Lá mór do chearta phobal na Gaeilge agus bille teanga le rith faoi dheireadh

Beidh na leasuithe ar an Acht Teanga, ar tosaíodh an plé ina leith breis is deich mbliana ó shin, faoi chaibidil den uair dheireanach sa Dáil anocht

Lá mór do chearta phobal na Gaeilge agus bille teanga le rith faoi dheireadh

Lá mór do chearta teanga in Éirinn an lá inniu agus bille teanga nua le rith i dTithe an Oireachtais.

Má chuirtear i bhfeidhm an reachtaíocht nua i ndiaidh a hachtaithe, meastar go bhféadfadh sé cur go mór le caighdeán agus líon na seirbhísí stáit a sholáthraítear do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Leagfaidh an bille síos sa dlí gur cainteoirí Gaeilge a bheadh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030, príomhsprioc an bhille nua.

Chomh maith leis sin, beidh ar sheirbhísigh phoiblí taobh istigh nó taobh amuigh den Ghaeltacht seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil amach anseo.

Cé go raibh an freasúra míshásta le gnéithe áirithe den bhille agus faoin easpa uaillmhéine agus spriocanna cinnte a mhaígh siad a bhain le cuid de, aontaíodh sa Seanad agus sa Dáil gur bille “níos láidre” a bhí ann i ndiaidh a aistir trí Thithe an Oireachtais.

Beidh an bille faoi chaibidil sa Dáil den uair dheireanach anocht agus leathuair an chloig curtha ar leataobh chun na seacht leasú a rinneadh air sa Seanad a phlé.

Nuair a bheidh plé na hoíche anocht críochnaithe agus dréacht den bhille curtha ar aghaidh ag Roinn an Taoisigh go dtí Áras an Uachtaráin cuirfidh Uachtarán na hÉireann a lámh leis idir 5-7 lá i ndiaidh dó é a fháil.

Fágann sin go bhféadfadh gur i mbliana a achtófar faoi dheireadh an reachtaíocht ar cuireadh tús lena plé breis is deich mbliana ó shin, nuair a d’fhógair an t-iar-aire stáit, Dinny McGinley, ag Oireachtas na Samhna 2011 go raibh athbhreithniú le déanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Cuirfidh an reachtaíocht nua deireadh chomh maith le córas na scéimeanna teanga, an córas faoina n-aontaíonn comhlachtaí poiblí ina gceann agus ina gceann scéim teanga le Roinn na Gaeltachta. In áit chóras na scéimeanna teanga tabharfar isteach scéim na gcaighdeán faoina leagfar dualgais chaighdeánacha ar ghrúpaí comhlachtaí poiblí ag brath ar an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal.

Faoin Acht leasaithe, bunófar Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge. Réiteoidh an coiste nua Plean Náisiúnta Earcaíochta chun príomhsprioc an bhille a bhaint amach – gur Gaeilgeoirí a bheadh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi 2030.

De réir fhoráil eile, beidh ar chomhlachtaí poiblí a bheith in ann déileáil leis an síneadh fada in ainmneacha daoine, cé go bhfuil éiginnteacht ann faoi cén uair a tharlódh sin.

Beidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí freagra i nGaeilge a thabhairt chomh maith ar aon chumarsáid a dhéanfar leo i nGaeilge ar na meáin shóisialta.

I measc na leasuithe eile a ritheadh, leagfar síos go mbeidh ar chomhlachtaí poiblí 20% dá bhfógraíocht a dhéanamh i nGaeilge gach bliain agus go mbeidh ar gach comhlacht poiblí 5% dá gcuid fógraíochta a dhéanamh sna meáin Ghaeilge.

Beidh dualgas reachtúil chomh maith ar chomhlachtaí poiblí aon ábhar margaíochta a scaipeann siad ar an bpobal a bheith i nGaeilge nó i mBéarla agus i nGaeilge.

Breis is 50 leasú a rinneadh ar an mBille sa Dáil agus sa Seanad. An rialtas a mhol na leasuithe go léir ar glacadh leo, ceann acu a moladh in éineacht leis an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly.

Breis is 300 leasú a mhol Teachtaí Dála agus Seanadóirí an fhreasúra ach rialaíodh as ord go leor acu agus níor glacadh le haon cheann acu. Tharraing an freasúra siar roinnt de na leasuithe a bhí acu nuair a gheall an Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go gcuirfeadh an Rialtas leagan eile den mhéid a bhí á mholadh chun cinn.

I measc mholtaí an fhreasúra nár glacadh leo, bhí leasuithe a d’fhágfadh go bhféadfaí fíneálacha agus pionóis eile a ghearradh ar chomhlachtaí poiblí a sháródh an dlí teanga. Diúltaíodh chomh maith do leasú a dhéanfadh sainmhíniú ar céard atá i gceist le líofacht sa Ghaeilge.

Diúltaíodh chomh maith le linn na díospóireachta faoin mbille i dTithe an Oireachtais, do leasú traspháirtí a chuirfeadh spriocdháta cinnte leis an gcuspóir i leith seirbhísí Gaeilge sa Ghaeltacht.

Fág freagra ar 'Lá mór do chearta phobal na Gaeilge agus bille teanga le rith faoi dheireadh'

  • Seán ÓM

    Is maith liom an bealach a úsáideann an t-alt seo an téarma “seirbhísigh phoiblí” seachas “státseirbhísigh”.

