Joe Heaney aitheanta faoi dheireadh ar an mórscáileán, agus go leor eile geallta ag clár Bhord Scannán na hÉireann 2017

Rachaidh sé rite le tionscal scannán na hÉireann barr taoide na bliana seo caite a bhualadh, ach tá tograí suimiúla geallta do 2017

Joe Heaney aitheanta faoi dheireadh ar an mórscáileán, agus go leor eile geallta ag clár Bhord Scannán na hÉireann 2017

In Amharclann Lána Chaolsráid Léine Mhuire, Barra an Teampaill – Smock Alley sa tSacs-Bhéarla, sheol Bord Scannán na hÉireann liosta na scannán a mbeidh lámh thionscnaimh acu iontu i mbliana.

Líonadh grianán uachtarach na hamharclainne don ócáid. Bhí lear mór ‘lovvies’ ar an téar, agus lucht na gceirdeanna cruthaitheacha físe. Na ‘creatives’, mar a thugtar orthu. Idir óg agus níos óige fós. I dtaca le mná díolta árachas scannán. Agus fir an airgid, a bhí iarrachtín beag níos sine ná iad.

Bhí muide, haiceannaí an phreasa, go tiubh ann leis. Agus lucht láimhseála poiblíochta – faoileáin leanta aislingí iascairí na mbrionglóidí físe.

Bhuail mé ann le seanchomrádaithe ná faca le tamall. Le Séamus Deasy, draoi ceamaradóra, stiúrthóir fótagrafaíochta, comhalta den Bhord atá ar tí dul as roimh dheireadh na míosa.

Agus le Gerry Gregg, atá fós ag déanamh bolg le gréin de bharr rath criticiúil Close to Evil. B’in scéal Tomi Reichental, Giúdach a tháinig slán as an uileloscadh Naitsíoch. In Condemned to Remember, scannán úrnua na beirte, tugann Tomi seáp coise trí oirthear na hEorpa. Is iomaí taibhse a ardaítear ann dó. Marthanóirí Moslamacha san áireamh. Imríodh uileloscadh orthu siúd fá lámh na Seirbiach i Srebrenica i 1995. Rinne Tomi, Giúdach, bráithreachas le Moslamaigh Bhoisnia. Ní beag sin. Tréaslaím le Tomi Reichental. Fair play dhó. N’fheadar cén glacadh a bheadh ag mo sheanchéile comhraic Nethanyahu leis sin. Ba é Gerry Gregg, dála an scéil, a rinne Bosnia – Paradise of the Damned liom i 1996.

Ansin labhair an POF James Hickey agus an Cathaoirleach Annie Doona. Tá scannáin na hÉireann ar dhroim toinne, agus cosúlacht mhaith ar an bhliain seo chugainn freisin, dar leo.

Bhí rath ar 2016 le Room, Brooklyn, The Young Offenders, A Date for Mad Mary, The Lobster, Love and Friendship, Mattress Men, Sing Street, agus Crash and Burn Sheáin Uí Chualáin – scéal an tsár-rástiománaí Éireannaigh Tommy Byrne, fear a bhí níos fearr ná Senna agus Schumacher óg ag tosú amach dó. Ach, mó léan cráite, seanghalar an ragairne a rinne raic de. Bháigh Tommy an bua a thug Dia dó fá ualach ban, dí agus drugaí. 

Thuill scannáin na hÉireann $170 milliún fud fad na cruinne anuraidh. Ní haon dóithín é sin. Chuir Glenn Hogarty, Limelight Communications, ar mo shúile dom  gur bhain The Young Offenders, scéal Corcaíoch, an chraobh ó na scannáin eachtraíochta ollmhóra Hollywood in Omniplex Machain i gCorcaigh i mbliana. Thógadar breis agus €250,000 sa phictiúrlann sin amháin. Ghnóthaigh siad grádú 100% ó na Trátaí Lofa, agus tá sé amuigh anois ar iliomad ardán Video Ar Éileamh (VOD). Fair play dóibh san freisin.

Cuireann sé mo sheacht sáith áthais orm go bhfuil The Silver Branch, le Katrina Costello agus Ken O’Sullivan, Seafever Productions, ar scláta Ghnéscannáin Fhaisnéise Bhord Scannán na hÉireann i mbliana. Físdán fealsúnach ar shaol is ar thraidisiúin Patrick McCormack, feirmeoir, fear a cheansaíonn clochdhíseart fiáin ardtailte sceirdiúla Chontae an Chláir. Fear Bhoirne – sliocht sleachta lucht ‘geimhriú amuigh’ na n-eallach.

Machnamh álainn deireadh ré is ea The Silver Branch – léirsmaoineamh ar an ngaol idir an duine is an tírdhreach, idir an traidisiún is an spioradáltacht, idir corp agus anam. Scannán, is eol dom, nár saolaíodh gan dua. Ceolaim go hard na spéire ionracas, paisean agus tiomantas lucht a dhéanta. Mo ghraidhin thú, a Katrina.

Maidir leis na fadscannáin mhóra, tá an-chuma ar Halal Daddy, suite i gContae Shligigh. Éalaíonn Razdan Aziz siar thar Sionainn, i bhfad ó dhaorsmacht an athar shotalaigh i mBirmingham Shasana. Ach, nuair a leaindeálann an seanleaid ar an mbaile, ’sí an cheist ná, an mbeidh Nikesh Patel (Indian Summer’) agus Colm Meaney s’againne in ann don díth céille a leanann?

Táim ag tnúth freisin le Cillian Murphy agus Eve Birthistle in Delinquent Season, agus le The Drummer and the Keeper – éan corr de scéal faoin ngaol a fhásann idir rac-ainmhí cóisire dépholach cóisire – Dermot Murphy – agus cúl báire óg déagóra a bhfuil siondróm Asperger á iompar aige – Jacob McCarthy.

Le teacht freisin tá Mary Shelly le Haifaa El-Mansour, The Breadwinner le Cartoon Saloon, Maze le Stephen Burke, Kissing Candice le Aoife McArdle agus Song of Granite, insint dhrámatúil ar scéal Joe Heaney, Seosamh Ó hÉanaí seo againne. Tá rith maith ann ag Macdara Ó Fatharta, Mícheál Ó Confhaola, Pól Ó Ceannabháin agus Colm Seoighe, fá stiúir Pat Collins.

Joe Heaney aitheanta faoi dheireadh ar an mórscáileán. An rud is maith is mithid.

Rachaidh sé rite ar thionscal scannán na hÉireann barr taoide na bliana seo caite a bhualadh.

Neosfaidh an aimsir.

Fág freagra ar 'Joe Heaney aitheanta faoi dheireadh ar an mórscáileán, agus go leor eile geallta ag clár Bhord Scannán na hÉireann 2017'