‘Is é Oileán Árainn Mhór an áit is flaithiúla ar domhan’ – dea-scéal Covid-19 ó Dhún na nGall

Cé go raibh droch-chuma ar Dhún na nGall sna ceannlínte le tamall mar gheall ar rátaí Covid sa chontae, chuir scéal eile ón gcontae faoi fheachtas UNICEF gliondar ar dhaoine ar fud na tíre

‘Is é Oileán Árainn Mhór an áit is flaithiúla ar domhan’ – dea-scéal Covid-19 ó Dhún na nGall

Árainn Mhór. Pictúr: Geyo John

Ó chuaigh an scéala amach ón tuairisceoir Eileen Magnier ó RTÉ faoi Árainn Mhór agus feachtas UNICEF don vacsaín in aghaidh Covid-19, níor stop an fón ag glaoch.

Deartháir agus deirfiúr, atá sna hochtóidí a tháinig chuig Elaine Barney Boyle, a labhair sa tuairisc. An bhféadfaidís airgead a thabhairt don scéim – ach ní rabhadar ar líne? Cinnte, d’fhéadfadh. Chuireadar an t-airgead ar aghaidh chuig Elaine agus chuir sise ar aghaidh chuig Unicef é.

Cé go raibh droch-chuma ar Dhún na nGall sna ceannlínte le tamall mar gheall ar rátaí Covid sa chontae, chuir an scéal seo ón oileán, nach bhfuil de dhaonra ann ach 450 duine, gliondar ar dhaoine ar fud na tíre.

‘Chuir daoine nach bhfuil aon aithne acu orm, airgead chugam ar PayPal,’ a dúirt Elaine. ‘Tháinig scéala ó bheirt eile chugam agus le teann náire b’éigean dom a admháil nár chuimhin liom castáil leo roimhe sin.’ ‘Níor chas,’ a dúirt siad. ‘Ach bhreathnaigh muid ar na meáin shóisialta, agus chonaic muid cé thú féin agus chuireamar an t-airgead chugat.’

Thosaigh sé beag.

Chuir an dochtúir áitiúil an Dr Victoria Bradley, póstaeirí suas sa siopa agus in Oifig an Phoist. ‘Get a Vaccine – Give a Vaccine’ teideal na scéime. Faoin scéim seo, cuireann an té a fhaigheann an vacsaín síntiús chuig Unicef, ag cuidiú le vacsaín sna tíortha bochta a mhaoiniú.

Nuair a chonaic Elaine, a bhfuil an-taithí aici ar fheachtais bailithe airgid, an póstaer chuaigh sí láithreach chuig na meáin shóisialta agus scaip an scéal.

‘Is é Oileán Árainn Mhór an áit is flaithiúla ar domhan,’ a dúirt Elaine. ‘Tabharfaidh siad airgead i gcónaí d’aon fheachtas carthanachta.’ Bíonn siúlóid chuile bhliain san oileán i gcuimhne ar na mairbh agus i mbliana reáchtáil siad siúlóid bhreise ar son chúis na vacsaíne – agus fuaireadar €500 breise don chiste.

Agus mé á scríobh seo tá an sprioc a bhí acu – €2,000 – bailithe amach acu anois. Cuimhnigh nach bhfuil ach 450 duine ar an oileán.

Coinníonn Elaine Gaeilgeoirí nuair a bhíonn an coláiste samhraidh ann – agus fuair sí roinnt téacsanna ó iarscoláirí a bhí ag iarraidh cuidiú leis an iarracht.

Ní raibh aon eolas ag daoine faoin scéim seo ag Unicef agus ar bhealach éigin, chuaigh sé i gcion ar dhaoine, nuair a chonaic siad tuairisc Eileen Magnier.

‘Bhí an t-ádh orainne in Árainn Mhór,’ a deir Elaine. ‘Tá dochtúir iontach againn – Victoria – agus fuair sise na vacsaíní i dtús ama do na daoine atá níos sine, agus atá faoi chúram agus mar sin de. Agus thosaigh daoine ag rá – ‘ba mhaith linn rud a dhéanamh ar a son siúd i dtíortha eile, nach bhfuil fáil acu ar vacsaíní.’’

Bhí mé fiosrach faoin dochtúir a thóg an chéad chéim chun scéim Unicef a phoibliú. Agus nuair a léigh mé fúithi , ba léir dom nárbh aon iontas é go mbeadh cur amach aici ar Unicef agus ar eagraíochtaí idirnáisiúnta mar iad.

