Socrú eile idir Fianna Fáil agus Fine Gael ar na bacáin?

Socrú eile muiníne agus soláthair idir Fine Gael agus Fianna Fáil a dhéanfar tar éis an olltoghcháin más aon fhianaise an phobalbhreith is déanaí 

Socrú eile idir Fianna Fáil agus Fine Gael ar na bacáin?

Deir gach polaiteoir an rud céanna nuair a fhoilsítear pobalbhreith, bíodh na torthaí sin olc, maith nó measartha dá pháirtí.

“Is é an toghchán an phobalbhreith is tábhachtaí… Ní thugaim aird ar phobalbhreitheanna… Ní chloisim tuairimí mar sin agus cúrsaí á bplé agam le vótóirí.”

Agus mar sin de. Ar ndóigh, is í fírinne an scéil go gcíortar gach pobalbhreith go cúramach i ngach páirtí agus go mbíonn na torthaí á meá go mion. Ná tabhair aon aird mar sin ar chaint phoiblí na bpáirtithe. Thug suirbhé Ipsos MRBI a foilsíodh san Irish Times Déardaoin, cúis imní do cheannairí na bpríomhpháirtithe go léir.

Léirigh an suirbhé go raibh laghdú suntasach tagtha ar mheas an phobail ar gach ceannaire ach amháin Brendan Howlin. Níl seisean slán ó bhuairt ach oiread toisc nach bhfuil ach 19% (ardú a haon faoin gcéad) de thoghthóirí an stáit sásta leis. 

Tá na ceannairí eile céim níos airde. Mar sin féin, ní bheidh siad féin ná a lucht leanúna sásta le pobalbhreith a léirigh ísliú 8% ar ráta sásaimh Leo Varadkar (43%), ísliú 4% ar ráta sásaimh Mhicheál Martin (35%) agus ísliú 7% i gcás cheannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald (33%).

Cé go bhfuil an tslí ina bhfuil an rialtas ag déileáil leis na comhráite faoin mBreatimeacht molta go forleathan, is léir nach bhfuil mórán buíoch díobh dá bharr. Cibé cúis atá le míshásamh an phobail, níl sé ag dul chun tairbhe do cheannaire ná do pháirtí ar bith. Tá an claonadh soiléir i bpríomhthorthaí an tsuirbhé má chuirtear iad i gcomparáid le pobalbhreith a rinneadh beagán le cois cheithre mhí ó shin i mí Dheireadh Fómhair:

Tacaíocht na bpáirtithe

Fine Gael 30% (-3),
Fianna Fáil 24% (-1),
Sinn Féin 21% (-3),
Páirtí an Lucht Oibre 6% (+2),
Neamhspleáigh/páirtithe eile 19% (+5).

Tá ábhar suntais agus sóláis do Shinn Féin sna figiúirí nár pléadh in aon chor agus torthaí an tsuirbhé sin faoi chaibidil le cúpla lá anuas – go háirithe nuair a chuirtear iad le hais na bhfigiúirí a bhaineann le Fianna Fáil. 

Ar an gcéad dul síos, mar is léir thuas, tá ceannaire an pháirtí beagnach ar comhchéim sásaimh le Micheál Martin, agus gan ach dhá phointe céatadáin eatarthu. Níl meas ró-ard ag an bpobal ar cheachtar acu, ach is cúng í an bhearna.

Ar an dara dul síos, tá faisnéis sa suirbhé a mhéadóidh ar mhíshuaimhneas Fhianna Fáil agus iad ag cuimhneamh ar an iomaíocht leanúnach leis an bpáirtí poblachtach eile. Tá tacaíocht Fhianna Fáil faoi láthair (24%) ar comhchéim go díreach leis an sciar den vóta iomlán a fuair an páirtí in olltoghchán 2016. Ní bheidh seans dá laghad ag an bpáirtí dul chun cinn ar Fhine Gael murar féidir leo cur le meas an phobail idir seo agus an chéad olltoghchán eile. 

Idir an dá linn, tá an bhearna eatarthu féin agus Sinn Féin ag cúngú. Tá méadú seasmhach tagtha ar thacaíocht Shinn Féin (21% sa phobalbhreith seo) ón olltoghchán in 2016 inar ghnóthaigh an páirtí 13.8% den vóta iomlán. 

Tá 44 Teachta Dála ag Fianna Fáil sa Dáil faoi láthair, agus 21 Teachta ag Sinn Féin.

Níl duine ar bith i gceachtar páirtí ag súil go mbeidh siad ar comhchéim ó thaobh ionadaíochta i nDáil Éireann de tar éis an olltoghcháin, ach neosann gach pobalbhreith go bhfuil méadú suntasach eile ag teannadh le Sinn Féin. Níl aon fhianaise ar fáil fós go bhfuil nó go mbeidh údar dóchais ag Fianna Fáil go dtiocfadh siad i ngaobhar d’Fhine Gael roimh an olltoghchán. 

Is é bun agus barr scéal na bpobalbhreitheanna go léir a foilsíodh le gairid gur socrú eile muiníne agus soláthair idir Fine Gael agus Fianna Fáil is dóichí a dhéanfar, de réir uimhreacha, tar éis an olltoghcháin.

Ní cóir mar sin féin neamhshuim a dhéanamh d’fhéidearthacht mhór amháin a d’athródh an léargas polaitiúil. Bhainfeadh Breatimeacht crua croitheadh as cuimse as geilleagar agus as saol iomlán an oileáin, thuaidh agus theas, agus ní féidir mór-athruithe polaitiúla a d’fhéadfadh tarlú dá bharr a chur as an áireamh. 

Ní léir faoi láthair go bhfuil údar dóchais láidir ag Micheál Martin ná ag Mary Lou McDonald go mbeidh siad suite ag bord an rialtais tar éis an olltoghcháin. Ach má iompaíonn na Sasanaigh agus an DUP cúrsaí na n-oileán seo bunoscionn, cá bhfios? 

Ní bheifear cinnte agus an scéal amhlaidh nach bhfeicfear duine acu, nó an bheirt in éineacht fiú amháin, ag siúl isteach i dTithe an Rialtais agus rialtas géarchéime á bhunú mar thoradh ar olltoghchán a fógraíodh gan choinne.

Fág freagra ar 'Socrú eile idir Fianna Fáil agus Fine Gael ar na bacáin?'

  • Eoin Ó Murchú

    Ábhar maith mhachtnaimh san alt seo. Ach pointe amháin: b’fhéidir gur comhrialtas in ionad socrú muiníne is soláthair a bheas ann. Cibé, ní bheidh mórán i bhFianna Fail sásta leis. Agus le tacaíocht neamhmpleaigh den eite chlé, an mbeidh móramh ag FF is SF le chéile nó an bhfaighfear réidh le Martin le spás a chruthú do sin?