Leagan nua den iris Nós seolta i mBéal Feirtse

An iris nua ag súil le "beocht fhuinniúil a chur i sochaí na hÉireann trí léargas muiníneach Gaelach a thabhairt ar an saol thart orainn"

Príomhleathanach

Tá an leagan nua den iris NÓS ‘beo’ ar líne.

Ba i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste a seoladh an suíomh nua go gairid tar éis meánlae inniu.

I mí Iúil seo caite bhronn Foras na Gaeilge conradh trí bliana ar an gcomhlacht Rua Media chun ‘iris slí mhaireachtála’ ar líne a fhoilsiú.

Is é Tomaí Ó Conghaile, atá ina eagarthóir ar an leagan nua den iris atá á fhoilsiú aige ó 2008.

Tá sé i gceist ag Rua Media go mbeidh leagan clóite den iris ar fáil i gcónaí, ach uair gach dhá mhí seachas uair sa mhí a chuirfear NÓS i gcló feasta.

Tá cuma bhríomhar ar nos.ie agus meascán d’ábhair ann.

Ar na rannóga ar an suíomh nua, tá ‘Cultúr’, ‘Teic’, ‘Saol’, Meáin’, ‘Taisteal’, agus ‘Gníomhaíochas’.

Tá gné-ailt ar an gcéad ‘eagrán’ faoi na nua-amhráin Ghaeilge is fearr riamh agus alt eile ag fágáil slán leis an Seaview i nGaoth Dobhair agus ag fógairt na gcúig rud ab fhearr faoi.

Tá léirmheasanna chomh maith ann ar chúrsaí ceoil, litríochta, scannán agus ealaíne mar aon le hagallamh ag Ben Ó Faoláin leis an gceoltóir Caribou agus agallamh ‘60 soicind’ leis an láithreoir teilifíse, Máire Treasa Ní Dhubhghaill.

NÓS.ie

I measc na scríbhneoirí ag an iris ar líne tá an láithreoir raidió Rónán Mac Aodha Bhuí agus iareagarthóir an nuachtáin Gaelscéal, Ciarán Dunbar, a bhfuil alt aige ina maíonn sé go bhfuil “teanga bhord caife” á déanamh den Ghaeilge agus gurb í an bás atá i ndán di mura gcothaítear mar theanga teaghlaigh í.

Tá roinnt altanna leis ar nos.ie faoi chúrsaí idirnáisiúnta agus píosaí tuairimíochta ann faoi pholaitíocht na Gearmáine agus na hAfraice Theas chomh maith le haltanna taistil faoi thíortha éagsúla.

Deirtear ar an suíomh nua go bhfuil sé “de sprioc ag NÓS beocht fhuinniúil a chur i sochaí na hÉireann trí léargas muiníneach Gaelach a thabhairt ar an saol thart orainn”.

Ba mhian le nos.ie chomh maith “pobal na teanga a spreagadh chun spraoi, chun smaoinimh agus chun gnímh”.

Tá léirmheas le Alex Hijmans ar NÓS le léamh anseo.

Fág freagra ar 'Leagan nua den iris Nós seolta i mBéal Feirtse'