Leibhéal ró-ard mangainéise i gcóras uisce an Spidéil ó Mheitheamh na bliana seo caite

23 uair níos airde ná mar is ceart dó a bheith a bhí an leibhéal mangainéise i gcóras uisce an Spidéil an lá sular eisíodh an Foláireamh ná hÓl atá fós i bhfeidhm sa cheantar

Leibhéal ró-ard mangainéise i gcóras uisce an Spidéil ó Mheitheamh na bliana seo caite

Tá sé tugtha le fios ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) gur léirigh 17 de thástálacha ar chóras uisce poiblí i gConamara go raibh an leibhéal mangainéise ann ró-ard.

Tá beagnach 6,000 duine i gceantar Chois Fharraige in iarthar na Gaillimhe agus ar Inis Bó Finne fágtha gan aon uisce le breis is mí anuas agus ‘Foláireamh ná hÓl’ eisithe ag Uisce Éireann.

Eisíodh an foláireamh do chóras an Spidéil ar an 16 Meán Fómhair agus tá na mílte duine ó cheantar na bhForbacha siar chomh fada le Ros an Mhíl buailte ag an bhfadhb ó shin. Tá an foláireamh ar Inis Bó Finne i bhfeidhm ó mhí Lúnasa.

De réir eolais a chur an EPA ar fáil do RTÉ Raidió na Gaeltachta, tá fadhb ann maidir le leibhéal na mangainéise i gcóras an Spidéil ó shamhradh na bliana seo caite. Thug an EPA le fios gur léirigh 17 tástáil a rinneadh ar an gcóras ó mhí Mheithimh 2021 go raibh an leibhéal mangainéise san uisce ró-ard.

Léirigh an tástáil a rinneadh ar an gcóras ar an 15 Meán Fómhair, an lá sular eisíodh an Foláireamh ná hÓl, go raibh an leibhéal mangainéise 23 uair níos airde ná mar ba cheart dó a bheith.

Bhí cruinniú ag comhairleoirí contae ó Chonamara le hUisce Éireann inné.

Agus é ag labhairt ar an gclár Adhmhaidin, dúirt an comhairleoir contae áitiúil, Pádraig Mac an Iomaire, gur thug Uisce Éireann le fios do na comhairleoirí gur léirigh na tástálacha is déanaí ar an uisce go raibh feabhas ag teacht ar chúrsaí. Bhíothas ag súil le réiteach “go gairid” cé gur theip ar Uisce Éireann a rá cén uair go díreach go mbeadh cead an t-uisce a ól arís, a dúirt sé.

Dúirt Mac an Iomaire gur mhínigh Uisce Éireann go raibh siad fós ag obair ar phíopaí an chórais a ghlanadh.

“Dúirt siad go raibh siad ag feiceáil mangainéise fanta i gcuid de na píopaí, ní sa bpíopa uile ach i gcuid de siar, agus go rabhadar ag coinneáil orthu á ghlanadh,” a dúirt an comhairleoir de chuid Fhine Gael. Thug sé le fios go mbeadh tuilleadh tástálacha á ndéanamh ar an gcóras uisce inniu agus amárach.

Dúirt an EPA go mbeifear ag glanadh na bpíopaí sa chóras níos minice feasta chun iarracht a dhéanamh an fhadhb a sheachaint amach anseo.

Dúirt Mac an Iomaire nach raibh sé sásta le hiompar Uisce Éireann ó tháinig an fhadhb chun solais. Cháin sé an easpa eolais a bhí ar fáil do mhuintir na háite agus d’ionadaithe poiblí maidir leis an bhfadhb. Dúirt an Comhairleoir nár dúradh leis an comhairleoirí inné go raibh ag teip ar thástálacha ar an gcóras ó mhí an Mheithimh seo caite.

“Níl sé féaráilte ar na daoine sna háiteanna seo, go háirithe seandaoine agus daoine le gasúir óga,” a dúirt sé.

Dúirt Mac an Iomaire gur ghlac Uisce Éireann leis gur theastaigh “bealaí níos fearr leis an bpobal a chur ar an airdeall”.

Phléigh an Teachta Dála Catherine Connolly an fhadhb sa Dáil roinnt seachtainí ó shin agus cháin sí Uisce Éireann as “easpa cumarsáide”.

Deirtear faoin bhFoláireamh ná hÓl atá i bhfeidhm do chóras an Spidéil nár chóir an t-uisce a ól fiú agus é beirithe agus fuaraithe.

Tá rabhadh tugtha dóibh siúd a bhfuil ráite leo gan an t-uisce a ól gan é a úsáid ach oiread chun deochanna eile a dhéanamh, chun sailéid nó béilí eile a dhéanamh. Deirtear chomh maith nár cheart an t-uisce a úsáid chun fiacla a scuabadh nó béal duine a fholcadh ná chun leac oighir a dhéanamh.

Is féidir an t-uisce a úsáid chun folcadh nó cithfholcadh a bheith agat, chun leithris a shruthlú nó chun uisce a chur ar phlandaí agus ar bhláthanna, a deirtear.

Tá tancaeir uisce, as córas uisce Mhaigh Cuilinn, ar fáil don phobal ag Trá na bhForbacha, Tí Phádraicín; Seanchéibh an Spidéil, taobh le banc na mbuidéal; Séipéal an Chnoic; Halla na Tulaí (Trasna ó TG4); agus ag Ionad Pobail Ros an Mhíl. Is gá an t-uisce ó na tancaeir sin a fhiuchadh sula n-úsáidtear é.

Fág freagra ar 'Leibhéal ró-ard mangainéise i gcóras uisce an Spidéil ó Mheitheamh na bliana seo caite'