‘Jack Reacher – Never go Back’? Ná fill arís Tom Cruise, tá do bhuile tugtha…

Dríodar cainte, áiféis agus castaí gan dealramh – sin agat an scannán aicsin is déanaí ag Tom Cruise 

‘Jack Reacher – Never go Back’? Ná fill arís Tom Cruise, tá do bhuile tugtha…

Jack Reacher – Never go Back
Stiúrthóir: Edward Zwick
Cliar: Tom Cruise, Cobie Smulders, Danika Yarosh, Patrick Hewusinger.

Tráth dá raibh bhí Tom Cruise ar dhuine de na piardaí ba mhó in Hollywood. Go deimhin nuair a bhí sé i mbarr a mhaitheasa ba bheag aisteoir, fireann ná baineann, a bhí inchurtha leis sa tslí go raibh sé in ann cumas aisteoireachta a nascadh le cumas pinginí a thuilleamh dos na pictiúrlanna.

Bhí sé i mbarr a réime i ndeireadh na n-ochtóidí agus isteach sna nóchaidí. Thug sé faoi thruflais shuntasach cosúil le Top Gun (1986) agus saothair níos sollúnta cosúil le Born on the Fourth of July (1988), taispeántas a thuill ainmniúchán Oscar dó. Is cuimhin liom go maith an bús a bhí in Iarthar Duibhneach nuair a tháinig sé (agus a bhean chéile ag an am, Nicole Kidman) ’n dúthaí do scannánú Far and Away (1992).

Le himeacht na mblianta chaith sé níos mó dúthrachta ag tóraíocht Oscar. Fuair sé dhá ainmniúchán eile: Jerry Maguire (1996) agus Magnolia (1999), an taispeántas is fearr uaidh, dar liom. Níor fíoraíodh an bhrionglóid sin riamh agus tá an chuma ar an scéal go bhfuil a hata caite leis an gcúram aige. Níorbh leasc leis riamh gáirí fé féin agus léirigh sé a acmhainn ghrinn in Tropic Thunder (2008).

I ndeireadh na dála, áfach, cuimhneofar air mar réalta agus ceann feadhna na saothar mór-ráchairte. Ar feadh na mblianta ba é an bas ar fad acu, in ainneoin a nasc le Scientology agus a chuid steipeadaíola ar chúitseanna.

‘Níl tuile dá mhéad nach dtránn,’ a deir  TG4 linn agus is fíor seo maidir leis an ‘gCruiser’. Cé go bhfuil dhá chnuasach (Reacher agus Mission Impossible) á thiomáint aige tá a laethanta mar laoch aicsin ag teacht chun críche. Ní haon iontas sin óir gur chnag sé an leathchéad ceithre bliana ó shin. Go deimhin i radharc amháin sa saothar seo, mheasas go raibh sé chun a chromán a chur as alt agus an chuma ar an mír gur glugar a bhí ann.

Bíodh sin mar atá, snámhfaidh sé in aghaidh eas na haoise fad is atá sé in ann. Ba é seo an dara gála den chnuasach Jack Reacher (carachtar atá bunaithe ar leabhair Lee Child). Níorbh aon ghaisce scannánaíochta an chéad scannán (a seoladh ceithre bliana ó shin) agus ní dóigh liom go dtáinig uisce le fiacla nuair a fógraíodh an scannán leantach.

An laoch beagfhoclach, dúnéaltach céanna curtha os ár gcomhair. Míreanna grinn anseo agus ansiúd, ceistiúchán ag oifigeach mórchúiseach ach go háirithe. Soláthraíodh babhtaí aicsin dúinn nárbh fhiú an deich triuf iad mar aon le meascán mearaí de charachtair thánaisteacha, fhánacha.

Deineadh iarracht chiotach a thuilleadh daonnachta a chur sa charachtar trí fhophlota faoi chailín (a d’fhéadfadh a bheith ina hiníon aige) a tharraingt isteach sa scéal. É sin agus é ag teacht i gcabhair ar oifigeach sna póilíní arm (a d’fhéadfadh a bheith mar leannán aige). B’eo leis an triúr ar fud Mheiriceá ag iarraidh comhcheilg agus camastaíl chomhlacht mór slándála a thabhairt chun solais. Fan na slí, bhí bithiúnach, gur geall le bithiúnach cartúin é sna sála air. N’fheadar sa diabhal cad a phioc  Zwick lena mhaide a chur san fheamainn. Seo an té a bhí ar an stiúir do tháirgí cumasacha cosúil le Traffic (2000), Shakespeare in Love (1998) agus Glory (1994).  Dríodar cainte, áiféis agus castaí gan dealramh.  Tá buille an Cruiser tugtha.

Fág freagra ar '‘Jack Reacher – Never go Back’? Ná fill arís Tom Cruise, tá do bhuile tugtha…'