealltach faoin óige agus an grá ina dtagann eachtra thubaisteach aniar aduaidh orainn. Ansin léimeann muid ar aghaidh agus castar Diarmuid agus Jimmy arís orainn blianta níos déanaí, iad ar saoire agus i mbun diabhlaíochta, na comharsana á gcrá acu. Cé go bhfuil spraoi ann mar scéal tá troime dhubh anuas air leis. Ní mar a shíltear a bhítear, agus is mó cúis le h-iompar daoine.

Sa scéal ‘I measc mhuilte an mhacnais’ casann muid le fear a oibríonn i monarcha Viagra. Saol gan mórán macnais atá aige agus é ag tabhairt aire dá mháthair a bhfuil an néaltrú uirthi. Tá an siombalachas go mór sa treis sa scéal seo agus oibríonn sé go maith: na crainn mheirgeacha crochta sa chuan agus na feithidí ag cúpláil sa ghairdín. An bhfuil aon sólás i ndán dó féin? Is cosúil nach bhfuil nó go bhfágtar léas beag dóchais againn ag deireadh. Tá an dóchas seo de dhíth agus mórán de na scéalta fíorthrom go deo.

In Cuairt an Phápa pléitear an foréigean baile agus an bealach a dtéann páistí i ngleic leis. In Ag dul ar aghaidh, ‘sibh’ agus ‘tú’ a úsáideann an reacaire le cur síos a dhéanamh ar charachtar lárnach sa scéal agus is deacair gan aird a thabhairt ar an scéal dá bharr, agus é ag labhairt leat chomh díreach sin.

Tá dhá scéal ar leith ar deacair gan suntas a thabhairt dóibh. Samplaí den litríocht shrianta nó ‘constrained literature’ iad. Sa chéad cheann, Fuadach, fuadaítear an guta ‘i’ agus níl úsáidtear ar chor ar bith sa scéal é agus sa dara ceann, a thagann díreach ina dhiaidh, níl mar ghuta ann ach ‘i’. Léiríonn Fuadach go háirithe cumas an scríbhneora agus scéal gasta inste aige gan aon chabhair ó ghuta áirithe, scéal a bhfuil rian den bhleachtaireacht agus den tráchtaireacht pholaitiúil air. Tá ceangal idir an dá scéal seo agus cé gur deacra i bhfad scéal a bhfuil dealramh leis a scríobh gan ‘aeou’, éiríonn leis mar phíosa próis cé gur cosúla le filíocht é. Chuirfeadh an cleas seo i gcuimhne duit an Francach Georges Perec, a scríobh an t-úrscéal La Disparition sans ‘e’; agus nár úsáid ach ‘e’ in Les Revenentes. Cuireann cleasaíocht mar seo le nuálaíocht an chnuasaigh, agus ní ar mhaithe le cleasaíocht amháin é.

Tá cultúr an óil, a shuáilcí agus a dhuáilcí, le feiceáil in Snag beag neafaiseach. Fear nach bhfuil ag cruthú go maith mar athair ná mar dhuine atá faoi chaibidil anseo. Tagann casadh osréalaíoch gan choinne ar an scéal agus ar an stíl reacaireachta agus go tobann is cosúla le finscéal é. Tá sé as alt ar fad leis an scéal roimhe ach éiríonn go seoigh leis mar sin féin.

Tá réimse leathan scéalta anseo agus táim cinnte go gcuirfeadh ceann nó trí acu duine ar bith i mbun machnaimh i ndiaidh a léite. Dá aistí iad uaireanta, scéalta iad faoi dhomhan a aithníonn muid, idir dhorcha agus shorcha.

Is deas na cleasanna leis.

Mar fhocal scoir, tá grianghraif ag tús na scéalta, ach níor shíl mé gur chuir siad seo leis na scéalta féin.

I dtír mhilis na mbeo, Colm Ó Ceallacháin, Cois Life, €10.00, clúdach bog. Tá leagan closleabhair á léamh i nglór milis Liam Uí Mhuirthile ar fáil ar shuíomh Cois Life.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS LEABHAIR: I dtír mhilis na cleasaíochta'

  • Mícheál

    Cnuasach gearrscéalta den scoth atá anseo againn ó údar dúshlánach, cróga a ligeann don scríbhneoireacht an chaint a dhéanamh agus a fhanann ina thost é féin. Treise leis.