Lá mór ag an Mhí agus an Dún i bPáirc an Chrócaigh

Tá Colm O’Rourke agus Conor Laverty ina gcéad bhliain mar bhainisteoirí ar chontaetha na Mí agus an Dúin agus chuirfeadh corn go mór leis an obair atá déanta acu go dtí seo

Lá mór ag an Mhí agus an Dún i bPáirc an Chrócaigh

An Dún v An Mhí – Páirc an Chrócaigh, 3.00in (Beo ar RTÉ & BBC)

Breis is 30 bliain ó tháinig siad le chéile do chluiche ceannais na hÉireann na bliana 1991, tabharfaidh an Dún agus an Mhí aghaidh ar a chéile i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna i gcluiche ceannais Chorn Tailteann.

Beidh áit i gCraobh Shinsir Peile na hÉireann, an duais a bheidh ar fáil don bhuaiteoir inniu, tábhachtach don dá fhoireann. Ach d’fhéadfadh go mbeadh an deis a bheidh ann don fhoireann agus don chontae ceiliúradh a dhéanamh agus an spreagadh a thabharfadh sin níos tábhachtaí fós agus an dá chontae ag iarraidh go mbeidís á n-áireamh i measc na mboc mór arís.

Ceapadh bainisteoirí nua ar an dá fhoireann don bhliain seo agus cur chuige difriúil in úsáid sa dá chontae, b’fhéidir.

Bhí Conor Laverty ar dhuine de na himreoirí is fearr a bhí ag an Dún sular éirigh sé as a bheith ag imirt lena chontae in 2016 ach tá ardmheas air anois mar chóitseálaí agus mar bhainisteoir agus gaiscí déanta aige le blianta beaga anuas le foireann Naomh Micheál a bhuaigh Corn Uí Ógáin in 2019, le Muineachán agus le foireann faoi 20 an Dúin.

Ar an láimh eile, bhí tuairim ann gur ag breathnú siar ar an am atá thart a bhíothas nuair a ceapadh Colm O’Rourke mar bhainisteoir. Bhí sé, ar ndóigh, ar dhuine de na peileadóirí is fearr riamh sa chontae agus dhá bhonn uile-Éireann buaite aige leis an Mhí in 1987 agus 1988 ach ina chuid tuairimíochta sna meáin, ba léir nár thaitin peil an lae inniu leis.

Ní fhéadfadh fear a bhí ina bhainisteoir ar fhoireann a bhuaigh péire de chraobhacha sinsir an chontae le blianta beaga anuas, mar a rinne O’Rourke le Gaeil Bhaile Shíomoin na Mí, a bheith go hiomlán aineolach ar an gcluiche mar a imrítear anois é.

Chuir an Mhí tús iontach leis an tsraith i mbliana agus sháraíodar Corcaigh agus an Clár ach measadh go m’fhéidir go raibh O’Rourke ag cur an iomarca béime ar chiceáil na liathróide agus d’fhág imirt scaoilte na Mí gur chríochnaigh siad sé séú háit i Roinn 2 agus d’fhág cliseadh in aghaidh Uíbh Fhailí i gCraobh Laighean gur Corn Tailteann a bhí i ndán dóibh.

Tá siad feabhsaithe ó shin, áfach, agus ceithre chluiche as ceithre cinn buaite acu sa chomórtas go dtí seo agus iad tagtha slán ó ghéarchoimhlint in aghaidh Aontroma sna babhtaí leathcheannais.

Beidh Laverty sásta go maith leis an dul chun cinn atá déanta ag an Dún ó tháinig sé isteach. Bhí mí-ádh orthu gan an t-ardú céime a bhaint amach ó Roinn 3 na sraithe agus cúig chluiche as seacht gcinn buaite acu. Bhí an-bhua acu ar Dhún na nGall i gCraobh Uladh ach bhí Ard Mhacha rómhaith dóibh sna babhtaí leathcheannais.

Chas an Dún agus an Mhí ar a chéile níos túisce sa chomórtas seo, bua dhá phointe ag fir na Mí i gcluiche a imríodh i bPáirc Parnell i mBabhta a 3. Chuir imreoirí an Dúin seacht gcinn déag d’iarrachtaí ar fóraoil sa chluiche sin ach léiríonn na hocht gcúl a d’aimsíodar in aghaidh Laoise sa chluiche leathcheannais cumas thosaithe an Dúin.

Dúirt Mickey Donnelly, duine de roghnóirí an Dúin, go magúil i rith na seachtaine go mbeifí sásta dá laghdófaí an dá fhigiúr sin faoina leath in aghaidh na Mí, ceithre chúl agus ocht n-iarracht ar strae. Dá ndéanfaí sin, is cinnte gur dheacair iad a shárú.

Fág freagra ar 'Lá mór ag an Mhí agus an Dún i bPáirc an Chrócaigh'