Leagan amach nua na ndáilcheantar – cé a thoghfar sa chéad olltoghchán eile

Agus atarraingt déanta ar an léarscáil toghcháin, sa dara ceann de dhá alt speisialta déantar anailís ar gach dáilcheantar sa chéad olltoghchán eile  

Leagan amach nua na ndáilcheantar – cé a thoghfar sa chéad olltoghchán eile

Gaillimh Thoir

Tá an chuid d’oirthuaisceart na Gaillimhe a bhí curtha le Ros Comáin ar ais arís i nGaillimh Thoir agus suíochán breise ann. Ní mórán de mhéadú i vóta Shinn Féin a theastódh le go bhfaigheadh iarrthóir an pháirtí an suíochán breise sin. Chaill Louis O’Hara (SF) amach ar shuíochán le 338 vóta in 2020. Beidh na suíocháin eile ag an triúr atá sa Dáil faoi láthair – Ann Rabbitte (FF); Ciarán Cannon (FG) agus Seán Canney (Nspl) -cé go bhféadfadh géarchoimhlint a bheith ann do shuíochán Fhine Gael.

Tuar: FF 1; FG 1; SF 1; Nspl 1


Gaillimh Thiar

Tá an chuid de Mhaigh Eo a bhí curtha le Gaillimh Thiar curtha ar ais. Bhí tacaíocht láidir ag Éamon Ó Cuív sa gceantar sin ach ní ar na vótaí sin a bheas sé ag brath lena shuíochán a choinneáil. Seans go mbeidh Mairéad Farrell (SF) ar bharr an chomhairimh agus vótaí le spáráil aici a ghabhfaidh chun tairbhe Catherine Connolly (Nspl). Ní bheidh mórán d’athrú sa dáilcheantar, seachas coimhlint ghéar idir an tAire Stáit Hildegarde Naughton (FG) agus an Seanadóir Seán Kyne (FG) le socrú cé aige a bheas suíochán Fhine Gael. Níor cheart aon stró a bheith ar Noel Grealish (Nspl) a shuíochán a choinneáil.

Tuar: FF 1; FG 1; SF 1; Nspl 2


Ciarraí

Níl aon athrú ar an dáilcheantar seo. An cheist ná an mbeidh Sinn Féin in ann an vóta a mhéadú a dhóthain leis an dara suíochán a thógáil agus má thógann, cé a chaillfeas amach? Tá beagnach dhá chuóta idir an dá Healy-Rae agus coinneoidh farasbarr Michael a dheartháir Danny sa rás go dtí an deireadh, ach d’fhéadfadh an dara hiarrthóir ó Shinn Féin a shuíochán a bhaint de dá mba as an gceantar céanna an t-iarrthóir sin agus muintir Healy-Rae.

Tá fadhb faoi láthair ag Fine Gael agus Brendan Griffin (FG) ag éirí as. Ach iarrthóir maith a fháil seans maith go gcoinneoidh FG an suíochán.

Tuar: FF 1; FG 1; SF 2; Nspl 1


Cill Dara Thuaidh

Tá suíochán breise anseo le líonadh. Ní dóigh liom go mbeidh a ndóthain vótaí ag Sinn Féin le dhá shuíochán a thógáil. Beidh suíochán ag Catherine Murphy (SD) cinnte agus beidh ceann ag Fine Gael agus ceann ag Fianna Fáil. D’fhéadfadh go mbeadh an suíochán breise ag Fianna Fáil, más féidir leis an dá iarrthóir na vótaí a roinnt go cothrom eatarthu.

Tuar: FF 2; FG 1; SF 1; SD 1


Cill Dara Theas

Tá an toghcheantar laghdaithe ach fanfaidh an líon suíochán mar a bhí. Trí shuíochán a bheas le líonadh as na ceithre cinn mar go bhfuil ceann ag an gCeann Comhairle Seán Ó Fearghaíl (FF) cheana. Bhí a ndóthain vótaí ag Fianna Fáil le suíochán eile a thógáil in 2020 dá mbeadh níos mó vótaí aistrithe faighte ag an iarrthóir a bhí chun tosaigh. Má éiríonn le Fianna Fáil suíochán a fháil le straitéis aon-iarrthóra, d’fhéadfadh an Teachta neamhspleách, Cathal Berry (Nspl) a bheith thíos leis.

Tuar: FF 2; FG 1; SF 1


Laois

Tá contae Laoise ina dháilcheantar as féin arís. Ba cheart go mbeadh suíochán ag Brian Stanley (SF), ag Seán Fleming (FF) agus ag Charles Flanagan (FG), má thograíonn sé seasamh.

Tuar: FF 1; FG 1; SF 1


Cathair Luimnigh

Tá an chuid sin de Thiobraid Árann a bhí sa dáilcheantar seo curtha ar ais i dTiobraid Árann Thuaidh. Beidh Sinn Féin ar thóir an dara suíochán ach theastódh uathu a vóta a dhúbailt. Má éiríonn leo, is é An Comhaontas Glas a bheas thíos leis. Beidh seans ag an iarrthóir neamhspleách Frankie Daly (Nspl) má bhíonn sé san iomaíocht go deireadh.

