Laghdú mór ar líon na gcainteoirí Gaeilge i Sasana agus sa Bhreatain Bheag

Tháinig laghdú mór idir 2011 agus 2021 ar líon na ndaoine i Sasana agus sa Bhreatain Bheag a thug le fios gurb í an Ghaeilge an phríomhtheanga atá acu

Laghdú mór ar líon na gcainteoirí Gaeilge i Sasana agus sa Bhreatain Bheag

Sí an Ghaeilge an phríomhtheanga atá ag 736 duine i Sasana agus sa Bhreatain Bheag, de réir figiúirí daonáirimh nua.

Laghdú mór é sin ar líon na ndaoine a thug le fios in 2011 gurbh í an Ghaeilge an phríomhtheanga a labhraíonn siad. 1,559 duine i Sasana agus sa Bhreatain Bheag a dúirt an bhliain sin gurb í an Ghaeilge a rogha teanga.

De réir na bhfigiúirí nua ón Oifig um  Staitisticí Náisiúnta, figiúirí atá bunaithe ar dhaonáireamh a rinneadh in 2021, tá an Ghaeilge ar an 82ú teanga is mó atá á labhairt i Sasana agus sa Bhreatain Bheag, nuair a chuirtear an Béarla agus an Bhreatnais as an áireamh.

93 teanga ar fad atá luaite sna staitisticí.

San 80ú háit as 90 teanga a bhí an Ghaeilge deich mbliana roimhe sin, in 2011.

263 duine os cionn trí bliana d’aois a thug le fios in 2021 gur ’Gaelic’ a bpríomhtheanga, ach nach ndúirt cén cineál Gaeilge a bhí i gceist.

De réir na bhfigiúirí, bíonn níos mó daoine ag labhairt Gaeilge i Sasana agus sa Bhreatain Bheag ná mar a bhíonn ag labhairt Coirnise (567), Albainise (538) agus Gaeilge na hAlban (169).

Tháinig méadú ar líon cainteoirí Ghaeilge na hAlban i gcomparáid le 2011 nuair a dúirt 58 duine gurbh í an teanga sin a bpríomhtheanga.

36 duine a dúirt gur Caintis Lucht Taistil na hÉireann an phríomhtheanga a bhí acu agus 16 a thug le fios gur Ultais is mó a labhraíonn siad. Ochtar i Sasana agus sa Bhreatain Bheag a dúirt go labhraíonn siad Gaeilge Mhanann, an teanga is lú a labhraítear agus í ag bun an liosta sa 93ú háit.

An Pholainnis, an Rómáinis, an Phuinseáibis, an Urdúis agus an Phortaingéilis na cúig theanga is mó a labhraítear i Sasana agus sa Bhreatain Bheag nuair a chuirtear an Béarla agus an Bhreatnais as an áireamh.

Fág freagra ar 'Laghdú mór ar líon na gcainteoirí Gaeilge i Sasana agus sa Bhreatain Bheag'