Léirítear sna taifeadtaí atá ar fáil anois go poiblí trí Mhaoinchiste Annála Samhalta na hÉireann go raibh cainteoirí aonteangacha Gaeilge ina gcónaí i gCill Mhantáin chomh deireanach leis na 1800idí.
Dúirt an Dr Ciarán Wallace, Comhstiúrthóir an Mhaoinchiste, le Tuairisc go raibh “iontas” air nuair a chonaic sé taifeadtaí ón Ard-Ghiúiré i gCill Mhantáin a léirigh gur íocadh ateangairí Gaeilge le haghaidh a seirbhísí i gcúirteanna Chill Mhantáin sa 19ú haois.
Eisíodh an tseachtain seo 175,000 taifead nua staire ó chartlann Oifig na dTaifead Poiblí, taifid a cailleadh sa dóiteán a tharla sna Ceithre Cúirteanna le linn chath Bhaile Átha Cliath in 1922. I measc na dtaifeadtaí sin bhí 50,000 ainm as daonáirimh ón 19ú haois agus ábhar ó na cúirteanna.
“Ba í cartlann Rialtas Shasana in Éirinn í agus mar sin tá an chuid is mó de i mBéarla. Is féidir a fheiceáil, go háirithe sna taifid ón Meánaois, go mbíonn siad ag caint ar ateangairí.
“Sna 1300idí bhí taoisigh na hÉireann ag géilleadh do rí Shasana agus feicimid tagairtí don ‘Hibernic tongue’ sna cuntais. Is taifead agus is cuntas é ar an idirphlé a bhí ann idir dhá phobal teanga,” a dúirt Wallace le Tuairisc.
Dúirt sé go raibh an “t-idirphlé” sin fós le feiceáil sna taifid a rinne cúig chéad bliain ina dhiaidh sin agus go raibh “iontas” air a fheiceáil gur i gCill Mhantáin a bhí sé ag tarlú.
“Tháinig an rud céanna aníos arís sna 1800idí. Bhí na hArd-Ghiúiréanna ann an uair sin, a bhí cosúil leis an gcomhairle contae – ba leagan den rialtas áitiúil iad. Tá taifid ann de na hArd-Ghiúiréithe seo a bheith ag íoc as ateangairí le haghaidh cásanna a bhí ar siúl i gCill Mhantáin. Níor thuig mé féin go raibh an Ghaeilge beo sa taobh sin tíre chomh déanach sin,” a dúirt sé.
Ar cheann de na gnéithe is suntasaí ó thaobh na Gaeilge de atá ar fáil sa chartlann phoiblí nua ná an daonáireamh a rinneadh in Oileáin Árann in 1821. Tá taifead iomlán ann de mhuintir an oileáin, an chéad uair a ndearnadh a leithéid riamh, ach dar leis an Dr Wallace “shílfeá nach raibh focal Gaeilge san oileán”.
Ní hin le rá nach raibh an Ghaeilge ag muintir Árann, ná baol air, a deir sé, ach nach raibh spéis ag na hoifigigh a bhí i mbun an daonáirimh in 1821 sa teanga. Dúirt sé, murab ionann agus na daonáirimh a dhéantar sa lá atá inniu ann, nárbh é “ceann an tí” a líon an fhoirm ach oifigigh a tháinig thar sáile isteach go hÁrainn, Inis Meáin, agus Inis Oírr.
“Ba é an chéad uair a rinneadh taifead de gach duine a bhí sa teach. Dódh an bailiúchán ar fad, seachas corrbhlúirín páipéir anseo is ansiúd. Tá sé ar fáil ar líne anois agus is mór an díol spéise é. Tá ainm gach duine sna hoileáin, fir, mná, agus páistí ann.
“Sna taifid ar fad, níl oiread is ainm amháin Gaeilge ann. Tá na hainmneacha ar fad thar a bheith Gallda, agus tá tráchtanna beaga sna himill faoin ngairm a bhí ag cuid de na daoine. Is oifigeach ón taobh amuigh a tháinig i dtír san oileán a bhí ann a bhreathnaigh orthu go huile is go hiomlán trí lionsa an Bhéarlóra. B’fhéidir go mbeadh sagart nó oifigeach de chuid an RIC leis, ach shílfeá ó bheith á léamh nach raibh Gaeilge ar bith in Oileáin Árann in 1821,” a dúirt Wallace.
Scriosadh na taifid a bhain leis an daonáireamh sin sa dóiteán mór agus is tras-scríbhinn iad formhór mór na dtaifead atá ar shuíomh na cartlainne. Ach i gcás Oileáin Árann is féidir an cháipéis féin, a breacadh i mí na Bealtaine 1821, a fheiceáil.
Dúirt Wallace nach maireann aon bhuncháipéis eile do cheantar ar bith eile sa tír ó 1821 agus gur cóipeanna a fuarthas ó áiteanna eile iad na cinn atá le feiceáil anois.