Tuar: FF 1; FG 1; SF 1; Nspl 1


Contae Luimnigh

Níl aon athrú déanta ar an dáilcheantar seo. Tá seans ag Sinn Féin suíochán a thógáil ón dTeachta neamhspleách Richard O’Donohue (Nspl) ach an vóta a mhéadú ó 15% in 2020 go 20% sa toghchán atá le teacht.

Tuar: FF 1; FG 1; SF 1


An Longfort – An Iarmhí

Beidh suíochán breise sa dáilcheantar seo. Chaill Boxer Moran (Nspl) an uair dheireanach le 791 vóta. Má bhíonn sé san iomaíocht d’fhéadfadh sé an suíochán breise a thógáil.

Tuar: FF 2; FG 1; SF 1; Nspl 1


Tá cuid den Mhí caillte ag an Dáilcheantar, a chuirfidh as do Ged Nash (LO) agus d’Fhergus O’Dowd (FG). Más féidir an vóta a roinnt go cothrom idir triúr iarrthóirí, tá seans réasúnta ag Sinn Féin ar thrí shuíochán a thógáil. Sé Ged Nash (LO) is mó a bheadh i mbaol. D’fhéadfadh Fianna Fáil a bheith san iomaíocht don cúigiú suíochán le Peter Fitzpatrick (Nspl).

Tuar: FF 1; FG 1; SF 3.


Maigh Eo

Tá an chuid de dheisceart an chontae, a bhí le Gaillimh Thiar, curtha ar ais i nDáilcheantar Mhaigh Eo agus suíochán breise tugtha don toghcheantar. Más féidir le Lisa Chambers (FF) agus le Dara Calleary (FF) na vótaí a roinnt réasúnta cothrom eatarthu bheadh seans ag Fianna Fáil an dara suíochán a bhuachan. Tá an dá shuíochán ag Fine Gael sábháilte, mar atá suíochán Rose Conway-Walsh (SF).

Tuar: FF 2; FG 2; SF 1.


Mí Thoir

Tá cuid den Chabhán agus de chontae Lú curtha leis an taobh thoir den chontae le suíochán breise a thabhairt don dáilcheantar seo. Beidh Sinn Féin agus Fine Gael ag súil leis an suíochán breise a thógáil. Agus borradh faoi Shinn Féin, is mó seans gur ag an bpáirtí sin a bheidh an suíochán breise.

Tuar: FF 1; FG 1; SF 2


Mí Thiar

Tá cuid den sean-dáilcheantar curtha leis An Longfort – An Iarmhí. Beidh suíochán cinnte ag Sinn Féin agus ag Fine Gael. Seans go mbeidh Sinn Féin san iomaíocht don dara suíochán. Beidh aistriúchán maith le fáil ag Peadar Tóibín (Aontú) ó fharasbarr Shinn Féin. Fágfar Fianna Fáil folamh, cé go mbeidh siad san iomaíocht go dtí an deireadh.

Tuar: FG 1; SF 1; Aon 1


Uíbh Fhailí

Tá Uíbh Fhailí ina dháilcheantar as féin arís. Ba cheart go mbeadh suíochán ag iarrthóir de chuid Shinn Féin (SF), chomh maith le Barry Cowen (FF) agus Marcella Kennedy Corcoran (FG). Má thógann Sinn Féin suíochán, caillfidh Carol Nolan (Nspl) an ceann a bhain sí den chéad uair nuair a sheas sí mar iarrthóir do Shinn Féin in 2016.

Tuar: FF 1; FG 1; SF 1


Ros Comáin – Gaillimh

Baineadh cuid de Ghaillimh ón dáilcheantar seo le cur ar ais le Gaillimh Thoir, ceantar ina bhfuil tacaíocht láidir ag an Teachta Dála neamhspleách Michael Fitzmaurice (Nspl). Níor cheart go mbeadh aon stró, áfach, ar Fitzmaurice a shuíochán a choinneáil, cé go mbeidh sé anois ina chónaí i nGaillimh Thoir. Gheobhaidh Sinn Féin suíochán. Tá sé ráite ag Denis Naughton (Nspl) nach mbeidh sé ag seasamh. Iarbhall d’Fhine Gael é Naughton agus dá bharr sin beidh seans ag an bpáirtí suíochán a thógáil ar ais anseo.

Tuar: FG1; SF 1; Nspl 1


Sligeach-Liatroim

Tá seans ag Sinn Féin an dara suíochán a fháil anseo, ach iarrthóir láidir as Sligeach féin a bheith ag seasamh dóibh. Gheobhaidh Fine Gael suíochán amháin agus beidh Fianna Fáil ag iarraidh suíochán Marc MacSharry (Nspl) a thógaint ar ais, má shocraíonn sé fanacht neamhspleách. Tá comhartha ceiste ann faoi cé acu an mbeidh Marian Harkin (Nspl) ag seasamh arís nó nach mbeidh. Mura mbeidh gabhfaidh sé chun tairbhe Shinn Féin.

