Cill na Martra v Beanntraí – Páirc Uí Chaoimh, 1.00in
Beidh ceann de na cluichí is mó i stair chumann peile Chill na Martra á imirt tráthnóna agus fir na Gaeltachta ag tabhairt aghaidh ar Bheanntraí chun áit a fháil i gCraobh Shinsir A Chorcaí na bliana seo chugainn.
Tá Cill na Martra ar cheann de na foirne is láidre sa Phríomhghrád Idirmheánach le roinnt blianta anuas ach is é seo an chéad uair acu an cluiche ceannais a bhaint amach agus deis iontach anois acu grád na sinsear a bhaint amach.
Cúig bliana ó shin a bhuaigh Cill na Martra Craobh Idirmheánach Chorcaí ach ní rabhadar i bPáirc Uí Chaoimh ó shin agus a gcroíthe briste níos mó ná uair amháin idir an dá linn. Chlis siad sna babhtaí ceathrú ceannais in 2019 ach le trí bliana anuas chuadar chomh fada le babhtaí leathcheannais na craoibhe ach níor éirigh leo dul níos faide.
Ceann Toirc a bhíodh á gcrá sna blianta sin agus Cill na Martra díbeartha ón gcraobh acu in 2019, 2020 agus 2022 agus is dócha gur údar faoisimh a bhí ann do mhuintir Chill na Martra nuair a bhain Ceann Toirc an t-ardú céime amach anuraidh.
Gan Ceann Toirc ina mbealach, bhuaigh CIll na Martra cluiche leathcheannais faoi dheireadh cúpla seachtain ó shin nuair a bhuadar ar Bhaile Chaisleáin Bhéarra, 2-12 in aghaidh 1-7. Ní gan éiric a tháinig siad slán ón gcluiche sin, áfach. Taispeánadh cárta dearg do Thadhg Ó Corcora sa dara leath den chluiche agus cé go ndearna Cill na Martra achomharc, tháinig an scéala i rith na seachtaine nár éirigh leo agus ní bheidh an t-imreoir contae in ann dul chun páirce sa chluiche ceannais.
Buille ollmhór atá ansin do Chill na Martra ach ní hé nach mbeidh siad in ann teacht slán mar sin féin. Tá imreoirí láidre acu, go háirithe i measc na dtosaithe agus gaiscí déanta ag Micheál Ó Deasúna, Dan Ó Duinnín, Maidhc Ó Duinnín agus Damien Ó hUrdail le roinnt blianta anuas. Aireoidh siad uathu Ó Corcora sa líne leathchúil ach tá Colm Mac Lochlainn agus Seán Ó Fóirréidh, a bhuaigh an Phríomhchraobh Idirmheánach Iomána i gCorcaigh le hAchadh Bolg an tseachtain seo caite, ag déanamh go maith i lár na cosanta.
Léirigh Cill na Martra an-teacht aniar sna babhtaí leathcheannais in aghaidh Uíbh Laoghaire nuair a bhí siad sé phointe chun deiridh tráth sa dara leath ach tháinig siad ar ais agus bhuaigh an cluiche. Tá taithí mhór chomh maith ag a mbainisteoir, an Ciarraíoch John Evans a chaith tréimhsí i gceannas ar Ros Comáin, Tiobraid Árainn agus Cill Mhantáin.
In aghaidh Chill na Martra tráthnóna tá Beanntraí, a bheidh ag iarraidh dul céim níos faide tar éis dóibh an cluiche ceannais a chailliúint in aghaidh Cheann Toirc anuraidh. Níor thug siad taispeántas maith uathu sa chluiche sin, rud a bheidh siad ag iarraidh a chur ina cheart inniu.
Bhí Beanntraí cúpla bliain ag imirt sa Chraobh Shinsir A. Is é an t-imreoir idirchontae Ruairí Deane laoch na foirne ach léirigh na himreoirí eile a gcumas sna babhtaí ceathrú ceannais in aghaidh Raonaithe Nemo, lá ar bhuail siad na Raonaithe cé go raibh Deane ar iarraidh le gortú. Tosaithe maithe iad leithéidí Arthur Coakley, Seán O’Leary agus Paddy Cronin agus caithfear súil ghéar a choinneáil orthu.
Is beag a thabharfar go héasca do Chill na Martra ach agus mallacht na mbabhtaí leathcheannais curtha díobh acu, beifear ag súil nach gcuirfidh tada stop leo anois agus iad ag iarraidh grád na sinsear a bhaint amach.
Fág freagra ar 'Lá mór ag Cill na Martra agus iad ag iarraidh grád na sinsear a bhaint amach'