Leabhair a léigh mé feadh na slí…le CATHERINE FOLEY

LEABHAIR A LÉIGH MÉ AR FEADH NA SLÍ: An tseachtain seo, is ag an údar Catherine Foley atá an rogha

CatherineFoley


deans-rewards-no-11-1An Chéad Leabhar a léigh mé nuair a bhí mé an-óg

Tales of Long Ago le Enid Blyton 

Leaganacha de scéalta na Gréige agus na n-Oícheanta Arabacha. Is cuimhin liom guth údarásach, cinnte an scríbhneora agus sin rud atá ag teastáil ó pháistí. Mise an duine is sine i mo chlann agus bhí ormsa na scéalta a léamh amach os ard gach oíche agus sinn ag dul a chodladh. Is cuimhin liom an bheirt eile ag impí orm a thuilleadh a léamh. Leabhar faoi chlúdach crua a bhí ann le léaráidí agus feicim gur thug mo sheanathair an leabhar dom mar bhronntanas. Nuair a léim iad anois, tá áthas orm a fháil amach go bhfuil simplíocht faoi leith ag baint leo. Cinnte, tá tuin mheánaicmeach le cloisteáil in áit nó dhó, rud a chuirtear i leith Blyton go minic inniu, ach, nuair a bhí mise i mo pháiste, shásaigh siad go mór mé, gan trácht ar mo dheirfiúracha óga.


61An chéad leabhar inar chuala mé macalla de phaisean agus d’uaigneas an déagóra

Jane Eyre le Charlotte Bronte

Thaitin dorchadas, cruálacht agus sceimhle an leabhair go mór liom, in éineacht le stíl Ghotach an scéil. Bhí Jane léi féin ag obair i dteach mór amuigh fén dtuath agus gan de chuideachta aice ach searbhónta dílis amháin agus criú na cistine. Ós rud é go raibh láithreacht Mr Rochester ag bagairt an t-am ar fad agus an gealtán dainséarach i bhfolach sa teach, bhí liom agus mé ag léamh. Bhí rómánsaíocht agus rúndiamhair ag baint leis an scéal agus chuaigh sé seo i bhfeidhm go mór orm.


n128952An chéad leabhar a thug éachtaint dom ar ré dheireanach na nAngla-Éireannach

Good Behaviour le Molly Keane

Thug an leabhar seo léargas dom ar dhomhan casta, imeallach agus cúng. Ó thús, chuaigh cineáltas, searbhas agus dorchadas a dhearcaidh i bhfeidhm orm. Tharraing sí pictiúr de chlann a bhí faoi bhagairt, cúngaithe isteach agus fáiscthe ag nósanna agus coinbhinsiúin a n-aicme. B’iontach an  carachtar Aroon St Charles, bean thruamhéalach, thuisceanach, thragóideach.  Mhéadaigh mo chuid spéise ann nuair a chuimhnigh mé gur scríobh an Cathánach é agus í ina cónaí san Aird Mhór, baile beag siar an bóthair uainn.


AnSleibhteanachAn chéad leabhar a thug léargas dom ar phobal sléibhtiúil iarthar Cho Phort Láirge

An Sléibhteánach le Séamas Ó Caoimh

Ag deireadh an naoú aois déag, ba í an Ghaeilge amháin a bhí á labhairt ag an bpobal seo. Thaitin macántacht, daonnacht agus mionchruinneas na hinsinte liom, gan trácht ar Ghaeilge na nDéise ón dtaobh ó thuaidh dínn anseo sa Rinn a léamh. Scéal dírbheathaisnéiseach é seo a bhaineann le pobal a mhair amuigh faoin dtuath gairid don áit inar chuir manaigh Mhellerí fúthu.


island-alistair-macleodjpg-eae5af0938009e5aAn chéad leabhar inar chuala mé macalla de stair na nGael

Island, Bailiúchán Scéalta le Alistair MacLeod

Leabhar álainn ina bhfuil stair na nGael le cloisteáil ag síor-réabadh ann. Scéalta a shinsir a lonnaigh ar Oileán Cheap Bhreatainn san Albain Nua atá anseo; úsáideann sé seanchas, béaloideas, rúndiamhracht agus cuimhní chinn a mhuintire chun iad a chumadh. Ceacht iontach é seo ar conas is féidir an fhírinne a mheascadh agus a nascadh le smaoineamh a ghintear i do chuid samhlaíochta.

Fág freagra ar 'Leabhair a léigh mé feadh na slí…le CATHERINE FOLEY'