Léamhthuiscint 11 – Ní bhíonn lorg an ghrá ar leabhar go mbíonn na coirnéil ite agus subh agus sellotape air

Léamhthuiscint 11 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Léamhthuiscint 11 – Ní bhíonn lorg an ghrá ar leabhar go mbíonn na coirnéil ite agus subh agus sellotape air
  1. Níl aon locht agam ar leabhar nua glan a dtugtar aire dó, ach tá cion ar leith agam ar an leabhar atá seanchaite agus gioblach le teann léamh agus athléamh, an clúdach marcáilte ag lorg mugannaí caife, agus na leathanaigh breac le smeadar suibhe, bruscar aráin agus anlann trátaí. Is furasta na leabhair is fearr le chuile dhuine sa teach s’againne a aithint mar is iad a bheidh lán le cluaisíní cait, bileoga ag sciorradh amach astu, stróiceanna beaga anseo is ansiúd iontu agus iad coinnithe le chéile ag sellotape. Seans go bhfuil chuile theach mar an gcéanna.
  2. Le deireanas a bhí mé ag breathnú ar an mbailiúchán leabhar cairtchláir do bhabaithe beaga atá cruinnithe le chéile ar an tseilf in aice leis an leaba. Ceapaim go bhfuil gach duine sa teach críochnaithe leo anois agus ní gá ach breathnú orthu is feicfidh tú gur mór an… cion?… a bhí orthu. D’fheicfeá lorg na bhfiacla ar choirnéal amháin, an droim ag imeacht de cheann eile, agus an chuma orthu gur léadh go mion minic iad. Agus léadh. Anois agus é in am slán a fhágáil acu, tá uaigneas i mo chroí is mé ag iarraidh cuimhneamh céard a dhéanfaidh mé leo. Chuimhnigh mé go bhféadfainn iad a bhronnadh ar dhuine éigin. Ach níl a fhios agam cén fháilte a bheadh ag aon duine roimh bhailiúchán leabhar leath-ite. 
  3. Déarfá go bhfuil an-chogaint i gcnámh do ghadhar nó i mála mór taifí, ach ní raibh a fhios agam riamh go raibh an bua céanna ag leabhair áirithe. Nílim ag caint ar an gcogaint mheafarach ná liteartha, ná ar smaointe a mbeifeá ag mungailt orthu. Ní leor scéal maith sa leabhar cairtchláir. Ná ní leor ábhar machnaimh. Caithfidh sé a bheith tarraingteach go fisiciúil, físiúil agus, níos tábhachtaí fós, caithfidh sé a bheith in ann ag an saol dúshlánach atá amach roimhe mar leathliathróid/leathleabhar/leathshúdar (tá a fhios agam go bhfuil trí leath ansin, ach ní leanann siad gnáthrialacha na fisice). 
  4. An bhfuil aon seánra litríochta eile ann ina bhfuil tábhacht leis na tréithe aeraidinimice? Caithfidh an leabhar cairtchláir a bheith déanta as substaint éicint a bhféadfaí, dá mba ghá, é a chur go dtí an ghealach agus ar ais trí atmaisféar an domhain is nach gcuirfeadh sé mórán as dó. Caithfidh sé a bheith sách láidir le go bhféadfaidh tú é a léamh, é a léamh trí nó ceithre huaire sa lá ar feadh míonna i ndiaidh a chéile, blianta seans, agus go mbeadh an scríobh agus na pictiúir fós le feiceáil go soiléir. Ní mór a bheith in ann na coirnéil a dhiúl is a lúbadh agus an scríobh a choinneáil istigh ó na coirnéil sa gcaoi is go mbeidh tú fós in ann an leabhar a léamh nuair a bheidh na coirnéil ite de. Caithfidh tú a bheith in ann é chaitheamh thart sa seomra, isteach faoin mbugaí, amach as fuinneog an chairr, síos sa bhfolcadán agus muinín a bheith agat go bhfanfaidh sé ina chéile. Má sheasann siad an teist, feicfidh tú bailiúchán leabhar ar do sheilfeanna agus lorg an ghrá is an cheana orthu. An bhfuil léirmheas ar bith níos fearr ná sin?

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:

1) Cad fáth a luaitear ‘mugannaí caife’ in alt 1?

2) Cén fáth a bhfuil na leabhair á gcoinneáil le chéile ag sellotape? (alt 1)

3) Cén chaoi gur féidir na leabhair a thaitníonn leis an teaghlach seo a aithint? (alt 1)

4) Cén fáth a bhfuil uaigneas ar an údar in alt 2?

5) Cén fáth a luaitear ‘taifí’ in alt 3?

6) Cén fáth a bhfuil tábhacht le ‘tréithe aeraidinimice’? (alt 4)

7) Luaigh ceann de na ‘teisteanna’ a chaithfidh an leabhar seo a sheasamh.

Gníomhaíocht 2 – Ceisteanna Léirthuisceana agus Tuairimíochta:

  1. Cén fáth, meas tú, a bhfuil comhartha ceiste leis an bhfocal ‘cion’ in alt 2?
  2. Cé chomh tábhachtach is atá leabhair/léitheoireacht don teaghlach seo, meas tú??
  3. Meas tú céard a dhéanfaidh an t-údar amach anseo leis na leabhair a bhfuil sí ag trácht orthu?

Gníomhaíocht 3 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigh na ceisteanna agus déan na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid agus a phlé.

Gníomhaíocht 4 – deis taifeadta:

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 5 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 6 –  Cúinne na Gramadaí:

  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal firinscneach in alt 1.
  • Aimsigh sampla de bhriathar saor sa mhodh coinníollach in alt 4.
  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach iolra in alt 2.
  • Aimsigh sampla d’aidiacht bhriathartha in alt 1.
  • Sracfhéachaint ar an aimsir láithreach:
  • (Luaigh + briathar saor) an fhadhb chéanna gach bliain.
    (An + cónaigh)  mórán daoine sa sráidbhaile?
    (Ní + aontaigh) aon duine le chéile ar an gcoiste sin.
    (Foghlaim + mé) go leor ar scoil.
    (An + faigh) sibh mórán billí gach mí?

Gníomhaíocht 7 – Bí ag scríobh agus ag caint:

  • Scríobh cúpla pointe faoin ábhar thíos:

Déan cur síos ar leabhar/suíomh idirlín/iris a thaitníonn leat féin?

Déan cur síos ar rud éigin a léigh tú le déanaí.

Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Déan cur síos, luaigh cén fáth go dtaitníonn sé leat, luaigh na tréithe, tabhair moltaí, cuir sásamh in iúil.

  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

Fág freagra ar 'Léamhthuiscint 11 – Ní bhíonn lorg an ghrá ar leabhar go mbíonn na coirnéil ite agus subh agus sellotape air'