Lá stairiúil do Ghaoth Dobhair agus an ceann mór buaite acu, ach lá eile ag teastáil do ‘El Cois Fharraigó’

Bhí deireadh seachtaine gnóthach ann agus scata foirne Gaeltachta san iomaíocht i gcluichí móra i nDún na nGall, i nGaillimh, i gCiarraí, i Maigh Eo agus i mBaile Átha Cliath

Lá stairiúil do Ghaoth Dobhair agus an ceann mór buaite acu, ach lá eile ag teastáil do ‘El Cois Fharraigó’

Dún na nGall

Tá Corn an Dochtúra Mhig Uidhir ar ais i nGaoth Dobhair arís tar éis do pheileadóirí an chumainn Craobh Shinsir Dhún na nGall a thabhairt leo inné. Bhí fir Mhachaire Gathlán rómhaith do Naomh Conaill agus b’iad a bhí i gceannas ó thús go deireadh sa chluiche a chríochnaigh ar scór 0-17 in aghaidh 1-7.

Ba í seo an chéad uair ó 2006 gur éirigh le Gaoth Dobhair craobh an chontae a bhaint agus fágann an bua, a gcúigiú craobh déag, go bhfuil an craobhchomórtas buaite anois acu níos minice ná aon fhoireann eile sa chontae.

Ní raibh Gaoth Dobhair ach cúpla pointe chun cinn ag leath ama, 0-8 in aghaidh 0-6, ach bhí ceannas iomlán acu ar an imirt sa dara leath. Níor aimsigh Naomh Conaill ach 1-1 sa dara leath sin. Tháinig a gcúl, a scóráil Ciarán Thompson, ceithre nóiméad isteach in am cúitimh agus faoin am sin, bhí a rás rite ag fir na nGleanntach.

Bronnadh laoch na himeartha ar Odhrán Mac Niallais agus bhí an fear lár páirce ar fheabhas do Ghaoth Dobhair. Ocht gcúilín a d’aimsigh Mac Niallais agus cé gur tháinig formhór acu ó chiceanna saora, bhí cúilíní cinniúnacha ina measc agus Gaoth Dobhair ag iarraidh bearna a chur idir iad féin agus a gcéilithe comhraic.

Nuair a chas na foirne céanna ar a chéile i gcluiche leathcheannais na bliana seo caite chaill Gaoth Dobhair cé go raibh siad seacht bpointe chun tosaigh ag leath ama, ach ba léir nach raibh aon rún acu tada a ghéilleadh an uair seo.

D’aimsigh Mac Niallais an chéad trí scór sa dara leath chun Gaoth Dobhair a chur chun cinn, 0-11 in aghaidh 0-6, agus nuair a cuireadh tosach Naomh Conaill, Marty Boyle den pháirc agus thart ar 20 nóiméad fágtha, bhí cuma na maitheasa ar fhir na Gaeltachta. Choinnigh siad orthu ag cur leis an bhfarasbarr a bhí acu agus fuair Mac Niallais, Dáire Ó Baoill, Cian Mulligan agus Kevin Cassidy uile scóranna eile dóibh a d’fhág an bua acu agus a chinntigh go mbeidh muintir an pharóiste ag ceiliúradh go ceann tamaill.

Gaillimh

Fiontán Ó Curraoin (Micheál Breathnach) ag buachan seilbhe. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Beidh lá eile ag teastáil leis an Spidéal agus Micheál Breathnach a scaradh óna chéile tar éis comhscóir i gcluiche ceannais idirmheánach na Gaillimhe Dé Sathairn.

Bhí deiseanna ag an dá fhoireann an choimhlint a bhuachan. Bhí an Spidéal dhá phointe chun tosaigh agus seacht nóiméad fágtha, ach tháinig Micheál Breathnach ar ais agus d’fhéadfadh an cluiche a bheith buaite acusan murach go ndeachaigh iarracht Tommy Uí Chonghaile oiread na fríde amú ag fíordheireadh na himeartha.

Coimhlint ghéar a bhí ann i Staid an Phiarsaigh gan mórán idir na comharsana. Ba é Ruadhán Ó Curraoin laoch Mhicheál Breathnach sa chéad leath agus fuair sé sé phointe den scoth ó chiceanna saora a d’fhág Micheál Breathnach chun cinn ag leath ama, 0-7 in aghaidh 0-4.

Más iad na Breathnaigh ab fhearr sa chéad leath, a mhalairt a bhí fíor sa dara leath agus fir an Spidéil i gceannas. Agus a leatosaí Antaine Ó Laoi á spreagadh fuair an Spidéal cúig phointe as a chéile agus bhí siad 0-11 in aghaidh 0-9 chun cinn tar éis 58 nóiméad. Tháinig Micheál Breathnach ar ais áfach agus fuair Seán Denvir agus Tommy Ó Conghaile scóranna den scoth chun na foirne a fhágáil ar comhscór. Beidh an cluiche athimeartha ar siúl an deireadh seachtaine seo chugainn.

Sa chraobh shinsir, chaill Bearna i gcoinne Réalta Thuama Dé Domhnaigh, rud a fhágann go mbeidh orthu an ceann is fearr a fháil ar Sheamróga Chortúin más leo fanacht sa phríomhghrád don bhliain seo chugainn.

