Ronan thar barr i saothar grinn, brónach ar leith

Is í Saoirse Rona croílár an scannáin 'Ladybird' agus déanann sí go leor radharcanna a iompar í féin

Ronan thar barr i saothar grinn, brónach ar leith

Lady Bird
Stiúrthóir/Scríbhneoir: Greta Gerwig
Cliar: Saoirse Ronan, Laurie Metcalf, Tracy Letts, Lucas Hedges, Timothée Chalamet, Beanie Feldstein

An é seo an saothar a ghnóthóidh duais Oscar sa deireadh do Shaoirse Ronan? Neosfar sin tráthnóna Domhnaigh/maidin Luain. Ní raibh sí ach sna déaga luaithe nuair a fuair sí a céad ainmniúchán dá ról tánaisteach in Atonement (2007). Measadh go raibh anasheans aici le Brooklyn (2015) ach níor tháinig an tuar faoin tairngreacht nuair a thug Brie Larson (Room) an chreach léi.

Tá comhrac an bhradáin roimpi amach arís i mbliana gan aon agó le Sally Hawkings (The Shape of Water), Frances McDormand, (Three Billboards Outside Ebbing, Missouri), Margot Robbie (I, Tonya) agus seanfhondúir na nOscar í féin Meryl Streep (The Post) á fhéachaint léi. Mura bhfuil comhrac ansan ní lá fós é. Sí tuairim na coitiantachta, bunaithe ar cár gcuaigh na duaiseanna móra eile, gurb í McDormand a thabharfaidh an svae léi. Ar ámharaí an tsaoil tá táirge Meiriceánach McDormand stiúrtha ag Éireannach, díreach mar a bhí le Room. Deirimse piseoga leat.

Pé acu scéal é tá cóta bán Ronan déanta le blianta; í áirithe mar aisteoir den chéad scoth le blianta. Ach anois tá sí i lár an aonaigh leis na haisteoirí stádas A eile. 

Tugann Ronan, arís eile, taispeántas iontach uaithi sa saothar grinn, brónach ar leith seo. Is í croílár an scannáin agus déanann sí go leor radharcanna a iompar í féin agus sin go minic i dtaobh le seatanna teanna dá cuntanós.

“Anybody who talks about California hedonism has never spent a Christmas in Sacramento.”

Tá an ráiteas úd le Joan Didion, gur ó Sacramento di, mar réamhrá leis an scannán agus déantar slaiseanna faoin gcathair agus nasc leis an áit dhúchais a chniotáil isteach sa scríbhinn. Ní haon iontas sin mar gur ón gcathair chéanna an scríbhneoir/stiúrthóir Greta Gerwig. Go deimhin sé an nasc leis an áit dhúchais a thagann go barr uisce ag an gcríoch.

Go príomha díríonn an scéal ar Lady Bird an teidil (Ronan) agus í ag teacht in inmhe sa gcathair seo in 2002. Leasainm glactha chuici féin aici le hiarracht éigin neamhspleáchais a bhaint amach agus a bheith feiceálach, difriúil sa gcathair chodlatach, shocair seo; ‘the Midwest of California.’ Ag titim i ngrá, ag titim amach le cairde, ag dul in adharca a máthar agus aghaidh á tabhairt aici go drogallach, fonnmhar ar thréimhse chinniúnach ina saol. 

Tá na radharcanna leis an máthair (Metcalf) nótáilte ar fad; iad lán le leibhéal, gearradh agus deismireachtaí cainte. Ní haon iontas go bhfuair sí siúd ainmniúchán Oscar ach an oiread; go deimhin d’fhéadfadh gurb í a bheidh buacach.

Tá téamaí eile fite fuaite leis seo; an áit dhúchais mar atá luaite ach ina theannta sin pléitear tionchar na dífhostaíochta, tagraítear d’óige chrua na máthar (a d’fhág lorg uirthi mar mháthair), galar dubhach a carad agus brú comhaoise. 

Saothar ar leithligh é seo ach n’fheadar an é an saothar a thabharfaidh an Oscar ar bport do Shaoirse Ronan.

Fág freagra ar 'Ronan thar barr i saothar grinn, brónach ar leith'

  • Fearn

    Coinneoidh mé súil amach dó!