Bhíomar saghas loite tráthnóna Dé Céadaoin agus trí shraith ag tosnú ar TG4, ceann i ndiaidh a chéile, nach mór. Ar dtús bhí an chéad chlár den ochtú sraith de Sé Mo Laoch os ár gcomhair agus ansin bhí an chéad chlár den dara sraith de An Lá a Rugadh Mé. Ar deireadh bhí Éire Fhiáin –An Cósta Thiar againn, sraith dhraíochtúil álainn a thugann éachtaint ar leith ar an áilleacht agus an tsuaithinseacht a bhaineann le tírdhreach agus fiadhúlra na tíre seo. Fé mar a deir an láithreoir, Eoin Warner, linn ag tosach an chláir, ní bhíonn an uain againn lán ár gcuid súl a bhaint as na hiontais dhúchasach seo óir go mbímid gafa le gnáthchúraimí an tsaoil. Sinn ag rith is ag rás agus ag imeacht ó philéar go posta gan deis againn taitneamh a bhaint as pléisiúir an dúlra.
Sa tsraith dhá chlár seo tá Eoin chun sinn a thionlacan ó Chiarraí go Dún na Gall agus fan na slí tá sé chun iontais na tírdhreacha agus an fhiadhúlra a chur ar ár súile dúinn. Níl áit níb fhearr leis an oilithreacht seo a thosnú ná i Sceilg Mhichíl. Faigheann Eoin féin blaiseadh de shaol an mhanaigh is é ar an Sceilg istoíche ag faire ar theacht, imeacht agus obair na n-éan. Is léir ón gcéad chuid seo den chlár cad iad an dá thréith is suntasaí agus is mealltaí faoin táirge seo. An chéad cheann acu sin ná an cheamaradóireacht shamhlaíoch, chumasach, tréithe a théann i bhfeidhm ort ó thús deireadh. Soláthraítear seatanna aeir is seatanna faoi uisce a bhainfidh an anáil díot – ós na puifíní ag filleadh ar an Sceilg go dtí an pocaire gaoithe ag foluain os cionn na creiche.
Ós na daimh ag imeacht in adharca a chéile i gCill Airne go dtí an míol mór dronnach ag teacht thíos fé éisc a bhí teanntaithe aige ina chiorcal draíochtúil súilíní. I radharc eile tá cuma liobarnach agus amscaí ar na rónta ar thrá an Bhlascaoid Mhóir ach ar hap an tairne tá seat díobh ag lapadaíl go grástúil faoin bhfarraige. Is radharcanna iad seo nach mbeadh as áit i dtáirge mór-ráchairte, gustalach le David Attenborough. Tá moladh thar na bearta ag dul don mheitheal mhór ceamaradóirí a rinne an t-éacht seo.
An dara rud a mheallfaidh tú ná an láithreoir agus a chur chuige nádúrtha. Is léir i rith an ama go bhfuil grá thar na bearta ag Eoin don dúlra agus go bhfuil súp á bhaint aige as an turas seo. Sceitimíní air nuair a théann deilf fén gcadhc, é an-thógtha leis an mbaint a bhí ag an nádúr le cumadh Phort na bPúcaí agus é ag cur de go fileata faoin gcnádán agus pocaire gaoithe. Ní fhéadfadh sé gan dul i bhfeidhm ort. Láithreoir deisbhéalach, eolgaiseach, caithiseach a bhíonn ár dtreorú go tuisceanach gan paidir chapaill a dhéanamh de chúrsaí. É sin ar fad agus an clár i nGaelainn ó thús deireadh mar aon le ceol aduain le Kíla agus Colm Mac an Iomaire ag éirí thiar as.
Caith do shúil ar an saothar seo mar beidh tú faoi gheasa aige.
Feardorcha
Clár iontach gan aon dabht, Attenborough a rith liomsa leis ag féachaint ar an ngrianghrafadóireacaht. Míle uair níos fearr ná aon ní dá leithéid a tháinig ó RTÉ ó aimsir de Buitléir. Bhraitheas go raibh rithim an chláir ábhairín as cor, mar sin féin. N’fheadar cén fáth nár deineadh trí nó ceithre chlár seachas an dá cheann sa tsraith – déarfá go raibh na seaiteanna acu, cinnte.