Díreach sular bhris an phaindéim amach, bhí an Dr Victoria Bradley sa nuacht toisc go raibh sí i mbaol mór agus í i lár círéibe ar Oileán Lesbos, sa nGréig, i mí Márta anuraidh.

Chuaigh sí anonn chun cabhrú leis na teifigh a bhí ag plódú isteach ar an oileán ón Tuirc ag an am. Bhí na Turcaigh i ndiaidh na teorainneacha a oscailt go tobann agus scaoileadh na mílte míle teifeach isteach go Lesbos.

Ach chuir sé sin olc ar mhuintir Lesbos agus chuaigh na sluaite i mbun léirsithe in aghaidh, ní hé amháin in aghaidh na dteifeach ach in aghaidh aon duine a bhí ag cabhrú leo- dochtúirí Éireannacha ina measc.

B’éigean do Victoria agus dochtúirí eile teitheadh agus iad i mbaol a n-ionsaithe, b’fhéidir i mbaol a maraithe. D’ionsaigh na léirseoirí iad agus rinne smionagar dá gcuid carranna agus b’éigean dóibh fanacht leis na teifigh sa champa gur thángthas i gcabhair orthu.

Is léir nach ndearna sí aon dearmad ar na daoine bochta thar lear nach bhfuil áiseanna den chéad scoth acu, mar atá againne, nuair a d’fhill sí ar Árainn Mhór.

Thosaigh an feachtas beag leis an dá phóstaer áitiúil ach níorbh fhada gur fhás sé. Chuir Eileen Magnier ó RTÉ suim ann agus rinne scéal faoi ar Nuacht RTÉ.

Dúirt Aedín Donnelly, urlabhraí thar ceann Unicef liom gur chuir an scéal iontas an domhain orthu – bhí siad an-tógtha le feachtas Árainn Mhór. Cé gur eagraíocht chabhrach do pháistí iad Unicef, sa gcás seo tá siad ag díriú go speisialta ar dhaoine fásta – cheana féin tá 50 milliún dáileog vacsaíne tugtha amach acu i 121 tír ó mhí Márta.

Ar ndóigh, tá seantaithí ag muintir Árainn Mhór ar a bheith chun tosaigh chun a gcuid cearta a chosaint.

Rinne mé iontas go raibh siad in ann dochtúir lánaimseartha a choinneáil. ‘Ní hé amháin go bhfuil dochtúir againn, ach tá altra lánaimseartha againn freisin,’ a dúirt Elaine. ‘Rinneadh iarracht í a bhaint dínn, ach throid muid agus d’éirigh linn í a choinneáil – tá sí iontach!’

Tá an spiorad sin le braistint ar fud an oileáin. Nuair a labhair mé le Nóirín i gComharchumann Árainn Mhór, d’inis sí dom go bhfuil an t-oileán ag súil go mór leis an séasúr turasóireachta. Tá an ‘baile saoire,’ ocht gcinn de thithe a thóg an Comharchumann sa mbliain 1998, bucáilte amach don samhradh cheana féin. Beidh an Chultúrlann agus an caifé ar oscailt freisin.

Fiche seoladh in aghaidh an lae a dhéanfaidh an bád fartha i mbliana ó Ailt a’ Chorráin – an ceann deireanach ag 6.30 pm.

D’fhiafraigh mé d’Elaine an mbeadh fonn uirthi aistriú go dtí an mórthír. ‘Ní bheadh, ná baol air,’ a d’fhreagair sí. ‘Ní hionann an saol anois agus an saol a bhíodh anseo nuair a bhí cúrsaí taistil an-chrua.’

‘Ní ghlacann an turas ach thart ar 15 nóiméad ar an mbád fartha,’ a dúirt sí. Agus anuas air sin, tá an bád tarrthála agus an héileacaptar ar fáil freisin – is féidir imeacht as seo go hospidéal Leitir Ceanainn in imeacht 15 nóiméad.’

Ach an rud is tábhachtaí faoi scéim na vacsaíní, dar le Elaine, ná go dtabharfar cosaint do dhaoine ar fud an domhain dá bharr. ‘Nílimid slán go mbeidh gach duine slán,’ a dúirt sí.

Árainn Mhór – ceann de na hoileáin nach bhfuil mo chos leagtha air go fóill. Ach tá sé ar an liosta buicéid anois!

Fág freagra ar '‘Is é Oileán Árainn Mhór an áit is flaithiúla ar domhan’ – dea-scéal Covid-19 ó Dhún na nGall'