Tá mé ag teacht chugam féin tar éis lá a chaitheamh ag léiriú nua Amharclann an Druid i nGaillimh – trí mhórdhráma le Sean O’Casey in aon lá amháin: The Plough and the Stars, The Shadow of a Gunman, agus Juno and the Paycock.
Ní hé go raibh sé tuirsiúil ná leadránach – i bhfad uaidh leis an bhfírinne a dhéanamh.
Fearacht an chuid eile den lucht féachana, bhí mé i mo sheasamh ar an bpointe is a chríochnaigh sé, ag bualadh bos agus ag béicíl, le mo mheas agus mo shástacht a thaispeáint.
Bhí sé mar aidhm le fada ag an stiúrthóir Garry Hynes na trí dhráma sin – a dtugtar ‘Drámaí Bhaile Átha Cliath’ orthu go minic, a léiriú le chéile, mar a rinne sí cheana le drámaí Synge, Murphy agus Shakespeare. Nasc sí ainm an drámadóra le hainm an chomplachta ‘chaon uair – ‘DruidSynge’ ‘DruidShakespeare’ agus mar sin de.
Nuair a chas mé léi i rith an tsamhraidh anuraidh ba léir go raibh sí ag smaoineamh ar an mórléiriú seo ach caithfidh sé go raibh an réamhphleanáil tosaithe aici, fiú an t-am sin.
Ní haon rud beag é complacht mór aisteoirí a thabhairt le chéile le trí dhráma a chur ar an stáitse ag an am céanna, agus na fadhbanna a bhaineas le cóiriú stáitse, cultacha éadaí, scripteanna fada foclacha, agus na mílte ceist eile a shárú.
Tá sé de bhua ag Garry Hynes go dtugann sí brí nua do dhrámaí mór le rá i gcónaí. Ach chomh maith leis sin, tugann sí an greann chun cinn – greann nach bhfeiceann léiritheoirí eile rómhinic.
Sna drámaí seo a bhaineann le blianta corraitheacha na réabhlóide sa tír seo, bheifeá ag súil le téama an fhoréigin agus an náisiúnachais. Agus tá siad sin ann, cinnte ach tá greann agus ceol agus saibhreas cainte a thaitneoidh leis an lucht féachana ann freisin.
Nach ag O’Casey a bhí an misneach tabhairt faoi imeachtaí na mblianta 1916 – 1923 ina chuid drámaí agus iad a chur ar an stáitse i lár na ‘dtrioblóidí’ ina dhiaidh sin? Tugann sé an-léargas dúinn ar mheon agus ar shaol na ngnáthdhaoine sa gcathair nuair a thosaigh an tÉirí Amach i 1916.
Níor chuir sé fiacail ann agus é ag tagairt don líon Éireannach a d’fhág an tír seo agus a liostáil in arm Shasana le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda, mar shampla. Arís agus arís eile, déantar tagairtí do na fir óga a maraíodh sa gcogadh sin, agus le linn na cogaíochta in Éirinn ina dhiaidh sin.
Ach murab ionann agus na scéalta staire a d’fhoghlaim muid féin ar scoil, cuireann O’Casey an gnáthdhuine – an bhean óg, an tseanbhean, an ceardchumannach, an gnáthphobal idir dhaoine bochta agus lucht an rachmais, chun tosaigh sa scéal. Is taobh thiar den stáitse nó sa bhfuaimrian a chloiseann muid torann na cogaíochta go minic.
Feictear dom sa léiriú seo le Druid, nach ndéanann siad scéal róghruama de shaol na mbochtán i mBaile Átha Cliath – cinnte tá na daoine ina gcónaí sna ‘tionóntáin’ agus gan mórán de mhaoin an tsaoil acu ach ní bhodhraítear muid leis an scéal sin. Tá an dearadh agus gach rud a bhaineann leis an gcóiriú stáitse bunúsach agus simplí agus ligeann sé cead don tsúil agus don chluais díriú isteach ar an aisteoireacht agus ar an scéal.