Cé nach raibh siad ag imirt an deireadh seachtaine seo, bhí dea-scéal ann do pheileadóirí Naomh Anna, Leitir Móir. Bhuaigh Seamróga Chortúin ar Chill Chonla inné, 2-9 in aghaidh 0-11, agus fágann an toradh sin go bhfuil Naomh Anna slán sa ghrád sinsir.

Bhí dea-scéal eile ag an gcumann inné nuair a fuair mná Naomh Anna an bua ar Naomh Dominic as Ros Comáin, i gcluiche leathcheannais sóisir Chonnacht. Ba í Sarah Ní Loingsigh a bhuaigh an cluiche do Naomh Anna nuair a fuair sí cúilín ó chic saor leis an gcic deireanach chun áit a bhaint amach dóibh i gcluiche ceannais an chúige faoi cheann coicíse, nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar churaidh Shligigh, Tuar Loistreáin.

Ciarraí

Fear Chiarraí, Paul Geaney. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Tá áit bainte amach ag peileadóirí an Daingin i gcluiche ceannais chraobh shinsir Chiarraí tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Chiarraí Thoir inné i gcluiche lán cúl, eachtraí agus conspóide. Casfaidh Daingean Uí Chúis anois ar na Crócaigh agus an cumann as iarthar Chiarraí ag iarraidh an chraobh a bhuachan den chéad uair ó 1948.

Ba é an t-imreoir contae Paul Geaney laoch an Daingin agus fuair sé 3-1 sa chluiche a chríochnaigh leis an scór 4-13 in aghaidh 0-12. Bhí cuma na maitheasa ar Dhaingean Uí Chúis luath sa chluiche agus iad 3-1 in aghaidh 0-3 chun tosaigh tar éis naoi nóiméad. Paul Geaney a fuair dhá cheann acu agus Michael Geaney, a chol ceathrar, a fuair an ceann eile.

Bhí foireann an Daingin naoi bpointe chun tosaigh ag leath ama, 3-7 in aghaidh 0-7, agus cé gur tháinig Ciarraí Thoir ar ais beagáinín ag tús an dara leath, cuireadh Paudie Clifford den pháirc i ndiaidh racáin agus taispeánadh cárta dearg eile dá dheartháir, an t-imreoir de chuid Chiarraí, David, ina dhiaidh sin.

Chuir sé sin deireadh le pé seans a bhí ag Ciarraí Thoir agus d’aimsigh Paul Geaney a thríú cúl seacht nóiméad roimh an deireadh.

Baile Átha Cliath

Foireann iomána na Gaeil Óga

Bhí briseadh croí ann d’iománaithe na Gaeil Óga arís ag an deireadh seachtaine. Bliain tar éis dóibh cluiche ceannais Chraobh Shóisir E Iomána Bhaile Átha Cliath a chailleadh in aghaidh Naomh Seosamh, chaill siad cluiche ceannais Chraobh Shóisir D an chontae le haon phointe amháin i gcoinne an fhreasúra chéanna.

1-14 in aghaidh 3-7 a chríochnaigh an cluiche agus crá croí ann don chumann lán-Ghaeilge. Ba iad Naomh Seosamh ab fhearr a chuir tús leis an gcluiche ach d’aimsigh Pádraig Ó Fearghail cúl do na Gaeil Óga leath bealaigh tríd an gcéad leath chun iad a thabhairt ar ais sa gcoimhlint.

D’aimsigh Ciarán Ó Briain cúl eile ag tús an dara leath chun iad a chur chun tosaigh ach ní raibh siad in ann mórán de bhearna a chruthú, fiú nuair a d’aimsigh Ó Briain cúl eile agus 20 nóiméad fágtha. Ba iad Naomh Seosamh ba láidre a chríochnaigh, áfach. In ainneoin go bhfuil siad fós ag fanacht ar chraobh an chontae a bhuachan tá ardú céime bainte amach arís ag iománaithe na Gaeil Óga i mbliana, mar a rinne peileadóirí an chumainn sa tsraith an tseachtain seo caite, an séú ardú céime atá faighte acusan le seacht mbliana anuas.

Maigh Eo

Johnny O’Donoghue (Béal an Mhuirthead) ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2018. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Beidh Béal an Mhuirthead ar ais i gCraobh Shinsir Mhaigh Eo an bhliain seo chugainn tar éis dóibh an chraobh idirmheánach a thabhairt leo oíche Dé Sathairn. Bua seacht bpointe a bhí acu ar Bhuiríos Umhaill ar Pháirc Mhic Éil, 2-10 in aghaidh 0-9.

Is sa chéad leath a rinne siad an obair uile agus iad aon phointe dhéag chun tosaigh, 2-6 in aghaidh 0-1, ag leath ama. Ba é Johnny O’Donoghue a d’aimsigh na cúil dóibh. Tháinig an chéad cheann leath bealaigh tríd an gcéad leath agus d’aimsigh sé an dara ceann deich nóiméad ina dhiaidh sin rud a d’fhág go raibh Béal an Mhuirthead i gceannas go hiomlán ar chúrsaí.

Tháinig Buiríos Umhaill ar ais beagáinín sa dara leath ach ní raibh foireann na Gaeltachta riamh i mbaol. Casfaidh siad i gcluiche leathcheannais Chonnacht ar pé fhoireann as Cois Fharraige a bhuafaidh an cluiche idir An Spidéal agus Micheál Breathnach.

Fág freagra ar 'Lá stairiúil do Ghaoth Dobhair agus an ceann mór buaite acu, ach lá eile ag teastáil do ‘El Cois Fharraigó’'