Is mór idir Trump agus Martin Luther King is John Hume

Tá tábhacht ar leith sa chomhthéacs idirnáisiúnta faoi láthair le droim láimhe a thabhairt le breabadh agus bagairt

Is mór idir Trump agus Martin Luther King is John Hume

Bhí beirt de bhuaiteoirí Ghradam Síochána Nobel á gceiliúradh le laethanta beaga anuas. Ba é an Luan Lá Martin Luther King, saoire oifigiúil i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ba é an Domhnach lá breithe John Hume a bheadh 89 dá mairfeadh sé. Bhí an bheirt fhear snaidhmthe le chéile in intinn aon duine a thug aird ar chaint Hume i gcaitheamh na mblianta. Laoch ag Hume ab ea MLK; seo mar a chuir sé críoch lena óráid Nobel in Osló i 1998: ‘I will now end with a quotation of total hope, the words of a former Laureate, one of my great heroes of this century, Martin Luther King Jr. – We shall overcome.’

Dearbhú ab ea stair na beirte go raibh fiúntas ag baint le gradam Nobel fiú má rinne an coiste botúin uaireanta. Bhí sé tráthúil a bheith in ann ionracas a lua leis i bhfianaise na baothchainte ó Uachtarán Trump Mheiriceá a thabharfadh le fios gur slaitín ocastóra í an onóir.

Tá a fhios ag cait an bhaile gur nimh agus domlas é don Uachtarán Trump go bhfuair Barack Obama gradam Nobel. Botún ab ea an cinneadh sin, go cinnte, ach ní shin is cúis le Trump a bheith in éad leis. Níor shaothraigh an tUachtarán Obama an onóir agus ba chosúil go bhfuair sé í toisc gurbh é an chéad fhear gorm a toghadh ina Uachtarán ar Mheiriceá. Níorbh é sin an t-aon bhotún; gan a dhul i bhfad leis an scéal ní gá ach Henry Kissinger a lua.

Tar éis cúpla mí ag fiuchadh faoi fhaillí nó masla choiste Nobel d’fhógair Trump go bhfuil údar aige neamhaird a dhéanamh den tsíocháin nó d’fhuascailt coimhlinte. Fearacht go leor eile shíl an scríbhneoir seo ar chéad léamh gur scigmhagadh a bhí san tuairisc ar an teachtaireacht chuig Príomh-Aire na hIorua. ‘Jonas a chara, ó rinne do thír cinneadh gan duais síochána Nobel a thabhairt dom as ucht stop a chur le breis is 8 gcogadh ní airím ceangal díriú feasta ar shíocháin amháin.’

Níor shásaigh freagra an Phríomh-Aire Jonas Gahr Store é gur coiste neamhspleách a dhéanann an cinneadh. Bhí teachtaireacht Trump chomh seafóideach go gceapfadh éinne nach ndéarfadh sé a thuilleadh faoi ach b’amhlaidh a leag sé breis béime ar an mbagairt don Ghraonlainn. Scéal thairis é, seans, ach is léir nár shásaigh seilbh ar bhonn Maria Corina Machado, ceannaire fhreasúra Veiniséala, é ach an oiread, cibé toradh a cheap sise a bheadh ar a bronntanas áiféiseach.

Más ‘díriú ar shíocháin’ a thugann an tUachtarán Trump ar a iompar le bliain, go dtí seo is iomaí tír eile a cheisteodh cad is brí leis. Ina measc tá an Iaráin, an tSiria, an Nigéir, gan trácht ar Veiniséala.

Cé chomh hinchreidte ag pobal Mheiriceá is atá an fear a gheall mar iarrthóir uachtaránachta nach mbeadh sé ag caitheamh acmhainní ar thrioblóidí eachtracha? Nuair a chuirtear san áireamh ICE, na mílístí atá curtha ar shráideanna sa bhaile aige, marú Renee Nicole Good agus an drochíde atá tugtha acu ar go leor eile, is léir an difríocht ollmhór idir cur chuige an Uachtaráin Trump agus na duais-bhuaiteoirí a bhí á gceiliúradh le cúpla lá anuas.

Cé go mba leis an ngluaiseacht chearta sibhialta do dhaoine gorma a bhí Martin Luther King Jr gafa, go príomha, d’éiligh sé cearta do gach uile dhuine, muintearas agus aitheantas beag beann ar threabh, cine, aicme nó náisiún. Ba í an fhealsúnacht chéanna a bhí ag John Hume a chreid gurbh fhearrde sinn an t-ilchineálachas. Ba é an t-aitheantas do gach duine agus an meas ar an iolarthacht bunphrionsabail na síochána.

Ní miste a thabhairt chun cuimhne gur thug King an t-airgead a bronnadh air mar chuid de ghradam Nobel don ghluaiseacht cearta sibhialta agus thug John Hume a chuid féin do dhá charthanacht. Ní ag cruinniú píosaí s bhí siad. Tá tábhacht ar leith sa chomhthéacs idirnáisiúnta faoi láthair le droim láimhe a thabhairt le breabadh agus bagairt; gá le fís a chothaíonn uaisleacht an duine.

Fág freagra ar 'Is mór idir Trump agus Martin Luther King is John Hume'