Nuair a cuireadh The Plough and the Stars ar stáitse in Amharclann na Mainistreach sa mbliain 1926, deich mbliana tar éis an Éirí Amach, mheas an lucht féachana go raibh O’Casey ag maslú laochra 1916 agus rinne siad agóid fhíochmhar ina aghaidh.
Ar feadh roinnt mhaith blianta níor thug O’Casey cead a chuid drámaí a léiriú sa tír seo. Bhí sé féin agus a chlann ina gcónaí i Sasana, nuair a thug Earnán de Blaghd, Bainisteoir Stiúrtha na hamharclainne cuairt air agus d’iarr a chead na drámaí a chur ar an stáitse arís in Amharclann na Mainistreach.
Bhí a fhios aige go raibh an Amharclann Náisiúnta thíos leis agus gan na drámaí ba cáiliúla a scríobh O’Casey ar an gclár acu. Ar aon chaoi chuaigh de Blaghd, a bhí mór leis ón uair go rabhadar beirt san IRB agus i gConradh na Gaeilge, i gcion air agus thug sé cead in athuair.
Níl a fhios cé mhéad uair a cuireadh a chuid drámaí ar an stáitse náisiúnta ó shin ach níl aon dabht ach go dtaitníonn siad fós leis an lucht féachana, céad bliain ó cuireadh an chéad léiriú den The Shadow of a Gunman ar stáitse i 1923.
I rith an tsosa idir na drámaí chuala mé fear ag caint taobh thiar díom agus rinne mé amach, gurb é an t-ealaíontóir cáiliúil Mick O’Dea a bhí ann. Is é O’Dea an t-ealaíontóir a dhear an póstaer don léiriú DruidO’Casey.
D’inis sé dhom nach ar mhaithe le preab a bhaint as daoine a chuir sé an pictiúr áirithe sin ar an bpóstaer. Bhí sé ag tochailt i gcartlann an ghrianghrafadóra Jack Leonard i Maigh Eo nuair a tháinig sé ar sheanphictiúr a thaispeáin an grúpa leads óga agus éide saighdiúirí orthu. Bhunaigh sé an dearadh ar an bpictiúr, a d’inis sé dom.
Bhí suim aige sa ‘Cholún Reatha’ a bhíodh i dtuaisceart Mhaigh Eo le linn Chogadh na Saoirse. Agus ina chuid taighde, fuair sé amach go raibh duine de na hóglaigh ina ghrianghrafadóir agus go raibh cartlann mhór pictiúirí fágtha aige.
Measann sé gur tógadh an pictiúr áirithe seo am éigin le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda agus gur gasúir de chuid saighdiúirí in Arm na Breataine a bhí iontu. D’oibrigh Mick O’Dea mar ealaíontóir cónaithe leis an gcomplacht drámaíochta agus iad i mbun cleachtaidh roimh an oscailt oifigiúil an tseachtain seo. Rinne sé cur síos dhom ar an méid am agus dua a caitheadh ar dhearadh an stáitse – suas go dtí an nóiméad deireanach, beagnach.
Ní bheidh aon chíréib i measc an lucht féachana ag an léiriú seo. Ach tá mé cinnte dearfa go gcuirfidh sé daoine ag smaoineamh, mar a chuir céad bliain ó shin, ar uafás an fhoréigin, ar cheist chorraitheach an náisiúnachais, agus ar an tionchar a bhíonn aige sin ar fad ar an ngnáthdhuine.
Pól Ó Braoin
Scríofa go haiceanta eolasach agat, a Mhairéad agus taitneamhach le léamh. Beidh caint ar an gCathasach uasal agus ar na pictiúirí úd a mheallann sé inár gcloigeann le n-aireachtáil go deo na ndeor ag na glúinte atá le teacht, cheapfainn…