John Browne – polaiteoir séimh is díograiseoir ar son na Gaeilge ar shlí na fírinne

Bhíodh an t-iarTheachta Dála de chuid Fhine Gael, John Browne, i gcónaí ar fáil do Raidió na Gaeltachta agus thuig sé go raibh sé tábhachtach go mbeadh plé faoin bpolaitíocht le cloisteáil i nGaeilge

John Browne – polaiteoir séimh is díograiseoir ar son na Gaeilge ar shlí na fírinne

Tá an t-iarTheachta Dála de chuid Fhine Gael, John Browne, tar éis bháis in aois a 82 bliain.

Ba as Cill Mhichíl i gcontae an Chláir ó dhúchas John Browne agus bhí cónaí air i dtuaisceart chontae Cheatharlach. I gCeatharlach agus i gCill Chainnigh a bhain sé aitheantas amach i saol na polaitíochta – mar chomhairleoir contae nuair a toghadh ar dtús é i 1979, mar chathaoirleach ar Chomhairle Chontae Cheatharlach i 1989 agus mar Theachta Dála ó 1989 go dtí 2002 nuair a d’éirigh sé as.

Múinteoir bunscoile a bhí ann agus duine nár chaill riamh an meas ná an gean a bhí aige ar a dhúchas ná ar a cheantar dúchais. Cé gur i gCeatharlach a bhíodh sé ag múineadh, áit a raibh sé ina chathaoirleach ar an gcraobh áitiúil de Chumann na Múinteoirí, níor chaill sé a cheangal riamh lena dhúchas i gcontae an Chláir. Tá a iníon, Carmel, ina príomhoide ar an scoil náisiúnta i gCill Mhichíl anois agus tá gaolta aige sa cheantar sin i gcónaí.

Bhí spéis faoi leith aige sa nGaeilge óna óige agus bhí sé ar an mbeagán Teachtaí Dála agus Seanadóirí a labhair an Ghaeilge go rialta sa Dáil agus sa Seanad.

Bhíodh sé i gcónaí ar fáil do Raidió na Gaeltachta nuair a bhíodh urlabhraí ó Fhine Gael á lorg le ceisteanna móra an lae a phlé. Thuig sé go raibh sé tábhachtach go mbeadh plé faoin bpolaitíocht le cloisteáil i nGaeilge, fiú nuair nach mbíodh sé féin go hiomlán ar a chompord leis an ábhar.

Bhíodh sé i gcónaí ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn agus thuig sé go raibh níos mó tacaíochta ag teastáil sa nGaeltacht chun an teanga a neartú, cé nach bhféadfaí a rá go ndeachaigh a chuid tuairimí faoin teanga i bhfeidhm rómhór ar a pháirtí ná ar an gceannaire ag an am, John Bruton.

Bhí súil aige go leanfadh a mhac Fergal isteach i saol na polaitíochta é, ach cé gur bhain Fergal suíochán amach mar chomhairleoir contae, agus go bhfuil sé fós ar Chomhairle Chontae Cheatharlach, theip air i dtoghcháin Dála.

Bhí dhá thréimhse aige sa Seanad, ach ó 2007 ar aghaidh dhírigh sé a aird ar an bpolaitíocht áitiúil.

Duine lách ab ea John Browne, agus níor lig sé d’easaontais pholaitiúla aon searbhas a mhúscailt ann. Ní hé nach raibh tuairimí láidre aige. Bhí go leor tuairimí an-láidir aige, go háirithe maidir leis an nGaeilge, cé gurbh nós leis ceisteanna a phlé go ciúin béasach agus achrann a sheachaint dá bhféadfaí.

Ag tréimhsí éagsúla, bhí Browne ina urlabhraí ag Fine Gael ar chúrsaí dlí is cirt, cúrsaí sláinte is cúram daoine aosta, agus cúrsaí Gaeilge. Chaith sé tamall chomh maith ina leaschathaoirleach ar pháirtí parlaiminte Fhine Gael.

Ar a lán bealaí ba pholaiteoir den seandéanamh é, sa gcaoi is gur chreid sé gurbh é a ghnó a bheith ag saothrú ar son an duine aonair ar mhaithe le réiteach a fháil ar pé fadhb a bhí ag cur as don duine sin.

Mar sin thug sé tús áite do riachtanais an phobail cé gur thacaigh sé leis an dearcadh ginearálta a bhí ag a pháirtí faoin eacnamaíocht agus cúrsaí gnó agus gur ghlac sé leis gurb é an status quo an córas nádúrtha a bhí ann.

Ach thar aon rud eile thaitin daoine agus a bheith ag plé le daoine leis leis. Ó ghnáthdhaoine Cheatharlach a fuair sé a chuid vótaí, agus ní dhéanfaidh siadsan dearmad air.

Go maire a chuimhne.

Fág freagra ar 'John Browne – polaiteoir séimh is díograiseoir ar son na Gaeilge ar shlí na fírinne'