Leabhar nua faoi thoibreacha beannaithe Chonamara ar fáil saor in aisce ar líne

Tá eolas sa leabhar nua faoi na déithe Ceilteacha agus naoimh na Críostaíochta a luaitear leis na toibreacha chomh maith le heolas faoi na hoilithreachtaí a dhéantar orthu gach bliain

Leabhar nua faoi thoibreacha beannaithe Chonamara ar fáil saor in aisce ar líne

Tá leabhar nua Béarla ar fáil saor in aisce ar líne faoi thoibreacha beannaithe Chonamara. Tá eolas faoi 15 tobar sa leabhar, atá ar fáil mar PDF agus mar leabhar digiteach ar shuíomh an Connemara Programme, agus tá sé cinn de na toibreacha sin i nGaeltacht Chonamara.

Is toibreacha iad seo a mbítí ag déanamh oilithreachtaí chucu roimh theacht na Críostaíochta go hÉirinn ach rinneadh ionaid Chríostaíochta díobh ansin. Tá siad uilig gar go maith do shéipéal, reilig, mainistir nó ionad eaglasta eile.

Is iad na toibreacha Gaeltachta a ndéantar cur síos orthu sa leabhar Tobar Éinne i mBearna, Tobar Chonaill ar an gCaiseal, Tobar Anna i dTír an Fhia, Tobar Bhriain Bhóirmhe in Oileán Ghabhar Sheoirse, agus dhá Thobar Mhuire i gCill Chiaráin.

Tá eolas ann faoi na déithe Ceilteacha agus naoimh na Críostaíochta a luaitear leis an toibreacha chomh maith le heolas faoi na hoilithreachtaí a dhéantar orthu.

Tugtar eolas sa leabhar chomh maith faoi na cumhachtaí leighis a luaitear leis na toibreacha éagsúla agus na hofrálacha a d’fhágtaí ag na toibreacha. Tá go leor grianghraf agus léarscáileanna sa leabhar a chabhródh le duine ar bith ar spéis leis camchuairt a thabhairt ar na toibreacha éagsúla.

Chuaigh lucht scríofa an leabhair, an Connemara Programme, atá lonnaithe ar an gClochán in iarthar Chonamara, i mbun cainte le muintir na háite agus i mbun taighde i leabharlanna an chontae leis an leabhar a chur le chéile. Tá na léarscáileanna bunaithe ar obair na Suirbhéireacht Ordanáis.

Fág freagra ar 'Leabhar nua faoi thoibreacha beannaithe Chonamara ar fáil saor in aisce ar líne'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Is dóigh liom go mbeidh sé seo an-úsáideach, agus tá cosúil an-mhaith air! GRMA, Niall :-)