Leabhar Gaeilge do pháistí faoin dianghlasáil ar fáil saor in aisce

Leabhar Gaeilge nua do pháistí faoin dianghlasáil curtha ar fáil saor in aisce ag lucht a chruthaithe, Malachy Doyle agus Andrew Whitson

Leabhar Gaeilge do pháistí faoin dianghlasáil ar fáil saor in aisce

Tá leabhar Gaeilge nua do pháistí faoin dianghlasáil curtha ar fáil saor in aisce ag lucht a chruthaithe, Malachy Doyle agus Andrew Whitson.

Insíonn Muireann agus an Dianghlasáil, scéal an chailín óig, Muireann, atá ina cónaí lena teaghlach, lena cairde agus lena comharsana ar oileán amach ó chósta na mórthíre.

Sa scéal, cuirtear síos ar an dóigh a dtéann Muireann agus a teaghlach i ngleic le dúnadh an oileáin de dheasca víris, macasamhail na dianghlasála atá i bhfeidhm fud fad na cruinne faoi láthair.

Déanann Muireann míreanna mearaí, seinneann sí an fhidil, tugann sí aire dá peataí.

Bíonn a máthair ag cuidiú le muintir an oileáin agus tá a daidí i bhfad ar shiúl, é gafa ar an mórthír.

I gcomhar leis an fhoilsitheoir Éireannach, An tSnáthaid Mhór, atá lonnaithe i mBéal Feirste, eiseofar an scéal, i dtrí theanga ag an am chéanna – i nGaeilge, i mBreatnais agus i mBéarla.

“Is acmhainn iontach é seo don scolaíocht bhaile agus do pháistí níos sine fosta atá ag iarraidh theacht ar bhealaí leis an am a mheilt,” arsa Andrew Whitson ó An tSnáthaid Mhór.

Is é Muireann agus an Teach Solais an chéad leabhar eile sa tsraith ‘Muireann’ agus foilseofar i bhformáid ríomhleabhair é ar an 26 Meitheamh 2020.

Ar na leabhair eile sa tsraith ‘Muireann’, tá Muireann agus an Fharraige Fhiáin agus Muireann agus an Míol Mór, dhá leabhar eile a foilsíodh i nGaeilge, i mBreatnais agus i mBéarla.

Beidh Muireann agus an Dianghlasáil ar fáil saor in aisce go dtí an 1 Iúil 2020.

Is féidir qn leabhar a íoslódail anseo.

Agus más mian libh breathnú ar an fhíseán Ghaeilge agus an t-údar Myra Zepf ag léamh Muireann agus an Dianghlasáil, tá sé le feiceáil 

Fág freagra ar 'Leabhar Gaeilge do pháistí faoin dianghlasáil ar fáil saor in aisce'