“Aimsíodh na hainmneacha trí chartlanna agus leabharlanna a ransú le haghaidh cóipleabhair agus leabhair nótaí a d’úsáid gineolaithe a rinne taighde bunaithe ar na bunchóipeanna roimh an mbliain 1922.
“Dódh buntaifid na ndaonáireamh i gCath na gCeithre Cúirteanna ach dheonaigh na ginealeolaithe seo a leabhair nótaí ina dhiaidh sin – ba mhinic nach raibh iontu ach scriobláil – do Chartlanna Náisiúnta na hÉireann, d’Oifig na dTaifead Poiblí Thuaisceart Éireann, nó do chartlann áitiúil éigin. Chuaigh Brian Gurrin ar a dtóir, bhain meabhair astu, agus chuir 60,000 acu leis an Maoinchiste,” a dúirt Wallace.
Níor thug áiritheoirí an Daonáirimh aon suntas don Ghaeilge go dtí 1851. Dúirt Wallace nár éirigh leis aon tagairt den teanga a aimsiú in aon tuairisc daonáirimh go dtí an bhliain sin.
Sa tuarascáil faoin Daonáireamh in 1851, tugadh le fios go raibh an Ghaeilge ag 1,524,286 duine in Éirinn an bhliain sin – 23.3% den daonra iomlán. Ach tugtar le fios ann freisin go bhféadfadh sé nach mbeadh an figiúr seo cruinn mar gheall ar an gcaoi ar bailíodh an t-eolas.
“Bailíodh an t-eolas sa spás faoin gceannteideal ‘Oideachas’, agus mar ‘nóta’ ag bun na foirme (a bhféadfaí dearmad a dhéanamh air i gcásanna áirithe),” a dúradh sa tuarascáil.
Ba é cúige Chonnacht an áit ba mhó a raibh an Ghaeilge sa treis agus an teanga ag os cionn 50% den daonra in 1851. Bhí níos mó cainteoirí Gaeilge i gcúige Uladh (6.8%) an uair sin ná mar a bhí i gcúige Laighean (3.5%). Bhí an Ghaeilge ag 70% de mhuintir na Gaillimhe, an contae ba mhó cainteoirí Gaeilge, agus ag 0.1% de mhuintir Chill Mhantáin, an contae ba lú.
Is sa dara leath den 19ú haois a thosaigh lucht acadúil ag cur spéise sa Ghaeilge agus a háit i stair na hÉireann, dar le Wallace. Dúirt sé gurbh éigean do rialtas na Breataine in Éirinn duine a fhostú a raibh an Ghaeilge ar a thoil aige leis an ábhar Gaeilge a bhí sa chartlann a scagadh – an chéad phost státseirbhíse a raibh riachtanas Gaeilge luaite leis.
“Faoi na 1890idí bhí scoláirí Gaeilge ag lorg taifid i nGaeilge. Chaith an fhoireann bainistíochta in Oifig na dTaifead Poiblí duine amháin ar a laghad a fhostú a raibh Gaeilge líofa aige – agus tharla sé seo faoi riail na Breataine in Éirinn. Ba é an chéad phost stáit é a raibh riachtanas Gaeilge luaite leis. Muirgheasach as contae Chiarraí an chéad fhear a fuair an post.
“Fuarthas cúig mhír ar fad sa stór. An cur síos a rinneadh orthu ná ‘documents written in the Irish character and tongue’. Chuir siad i gcló sa seanchló iad taobh le haistriúchán go Béarla. Tras-scríobh is ea ceann acu ar bhreithiúnas ón bhFéineachas. Baineann sé le dhá theaghlach in Uíbh Fhailí agus theastaigh uathu go gcuirfí an breithiúnas i scríbhinn, cé gur traidisiún béil a bhí san Fhéineachas go dtí sin. Bhraith na scoláirí sna 189oidí go raibh luach acadúil ag baint leis,” a dúirt Wallace.
Tá cáipéis eile sa chartlann a scríobhadh i nGaeilge in 1661, cúpla bliain i ndiaidh bhás Chromail. Litir atá ann a bhí seilbh fir a gabhadh ar an mbóthar ó Dhún na nGall nach raibh an saighdiúir a ghabh é in ann meabhair a bhaint aisti.
“Go bunúsach, áit éigin ar an mbóthar ó bhaile Dhún na nGall, ghabh oifigeach Sasanach fear, tráth a raibh achrann ann faoi riail Shasana in Éirinn, ghabh sé fear agus níorbh fhéidir leis an script a léamh. Ba litir ó Ord na bProinsiasach a bhí ann agus iad ag iarraidh atheagar a chur ar an ord tar éis bhás Chromail.
“Bhí imní ar an oifigeach gur “rebellious document” a bhí sa litir agus seoladh go Baile Átha Cliath í lena haistriú. As sin, chuaigh sé chuig an gcartlann faisnéise in Kew i Sasana, mar sin tá cóip againn de théacs i nGaeilge mar a scríobh Proinsiasach Éireannach sna 1660idí í,” a dúirt Wallace.
Fág freagra ar 'Léiriú ar stair na Gaeilge in Éirinn le 700 bliain i Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann'