Is olc an ghaoth… maireann mallacht RTÉ ar ‘The South Westerlies’

Níl aon teacht aniar i ndán don tsraith drámaíochta is déanaí ó RTÉ

Is olc an ghaoth… maireann mallacht RTÉ ar ‘The South Westerlies’

Sraith dhrámaíochta lonnaithe i gCorcaigh ach taifeadta i gCill Mhantáin. Saothar le muintir Chorcaí cé gur beag díobh, ná dá gcanúint, atá le feiscint ná le cloisint ann. Go deimhin, is mó den Iorua a chítear ar scáileán ná Corcaigh agus is mó Ioruach atá le feiscint ná Corcaígh.

Léiriú ann féin atá sa mhéid sin ar an tslí go gcuaigh an saothar seo sa bhfraoch ana-luath ar fad agus faoi dheireadh an chéad ghála, is léir nach fiú deich triuf an tsraith is déanaí ar RTÉ.

Taibhsítear dom go minic go bhfuil mallacht nó máchail éigin ar RTÉ ná féidir leo drámaíocht le dealramh a sholáthar dúinn. Do gach Love/HatePure Mule, bíonn saothar neafaiseach acu amhail The South Westerlies (RTÉ1, Dé Domhnaigh).

Is dóigh liom go raibh Ballykissangel agus an fothragadh faoin bpíblíne gháis i Ros Dumhach mar ábhar spreagtha de shaghas ag meitheal scríbhneoirí an tsaothair seo. Is meascán mearaí é sin gan aon agó. I dtosach an chéad ghála, címid Kate (Orla Brady) san Iorua agus í ag prapáil le tabhairt faoi phost mór tábhachtach leis an gcomhlacht tuirbíní gaoithe NorskVentus. An breac sa bhainne ná go bhfuil sé ina réabadh sa Charraigín in Iarthar Chorcaí maidir le tuirbíní atá ar na bioráin don dúthaigh. Tá a fhios ag na hIoruaigh go bhfuil nasc ag Kate leis an gceantar agus seoltar ann í le heolas a bhailiú faoin bhfeachtas go rúnda agus teacht timpeall ar lucht an fheachtais i ngan fhios. Chuige sin, déantar glanadh digiteach, nó digital wipe uirthi, le cinntiú nach mbeidh aon teacht ar a nasc leis an gcomhlacht. Is ríléir go bhfuilimid imithe ar bóiléagar cheana féin.

Buaileann sí an bóthar ó dheas (bhuel, chomh fada le Cill Mhantáin) agus a mac atá sna déaga lena hais. Sroicheann sí ceann scríbe agus is ansin a chaitear chugainn gach aon sórt seanchiúta agus carachtar seanchaite: an t-iar-leannán, an seanchara nach bhfuil sí chomh mór sin léi a thuilleadh, an tábhairneoir atá ina chomhairleoir contae, an bhean lóistín chainteach, leathanbhanda nach bhfuil ag obair, cábóga tuaithe, amhras orainn fé cé hé athair an mhic agus mar sin de.

Agus scríbhinn den sórt sin os comhair na n-aisteoirí, ní haon iontas go bhfuil an chuma orthu go dtuigeann siad gur i saothar gan dealramh atáid. Is mór an feall é sin agus aisteoirí cumasacha cosúil le Brady agus Patrick Bergin ann.

Má tá sé i gceist aon chíoradh a dhéanamh ar cheist an fhuinnimh in-athnuaite agus an chos ar bolg a bheith á himirt ar phobail tuaithe, ní raibh aon rian de le sonrú i gclár an Domhnaigh.

Níor éirigh leis na míreanna grinn an sprioc a aimsiú ach an oiread. Déarfainn gur mheall an téama agus an coincheap go leor le féachaint ar an gcéad ghála. Déarfainn gurb é an rud céanna a mheall RTÉ chomh maith. Ach ní leor téama agus coincheap.

Déarfainn go raibh cuid mhaith den lucht féachana céanna ag cúbadh chucu féin tar éis scaithimh agus nach bhfuil aon chuimhneamh acu féachaint ar na cúig chlár atá le téacht.

Maireann an mhallacht i gcónaí.

Fág freagra ar 'Is olc an ghaoth… maireann mallacht RTÉ ar ‘The South Westerlies’'

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Aontaíom go hiomlán. Truflais thrédhearcach agus airgead amú.

  • Pádraig

    Agus is dóigh gur chaith siad lear mó airgid air freisin! Ní bhíonn aon drogall ar RTÉ airgead a chur amú ar thruflais mar seo i mBéarla fad is a bhíonn lucht na gclár Gaeilge ag comhaireamh na bpingneacha i gcónaí!

  • Antain Mac Lochlainn

    Is fíor do Bhreandán, mar a bhíonn go hiondúil. Bheadh a fhios agat ón fhógra réamhphoiblíochta féin nárbh fhiú amharc air.

  • Paul Laughlin

    Níl aon amhras ach gur deargsheafóid atá ann. Ná caith do chuid ama air.

  • Seosaimhin Ní Bheaglaoich

    Ní foláir nó bhíosa a féachaint ar chlár eile ar fad leis an léirmheastóir gan trácht ar na tuairiscí atá fágtha ag daoine ar leithrigh
    Clár éatrom taithneamhach a chonacsa. Mná breâtha, fearaibh fearúla, radharcanna gléineacha, paiste cleachtan. Cad eile a bheadh ó dhuine trâthnóna De Domhnaigh taréis bheith ag éisteacht le scêalta uafáis Chovid agus Boris na mBréag le seachtain anuas.? Molaim go hárd an clár. Ní War and Peace á uainn.ab’ ea?