    Níl sé chomh traidisiúnta sílim – agus b’fhéidir go bhfuil rian an Bhéarla ann – ach chuireann sé béim ar an rud ceart:

    Ba chor go mbeadh na daoine seo ag freastal orainn mar phobal seachas a bheirt ag freastal ar an stát féin mar institiúid.

  • Colmcille Ó Monacháin

    ‘Lá mór’! Lá mór do naimhde phobal na Gaeilge, cinnte. Díolúine 80% tugtha don státseirbhís ón dualgas bunreachtúil a chinntiú gur féidir gnó an Stáit a dhéanamh sa dá theanga oifigiúla. Stampa dlí a chur ar an chalaois a rinneadh in 1973, sin é príomhchuspóir an dreama a dhréachtaigh é. Is bille tréasúil é agus is acht míbhunreachtúil a bheidh ann, is é sin mura stopfaidh an tUachtarán é.

  • Lonán Fiaċ Ó Lorgnáin

    D’aontóinn lena leithéid de ġnáth, ach idir dhá ċeann na meá atáim as so; tá cuma ḟánach go deimhin (.i. 20% amháin) ar an mbeart so. Táthar ag caitheamh le lucht Ġaeilge na hÉireann ar nós luchta bhig iasachta inár ndúiche féin. Éirímis go lom as maoiniú na teanga dúchasaí de chuid Ṡasana i bhFódla.

    D’éirigh le hathbheochan teanga i dtíortha ar nós na hIosráile 7 na hIndinéise a ġlac le beartas aonteangach na hathbheochana – cé ba ṁoite dár dtuairimí i leith beartas eile polaitiúla dá gcuid. Bímidne ag aithris beartais lochtaigh an dátheangachais, mar ḋea, de chuid na Breataine Bige 7 a macasamhail go fóill agus b’ḟiú ár n-athmhachnamh ar a leithéid.

  • Fiachra

    “Mair a chapaill agus geobhair féar.” atá anseo. Tá mórán litir scríofa agamsa chuig Comhairle Contae Dhún Laoghaire\Ráth an Dúin agus gan freagra agam ar shubstaint na litreacha céanna sin le ceithre nó cúig blianna anuas. Fuaireas cor fhreagra ag gabháil leithscéil liom as gan mo litir(eacha) a fhreagairt i nGaeilge ach níor freagraíodh substaint mo chuid litreach fiosrúchánacha bunaigh go dtí seo. Tá doicheall roimh an nGaeilge agus roimh an nGaeilgeoir sa Chontae seo. Áit a mbíodh “Ag seo ár gCúram – Ó Chuan go Sliabh” ina mhana acu, “Béarla nó gread leat” an mana atá acu de facto anois. Cá bhfuil an rogha Gaeilge a roghnú ar a suíomh idirlíne: https://www.dlrcoco.ie/ ? Lagaíodar a ndualgais i leith na Gaeilge ina bPlean Teanga deirneach – ní nach ionadh sin – cé gur tuigeadh domsa go raibh dualgas orthu tógaint ar a gcuid seirbhísí Gaeilge i ngach Plean Teanga dár cheapadar de réir forálacha na hAchta Teanga. Nach méanar dom shímplíocht! “English” (English – teanga nach ionann agus Hiberno-English) an teanga oibre atá acu dár leo. Glac nó fág sin. Nuair a aimsíonn siad “Gaeilgeoir teallaigh” le labhairt leat ar an dteileafón, is le smirc ar a nguth a labhraíonn siad leat. Tá a fhios acu go bhfuil tú ar an aineolas faoi ghné éigin den gcomhrá agus is binn leo sin. Is beag an baol go gcuirfidh siad ar an eolas tú faoi – pé rud é féin – chun nach mbeidh ar do chumas do chás a throid go héifeachtach. Is ionann seo agus “luchtú an íospartaigh” i dtéarmaí na socheolaíochta. Gan fiacail a chur ann, is ciníochas glan amach is amach é seo! (Féach: Language Conflict in Northern Ireland and Canada A Silent War, Muller, Janet, 2010, Palgrave Macmillan.) Dúradh liom, ag duine díobh, go raibh ochtar den bhfoireann – an cainteoir féin san áireamh – le freastal ar chúrsa “Gaeilge Gnótha” – pé saghas ainmhí é sin! Is dóichí ná eile nach dtuigfidh aon chainteoir dúchais Gaeilge ó thalamh Dé na nGrást cad é cad a bheidh ar siúl acu muna mbeidh dochtúireacht faighte aige sa Bhraeilge ríomh-uath-aistrithe!
    Gan spriocanna sainithe, sainmhíniú soiléar sásúil ar cad is líofacht sa Ghaeilge ann agus gan pionóis tromchúiseacha ar phríomhfheidhmeannaigh idir fhíneálacha agus b’fhéidir fiú bagairt de théarma príosúntachta orthu féin go pearsanta as teip na spriocanna seo a bhaint amach, is beag a thiocfaidh as seo. Cé go bhfuil cuma mí-réasúnta ar an méid sin ar an gcéad ásc, is é seo an t-aon teanga a thuigeann na daoine seo. Tá sé thar a bheith in am ag pobal na Gaeilge éirí dá nglúna agus éirí as a bheith ag ímpí ar an Stát a gcearta do-mhaolaithe nádúrtha a bhronnadh orthu lena gcaoinchead agus iad a ÉILEAMH. Ímpíonn an Daor – éilíonn an Saor.