Tuar: FF 1; FG 1; SF 2


Tiobraid Árann Thuaidh

Tá dhá dháilcheantar déanta de Thiobraid Árann arís. Tá seans ag Sinn Féin suíochán breise a fháil. Tá sé cinnte go mbeidh suíochán ag Michael Lowry (Nspl) agus ba cheart go mbeadh Jackie Cahill (FF) sábháilte, cé go bhfuil cuid de na daoine is mó atá dílis dó gearrtha amach as an dáilcheantar nua. An fhad is atá Michael Lowry (Nspl) ann, is beag seans atá ag Fine Gael suíochán a fháil. Tá Alan Kelly (LO) i mbaol a shuíochán a chailliúint.

Tuar: FF 1; SF 1; Nspl 1


Tiobraid Árann Theas

Sa chuid ó dheas de Thiobraid Árann tá seans ag Fine Gael suíochán a bhuachan ach iarrthóir amháin a chur chun cinn. Níor cheart aon stró a bheith ar Martin Brown (SF) ná ar Mattie McGrath (Nspl) a suíocháin a choinneáil. Beidh an tríú suíochán idir Fine Gael, Fianna Fáil agus Séamus Healy (Nspl), má bhíonn sé ag seasamh.

Tuar: FG 1; SF 1; Nspl 1


Port Láirge

Níl aon athrú ar an dáilcheantar seo. Beidh Sinn Féin ag súil leis an dara suíochán a fháil. Bhí beagnach dhá chuóta ag David Cullinane (SF) in 2020. Sé Marc Ó Cathasaigh (CG) is mó atá i mbaol a shuíochán a chailliúint agus d’fhéadfadh Matt Shanahan (Nspl) a bheith i mbaol chomh maith. Fuair sé go leor vótaí aistrithe (1,725) ó David Cullinane (SF) nach mbeidh ar fáil sa chéad toghchán eile. Beidh suíochán ag Fianna Fáil agus beidh Fine Gael san iomaíocht don cheathrú suíochán ach bainistiú níos fearr a dhéanamh ar na vótaí an babhta seo.

Tuar: FF 1; FG1; SF 2.


Cill Mhantáin – Loch Garman

Dáilcheantar nua as an bpíosa anseo. Tá deisceart Chill Mhantáin curtha le tuaisceart Loch Garman, agus gan aon Teachta Dála faoi láthair lonnaithe ann.

Tá seans maith ag Sinn Féin suíochán amháin a fháil agus beidh suíochán amháin ag Fine Gael agus ceann ag Fianna Fáil. Ní chuirfeadh sé iontas orm dá n-éireodh le hiarrthóir neamhspleách an suíochán a bhuachan.

Tuar: FF 1; FG 1; SF 1


Loch Garman

Tá cúig Theachta Dála faoi láthair lonnaithe sa dáilcheantar agus gan ach ceithre shuíochán le líonadh an chéad uair eile. Seans maith go gcaillfidh Páirtí an Lucht Oibre an suíochán atá sa dáilcheantar seo acu le fada an lá, go háirithe má shocraíonn Brendan Howlin (LO) éirí as. Buafaidh Sinn Féin suíochán, beidh suíochán amháin ag Fianna Fáil, beidh ceann ag Verona Murphy (Nspl) agus seans go mbeidh an ceathrú ceann ag Fine Gael, cé nach bhfuil aon chinnteacht ann go mbeidh Paul Kehoe (FG) ag seasamh arís.

Tuar: FF 1; FG 1; SF 1; Nspl 1


Cill Mhantáin

Beidh iomaíocht ghéar sa dáilcheantar seo ina bhfuil cúigear Teachtaí Dála agus gan ach ceithre shuíochán le líonadh. Tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly (FF) agus Stephen Mathews (CG) i mbaol.

Tuar: FF 1; FG 1; SF 1; SD 1


Impleachtaí: Bunaithe ar an anailís sa dá alt sa tsraith seo tá an chuma ar an scéal go bhféadfadh 60 suíochán a bheith ag Sinn Féin sa gcéad Dáil eile agus go mbeidh thart ar 40 ag Fianna Fáil agus 40 ag Fine Gael. Beidh laghdú mór ar líon na suíochán ag an gComhaontas Ghas agus ag Páirtí an Lucht Oibre, mar go mbainfidh Sinn Féin uathu iad. Caillfidh na hiarrthóirí ó na páirtithe eile ar an eite chlé roinnt suíochán chomh maith, toisc gan oiread farasbarr vótaí a bheith ar fáil ó Shinn Féin is a bhí in 2020. Le móramh a fháil beidh 88 Teachta Dála ag teastáil le Taoiseach a thoghadh.

Drochsheans go mbeidh a ndóthain suíochán ag Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas le chéile chun rialtas seasmhach a bhunú. D’fhéadfadh gur faoi Shinn Féin a bheidh sé rialtas mionlaigh a chur le chéile, mura mbeidh aon cheann de na páirtithe móra sásta cumhacht a roinnt leo.

Neosfaidh an aimsir.

Leagan amach nua na ndáilcheantar – cé a thoghfar sa chéad olltoghchán eile

Fág freagra ar 'Leagan amach nua na ndáilcheantar – cé a thoghfar sa chéad olltoghchán eile'